Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0270

    Cás T-270/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – JS v CRU (Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Tuarascáil Mheasúnachta – Measúnú foirne 2018 – Earráid fhollasach measúnaithe – Prionsabal na neamhchlaontachta – Cearta na cosanta – Airteagal 26 de na Rialacháin Foirne – Dualgas cúraim – Dliteanas)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 20–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/20


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – JS v CRU

    (Cás T-270/20) (1)

    (Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Tuarascáil Mheasúnachta - Measúnú foirne 2018 - Earráid fhollasach measúnaithe - Prionsabal na neamhchlaontachta - Cearta na cosanta - Airteagal 26 de na Rialacháin Foirne - Dualgas cúraim - Dliteanas)

    (2023/C 7/24)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: JS (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)

    Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: L. Forestier, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó D. Waelbroeck agus A. Duron, Dlíodóirí)

    Ábhar

    Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 7 Bealtaine 2020, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí a thuarascáil mheasúnachta a bhain le 2018 agus cinneadh an 22 Eanáir 2020 lena ndiúltaítear dá ghearán, ar neamhní, agus chomh maith leis sin, cúiteamh as an damáiste a rinneadh mar thoradh air sin.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do JS na costais a íoc.


    (1)  IO C 247, 27.7.2020.


    Top