This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62018TA0020
Case T-20/18: Judgment of the General Court of 26 April 2023 — CV v Commission (Civil service — Officials — Social security — Article 73 of the Staff Regulations — Common rules on the insurance against the risk of accident and of occupational disease — Occupational disease — Medical Committee — Article 22 — Refusal to recognise the occupational nature of a disease — Proper conduct of the pre-litigation procedure — Obligation to state reasons)
Cás T-20/18: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – CV v an Coimisiún (Státseirbhís – Oifigigh – Slándáil shóisialta – Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne – Comhrialacha maidir le hárachas in aghaidh riosca tionóisce agus galair cheirde – Galar ceirde – Coiste leighis – Airteagal 22 – Diúltú aitheantas a thabhairt do thionscnamh ceirde galair – Rialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta – Oibleagáid cúiseanna a lua)
Cás T-20/18: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – CV v an Coimisiún (Státseirbhís – Oifigigh – Slándáil shóisialta – Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne – Comhrialacha maidir le hárachas in aghaidh riosca tionóisce agus galair cheirde – Galar ceirde – Coiste leighis – Airteagal 22 – Diúltú aitheantas a thabhairt do thionscnamh ceirde galair – Rialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta – Oibleagáid cúiseanna a lua)
IO C 216, 19.6.2023, p. 38–38
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
19.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 216/38 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – CV v an Coimisiún
(Cás T-20/18) (1)
(Státseirbhís - Oifigigh - Slándáil shóisialta - Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne - Comhrialacha maidir le hárachas in aghaidh riosca tionóisce agus galair cheirde - Galar ceirde - Coiste leighis - Airteagal 22 - Diúltú aitheantas a thabhairt do thionscnamh ceirde galair - Rialtacht an nós imeachta réamhdhlíthíochta - Oibleagáid cúiseanna a lua)
(2023/C 216/48)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: CV (ionadaithe: F. Moyse agus L. Heisten, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr agus L. Vernier, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinneadh ón gCoimisiúin Eorpach an 20 Márta 2017 lena ndiúltaítear dá iarratas ar aitheantas a thabhairt do thionscnamh ceirde a ghalair agus cinneadh ón gCoimisiún an 15 Márta 2017 lena bhforchuirtear air costais agus táillí áirithe de chuid chomhaltaí an Choiste Leighis a rialaigh an iarraidh sin ar neamhní agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a mhaíonn sé a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar na cinntí sin.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do CV na costais a íoc. |