EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0999

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/999 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3221

IO L 136, 24.5.2023, p. 11–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/999/oj

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 136/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/999 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Bealtaine 2023

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh tagairt d’fhormheas Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Lúnasa 2024.

(4)

An 27 Aibreán 2016 cuireadh iarratas faoi bhráid na Sualainne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Spáinne, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chomh maith leis sin, chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 27 Iúil 2018. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan molann an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí formheas Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl don iarratasóir agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu, sheol sé comhairliúchán poiblí agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin.

(8)

An 12 Samhain 2020 chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (6) in iúl don Choimisiún, conclúid ina dtugtar le fios gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 19 Bealtaine 2021 agus an 25 Eanáir 2023, faoi seach.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (7), a bharúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 a athnuachan.

(13)

Is gá, áfach, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe de bhun Airteagal 14(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcás iarratais ar údarú maidir le húsáidí le haghaidh barra inite. Is iomchuí ansin, go háirithe, mar chur chuige réamhchúraim ar mhaithe le cosaint chothaithí tomhaltóirí a cheangal ar na Ballstát agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratais ar údaruithe le haghaidh táirgí ina bhfuil Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 le haghaidh úsáidí i mbarr inite, go socrófar íostréimhse ama idir leathadh na dtáirgí cosanta plandaí sin agus buaint na mbarr inite a thomhlaítear agus iad úr.

(14)

Ina theannta sin, is iomchuí a cheangal ar na Ballstáit, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratais ar údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52, aird ar leith a thabhairt ar chosaint oibreoirí agus oibrithe.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(16)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún (8) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52 go dtí an 15 Lúnasa 2024 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

Formheas na substainte gníomhaí Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 91/414/CEE an 8. Nollaig 2008 ón gComhairle chun roinnt miocrorgánach a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 330, 9.12.2008, lch. 6).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(6)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia). Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance B. thuringiensis subsp. israelensis strain AM65-52 [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach B. thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2020, DOI: 10.2903/j.efsa.2020,6317.

(7)  Cuireadh Rialachán (AE) 2020/1740 in ionad an Rialacháin sin ach, mar sin féin, tá feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun formheas substaintí gníomhacha a athnuachan: (1) ar substaintí gníomhacha iad a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) ar substaintí gníomhacha iad dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, ar Rialachán é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh sin.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, Bacillus thuringiensis fospeiceas Aizawai tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, Bacillus thuringiensis fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) tréithchineál AM65-52, Bacillus thuringiensis fospeiceas Kurstaki tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, piridibein, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spíonasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram ((IO L 91, 29.3.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52

Uimh. an Bhailiúcháin Saothrán ATCC 1276

Neamhbhainteach

Gan eisíontas ábhartha

1 Iúil 2023

30 Meitheamh 2038

Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, is gá conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi, a chur san áireamh.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go meastar gur íogróirí féideartha iad miocrorgánaigh iontu féin;

an dearbhú ón táirgeoir go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta chun a áirithiú go ndéanfar na teorainneacha ar éilliú micribhitheolaíoch a urramú, teorainneacha dá dtagraítear sa Doiciméad Oibre SANCO/12116/2012  (2);

cosaint pailneoirí fiáine agus orgánach uisceach (e.g. inveirteabraigh uisceacha ó thacsón Diptera go háirithe) i gcás úsáidí i bpáirceanna oscailte. Áireofar bearta sonracha maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, mar shampla:

trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach le haghaidh oibreoirí a úsáideann táirgí ina bhfuil Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52;

I gcás údarú maidir le húsáidí ar bharra inite, fágfar íostréimhse ama 3 lá idir leathadh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis AM65-52 agus buaint na mbarr inite a thomhlaítear agus iad úr, ach amháin mura léirítear sna sonraí iarmhar tomhaiste nó measta atá ar fáil maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis AM65-52 go bhfuil leibhéil na n-iarmhar sin faoi bhun 105 CFU/g tráth na buainte.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

(2)  pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf (europa.eu).


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 194 maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52;

(2)

i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘161

Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52

Uimh. an Bhailiúcháin Saothrán ATCC 1276

Neamhbhainteach

Gan eisíontas ábhartha

1 Iúil 2023

30 Meitheamh 2038

Chun na prionsabail aonfhoirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur chun feidhme, is gá conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi, a chur san áireamh.

Sa mheasúnú foriomlán sin, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go meastar gur íogróirí féideartha iad miocrorgánaigh iontu féin;

an dearbhú ón táirgeoir go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta chun a áirithiú go ndéanfar na teorainneacha ar éilliú micribhitheolaíoch a urramú, teorainneacha dá dtagraítear sa Doiciméad Oibre SANCO/12116/2012 (2).

cosaint pailneoirí fiáine agus orgánach uisceach (e.g. inveirteabraigh uisceacha ó thacsón Diptera go háirithe) i gcás úsáidí i bpáirceanna oscailte. Áireofar bearta sonracha maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, mar shampla:

trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach le haghaidh oibreoirí a úsáideann táirgí ina bhfuil Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis tréithchineál AM65-52;

I gcás údarú maidir le húsáidí ar bharra inite, fágfar íostréimhse ama 3 lá idir leathadh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis AM65-52 agus buaint na mbarr inite a thomhlaítear agus iad úr, ach amháin mura léirítear sna sonraí iarmhar tomhaiste nó measta atá ar fáil maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis AM65-52 go bhfuil leibhéil na n-iarmhar sin faoi bhun 105 CFU/g tráth na buainte.’


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.

(2)  pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf (europa.eu).


Top