EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1007

Cinneadh (AE) 2023/1007 ón gComhairle an 25 Aibreán 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar Airteagail den Choinbhinsiún sin agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis

ST/7759/2023/INIT

IO L 136, 24.5.2023, p. 57–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1007/oj

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 136/57


CINNEADH (AE) 2023/1007 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Aibreán 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar Airteagail den Choinbhinsiún sin agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (1) (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm in 1992 agus tugadh i gcrích thar ceann an Aontais é le Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle (2).

(2)

I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún, tá Comhdháil na bPáirtithe le leasuithe ar an gCoinbhinsiún, agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis a mheas agus a ghlacadh, de réir mar is gá.

(3)

Rinne Comhdháil na bPáirtithe, le linn a 15ú cruinniú i mí an Mheithimh 2022, togra le haghaidh leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a mheas, ar leasuithe iad a thíolaic Cónaidhm na Rúise. Is é is aidhm don togra sin teorainn ama 30 lá a bhunú ar laistigh di a thabharfaidh Stát allmhairiúcháin freagra ar an bhfógróir maidir le loingsiú dramhaíola, agus cuimsítear sa togra sin athrú amháin eile a chuirtear i láthair mar athrú eagarthóireachta. Chinn Comhdháil na bPáirtithe breithniú an togra sin a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe.

(4)

Cuireadh togra isteach freisin thar ceann an Aontais chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus phléigh Comhdháil na bPáirtithe é, le linn an 15ú cruinniú dá cuid. Is é is aidhm don togra, inter alia, tuairiscí ar na hoibríochtaí diúscartha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus a shoiléiriú agus, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh: réamhrá ginearálta a chur san áireamh lena ndéantar idirdhealú soiléir idir na téarmaí ‘neamh-aisghabháil’ agus ‘aisghabháil’; teidil agus téacsanna réamhráiteacha a chur isteach freisin lena mínítear an bhrí atá le ‘oibríochtaí neamh-aisghabhála’ (Iarscríbhinn IV, Roinn A) agus le ‘oibríochtaí aisghabhála’ (Iarscríbhinn IV, Roinn B); a shoiléiriú go gcumhdaítear gach oibríocht diúscartha a tharlaíonn nó a d’fhéadfadh tarlú i gcleachtas cibé stádas dlíthiúil atá aici agus cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil siad fónta ó thaobh an chomhshaoil de, agus go gcumhdaítear gach oibríocht a tharlaíonn roimh oibríochtaí eile freisin; na tuairiscí ar oibríochtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú i gcomhréir le forbairtí eolaíocha, teicniúla agus forbairtí eile a tharla ó glacadh an Coinbhinsiún in 1989; agus a áirithiú, trí fhorálacha uileghabhálacha a thabhairt isteach, go gcumhdaítear le ceanglais an Choinbhinsiúin na hoibríochtaí uile nach luaitear go sonrach. Chinn Comhdháil na bPáirtithe an togra sin a bhreithniú a thuilleadh ag an gcéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe.

(5)

I ndail leis an togra le haghaidh leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a thíolaic Cónaidhm na Rúise isteach, níor cheart don Aontas tacú leis, ós rud é nach gcuideodh na leasuithe le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a mheasann an tAontas a bheith ina dtosaíochtaí le haghaidh fheidhmiú nós imeachta an Choinbhinsiúin um ‘thoiliú feasach roimh ré’. Ina theannta sin, ní mór dul trí phróiseas fada dian chun go dtiocfaidh leasuithe ar chorp théacs an Choinbhinsiúin i bhfeidhm agus dealraíonn sé a bheith díréireach tús a chur le próiseas den sórt sin le haghaidh leasú nach mbaineann aon bhreisluach leis nó nach mbaineann leis ach fíorbheagán breisluacha.

(6)

I ndáil leis an togra chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a leasú, ba cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú lena ghlacadh. D’fhonn comhthoil a bhaint amach maidir leis an togra seo, d’fhéadfadh an tAontas solúbthacht a léiriú, go háirithe maidir leis na bearta atá beartaithe nach dócha go mbeidh tacaíocht leordhóthanach ann chun iad a ghlacadh ag an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe. Áirítear leis sin, mar shampla, an plé maidir leis na hábhair is conspóidí a chur siar (ullmhú le haghaidh na hathúsáide agus oibríochtaí uileghabhálacha, mar shampla), comhaontú a lorg maidir leis na gnéithe eile den togra agus tacú le leasuithe a d’fhéadfadh Páirtithe eile a mholadh, ar choinníoll go bhféadfaidís na cuspóirí céanna agus atá taobh thiar de thograí an Aontais a bhaint amach, ar tograí iad maidir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i ndáil leis na dtograí sin a bhunú, ós rud é go mbeadh na gníomhartha atá beartaithe dá nglacfaí iad, ina leasuithe ar théacs an Choinbhinsiúin agus leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún araon, agus go mbeadh siad dá bhrí sin, ina ina gceangal ar an Aontas agus go ndéanfaidh siad difear d’ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir 2008/98/CE (3), agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 16ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel an méid seo a leanas:

(a)

níor cheart don Aontas tacú leis an togra le haghaidh leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún, togra a thíolaic Cónaidhm na Rúise;

(b)

leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú le glacadh leasuithe ar Iarscríbhinn IV agus ar iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Chun a áirithiú go dtiocfar ar chomhthoil maidir le leasú ar Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, más gá sin, féadfaidh an tAontas solúbthacht a léiriú agus aontú imeacht ón togra a thíolaic sé lena bhreithniú ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, agus tacú le hathruithe féideartha eile a d’fhéadfadh na cuspóirí céanna agus atá mar bhonn de thograí an Aontais a bhaint amach, ar tograí iad maidir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, agus nach mbaineann an bonn de chóras dlí an Aontais maidir le bainistiú agus loingsithe dramhaíola.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe de chuid an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh breise ón gComhairle mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagail 1 pointe (b) a chomhaontú, i bhfianaise forbairtí ag an 16ú cruinniú de Comhdháil na bPáirtithe,.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO L 39, 16.2.1993, lch. 3.

(2)  Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail, an Choinbhinsiún maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt (Coinbhinsiún Basel) (IO L 39, 16.2.1993, lch. 1).

(3)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.)


Top