EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1035

Rialachán (AE) 2022/1035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

PE/26/2022/REV/1

IO L 173, 30.6.2022, p. 46–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1035/oj

30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/46


RIALACHÁN (AE) 2022/1035 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (c), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi acquis Schengen, go háirithe Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Cód Teorainneacha Schengen) náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas agus náisiúnaigh tríú tír a tháinig isteach go dleathach ar chríoch Ballstáit, féadfaidh siad taisteal faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát uile eile le linn thréimhse 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá.

(2)

Bunaíodh Deimhniú Digiteach COVID-19 AE le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ina leagtar amach creat coiteann chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta a éascú maidir le saoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh le linn phaindéim COVID-19. Bhí Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ag gabháil leis an Rialachán sin, lenar leathnaíodh an creat maidir le Deimhniú Digiteach COVID-19 AE chuig náisiúnaigh tríú tír a chumhdach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais.

(3)

Tá Rialacháin (AE) 2021/953 agus (AE) 2021/954 le dul in éag an 30 Meitheamh 2022. Mar sin féin, tá paindéim COVID-19 fós ann agus d’fhéadfadh tionchar diúltach fós a bheith ag ráigeanna na n-athraitheach ar díol imní iad ar thaisteal laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse cur i bhfeidhm na Rialachán sin a fhadú ionas go bhféadfar leanúint de Dheimhniú Digiteach COVID-19 AE a úsáid.

(4)

Cuirfear 12 mhí le tréimhse cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/953. Ós rud é gurb é cuspóir Rialachán (AE) 2021/954 cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/953 a leathnú chun catagóirí áirithe náisiúnach tríú tír a chumhdach, ar náisiúnaigh tríú tír iad atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas, ba cheart ré a chur i bhfeidhm a bheith nasctha go díreach le ré chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/953. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/954 a leasú dá réir.

(5)

Níor cheart an tuiscint a bhaint as an Rialachán seo gur Rialachán é lena n-éascaítear nó lena spreagtar srianta taistil ar an tsaorghluaiseacht a ghlacadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Sa bhreis air sin, aon cheanglas maidir le deimhnithe a fhíorú arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ní thugtar údar ar bith leis rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach. Ba cheart seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a bheith ina rogha dheiridh i gcónaí, faoi réir rialacha sonracha a leagtar amach i gCód Teorainneacha Schengen.

(6)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(7)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Chun go mbeidh na Ballstáit in ann, faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/953, glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Éirinn do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a críoch chun taisteal laistigh de chríocha na mBallstát a éascú, ba cheart d’Éirinn deimhnithe COVID-19 a eisiúint do na náisiúnaigh tríú tír sin lena gcomhlíontar ceanglais an chreata iontaoibhe le haghaidh Dheimhniú Digiteach COVID-19 AE. Ba cheart d’Éirinn agus do na Ballstáit eile glacadh le deimhnithe arna n-eisiúint do náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear leis an Rialachán seo ar bhonn cómhalartachta.

(8)

Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir, leis an Rómáin agus leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (6) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (8) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11).

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/954 a leasú dá réir,

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an taisteal a dhéanann náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 a éascú trí chreat a bhunú chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 maidir le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, toradh thástáil COVID-19 nó téarnamh ó COVID-19 maidir leis an duine a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú

(14)

Chun go bhféadfar é a chur i bhfeidhm go pras agus go tráthúil chun leanúnachas Dheimhniú Digiteach COVID-19 AE a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug siad comhthuairim an 14 Márta 2022 (13),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/954:

“Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021 fad is atá Rialachán (AE) 2021/953 infheidhme.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. RIESTER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2022.

(2)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID 19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(5)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(7)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(8)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(9)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(10)  IO L 160, 18.6.2011 lch. 21.

(11)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Top