EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2459

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2459 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia

ST/15216/2022/INIT

IO L 321, 15.12.2022, p. 18–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 17/04/2024; Arna aisghairm le 32024D1231

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2459/oj

15.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/18


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2459 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Nollaig 2022

maidir le táille víosa mhéadaithe a chur i bhfeidhm i ndáil leis an nGaimbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (1), agus go háirithe d’Airteagal 25a(5), pointe (b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, tá an Coimisiún le measúnú tráthrialta a dhéanamh ar chomhar na dtríú tíortha maidir le hathligean isteach. Bunaithe ar an measúnú a rinneadh i gcomhréir leis an bhforáil sin, measadh nach raibh an comhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach iomchuí. Agus aird á tabhairt ar na céimeanna a glacadh chun feabhas a chur ar an leibhéal comhair, agus ar chaidreamh foriomlán an Aontais leis an nGaimbia, measadh nach raibh an comhar leis an nGaimbia i réimse an athligean isteach iomchuí agus gur ghá don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh dá bhrí sin.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 25a(5), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, an 7 Deireadh Fómhair 2021, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle (2), lenar cuireadh cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ar fionraí go sealadach maidir le náisiúnaigh áirithe den Ghaimbia.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 25a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, rinne an Coimisiún measúnú leanúnach ar an gcomhar leis an nGaimbia maidir leis an athligean isteach tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781. Léiríonn an measúnú nach bhfuil aon fheabhas mór tagtha ar chúrsaí, óir tá dúshláin fós ag baint leis an gcomhar maidir leis an tsainaithint agus an bhfilleadh, níor chloíodh leis an tréimhse ama a leagadh síos sa socrú AE-an Ghaimbia um athligean isteach, agus bhí moratóir ar fhillteacha ar eitiltí cairtfhostaithe, moratóir a thug an Ghaimbia isteach go haontaobhach, fós i bhfeidhm go dtí mí an Mhárta 2022. D’ainneoin roinnt forbairtí teoranta, go háirithe eisiúint trí chead tuirlingthe le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh a rinneadh tar éis don mhoratóir arna tabhairt isteach ag an nGaimbia a bheith curtha ar fionraí, tá an comhar maidir leis an athligean isteach fós neamh-iomchuí agus tá gá fós le feabhsuithe suntasacha agus inbhuanaithe.

(4)

Is éard a mheasann an Choimisiúin go bhfuil comhar na Gaimbia leis an Aontas i réimse an athligean isteach fós neamh-iomchuí, d’ainneoin na mbeart a glacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781, agus gur gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh dá bhrí sin, gan difear a dhéanamh do ChinneadhCur Chun Feidhme (AE) 2021/1781.

(5)

Le cur i bhfeidhm táille víosa mhéadaithe, de réir a chéile, ar náisiúnaigh den Ghaimbia, ba cheart go gcuirfí in iúl go soiléir d’údaráis na Gaimbia gur gá na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an athligean isteach.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag táille víosa EUR 120, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). I gcomhréir leis an Rialachán sin, ní bhaineann an táille sin le leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois. Níor cheart feidhm a bheith aige ach oiread maidir le hiarratasóirí a ndéantar an táille víosa a tharscaoileadh nó a laghdú ina leith i gcomhréir le Rialachán (EC) Uimh. 810/2009.

(7)

Níor cheart aon difear a dhéanamh leis an gCinneadh seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena leathnaítear an ceart chun saorghluaiseachta chuig baill teaghlaigh, gan beann ar a náisiúntacht, nuair a bhíonn siad ag taisteal in éineacht le saoránach de chuid an Aontais nó ag taisteal chun bheith in éineacht leis. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill teaghlaigh de chuid saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, ná maidir le baill teaghlaigh de chuid náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaach den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír.

(8)

Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear a n-oibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta nó do chomhdhálacha idirnáisiúnta arna dtionól ag na Náisiúin Aontaithe nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta eile atá á n-óstáil ag Ballstáit. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag cur i bhfeidhm na táille víosa méadaithe maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia, a dhéanann iarratas ar víosa, a mhéid is gá sin chun go gcomhlíonfaidh Ballstáit a n-oibleagáidí mar thíortha óstacha d’eagraíochtaí den sórt sin nó do chomhdhálacha den sórt sin.

(9)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, cé acu a chuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é nó nach gcuirfidh.

(10)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(11)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (6), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7).

(12)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9).

(13)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11).

(14)

Is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (AE) 2018/1806.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia atá díolmhaithe ón gceanglas víosa faoi Airteagal 4 nó Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/1806.

3.   Beidh an Cinneadh seo gan dochar don fhéidearthacht tarscaoileadh nó laghdú a dhéanamh ar mhéid na táille víosa a mhuirearófar i gcásanna aonair, i gcomhréir le hAirteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

4.   Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le náisiúnaigh den Ghaimbia a dhéanann iarratas ar víosa, ar baill teaghlaigh iad de chuid saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo, nó ar baill teaghlaigh iad de chuid náisiúnaigh tríú tír a thairbhíonn de cheart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tír.

5.   Beidh an Cinneadh seo gan dochar do na cásanna ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, eadhon:

(a)

mar thír óstach d’eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach do chomhdháil idirnáisiúnta arna tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce nó ag eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta eile atá á n-óstáil ag Ballstáit nó faoina gcoimirce sin;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó,

(d)

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil, arna leasú go deireanach.

6.   Beidh an Cinneadh seo gan dochar do na bearta dá bhforáiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 agus a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCinneadh sin.

Airteagal 2

Táille víosa a chur i bhfeidhm

Íocfaidh náisiúnaigh den Ghaimbia a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar víosa táille víosa EUR 120.

Airteagal 3

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblachta na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. RAKUŠAN


(1)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1781 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar fionraí a mhéid a bhaineann leis an nGaimbia (IO L 360, 11.10.2021, lch. 124).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (códú) (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(4)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart saoránach den Aontas agus a mball teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(5)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(7)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(8)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(9)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(10)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(11)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


Top