Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0523

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/523 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AU, Euratom) 2018/194 maidir leis na costais bhailithe agus le samhlacha le haghaidh ráitis chuntais maidir le teidlíochtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta agus le foirm le haghaidh tuarascálacha ar mhéideanna nach féidir a aisghabháil

C/2022/1784

IO L 104, 1.4.2022, pp. 153–163 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/523/oj

1.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/153


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/523 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AU, Euratom) 2018/194 maidir leis na costais bhailithe agus le samhlacha le haghaidh ráitis chuntais maidir le teidlíochtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta agus le foirm le haghaidh tuarascálacha ar mhéideanna nach féidir a aisghabháil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, acmhainní dílse CBL agus acmhainní dílse bunaithe ar OIN a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim (1) a chomhlíonadh, go háirithe Airteagal 6(4) agus Airteagal 13(3) den Rialachán sin,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 ón gCoimisiún (2), maidir le cuid de na samhlacha a úsáideann na Ballstáit chun faisnéis a chur in iúl don Choimisiún, is gá iad a uasdátú agus a fheabhsú chun go gcuirfear san áireamh an taithí a fuarthas le blianta beaga anuas ag úsáid na samhlacha. Chuige sin, maidir leis na samhlacha in Iarscríbhinní I, II, III agus V a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, agus a úsáidtear chun na ráitis chuntais dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a tharchur, agus maidir leis na tuarascálacha maidir le méideanna nach féidir a aisghabháil agus a fhreagraíonn do theidlíochtaí ar acmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 13(3) den Rialachán sin, ba cheart iad a ionadú le samhlacha agus tuarascálacha nua.

(2)

Tugadh ráta asbhainte 25 % isteach le Cinneadh (AU, Euratom) 2020/2053 (3) ón gComhairle chun costais a bhaineann le bailiú acmhainní dílse “traidisiúnta” a chumhdach. Is gá, dá bhrí sin, an ráta asbhainte sin a léiriú sna samhlacha a úsáideann Ballstáit maidir le tarchur na ráiteas míosúil ar chuntas “A” mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194. Sna samhlacha in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin ba cheart a léiriú freisin na rátaí éagsúla atá le cur i bhfeidhm, ag brath ar an dáta a dhlitear an méid a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais.

(3)

Tar éis céimniú amach na dtobhach siúcra a thabhairt chun cinn de réir Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (4) is féidir na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 a shimpliú trí fhochatagóirí uile na dtobhach sin a chumasc.

(4)

Maidir leis an tuarascáil in Iarscríbhinn V dá dtagraítear in Airteagal 13(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, ba cheart na fíorais go léir is gá a bheith ar áireamh inti le haghaidh scrúdú iomlán ar na cúiseanna a chuir cosc ar na Ballstáit méideanna ba mhó ná EUR 100 000, agus a measadh nó a dearbhaíodh nach féidir iad a aisghabháil, a chur ar fáil, lena n-áirítear na bearta aisghabhála a ghlac na Ballstáit. Mar sin féin, uaireanta ní líontar isteach i gceart na tuarascálacha arna dtíolacadh faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 nó uaireanta ní bhíonn siad i gcomhréir le faisnéis eile atá ar fáil agus ar an gcúis sin is gá iarrataí ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh ar na Ballstáit lena mbaineann. Dá bhrí sin, is iomchuí roinnt soiléirithe a chur ar áireamh sna foirmeacha atá ann cheana amhail i dtaobh mhéideanna na gceartúchán a taifeadadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 agus i dtaobh na dtásc ar na hionstraimí dlí a úsáideadh mar bhunús le haisghabháil fhorfheidhmithe faoin dlí náisiúnta.

(5)

D’fhonn a ndóthain ama a thabhairt do Bhallstáit iad féin a chur in oiriúint do na leasuithe a tugadh isteach leis na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm na leasuithe sin a chur siar.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 3;

(2)

cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I, II agus III;

(3)

cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn V.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (2) ón 1 Iúil 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 168, 7.6.2014, lch. 39.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE, Euratom) 2018/194 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2018 lena mbunaítear samhlacha le haghaidh ráitis chuntais maidir le teidlíochtaí ar acmhainní dílse agus foirm le haghaidh tuarascálacha ar mhéideanna nach féidir a aisghabháil agus a fhreagraíonn do na teidlíochtaí ar acmhainní dílse de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (IO L 36, 9.2.2018, lch. 20).

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671)


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

Ballstát:

Mí/bliain:


(airgeadra náisiúnta)

CINEÁL NA hACMHAINNE

De chuid na mBallstát: tagairt (roghnach)

Méideanna arna leagan síos le linn na míosa seo (2)

Méideanna a aisghabháladh ó chuntas ar leithligh (3)

Ceartúcháin ar theidlíochtaí a socraíodh níos túisce (4)

Ollmhéideanna

Glanmhéideanna

+

-

(1)

(2)

(3)

(4)

(5) = (1) + (2) + (3) - (4)

(6)

1210

Dleachtanna custaim (gan dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála san áireamh)

 

 

 

 

 

 

 

1230

Dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála ar tháirgí

 

 

 

 

 

 

 

1240

Dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála ar sheirbhísí

 

 

 

 

 

 

 

12

DLEACHTANNA CUSTAIM

 

 

 

 

 

 

 

1100

Tobhaigh shiúcra

 

 

 

 

 

 

 

11

TOBHAIGH SHIÚCRA

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN 12 + 11

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

– costais bhailithe 25 % (5)

- costais bhailithe 20 % (6)

- costais bhailithe 25 % (7)

- costais bhailithe 10 % (8)

 

 

 

 

Iomlán atá le híoc leis an Aontas Eorpach

 

 

IARSCRÍBHINN II

Mí/Bliain


(airgeadra náisiúnta)

Ollmhéid na n-acmhainní dílse a aisghabháladh

Tagairtí do neamhrialtachtaí nó moilleanna maidir le hacmhainní dílse a shocrú, a chur isteach sna cuntais agus a chur ar fáil, is neamhrialtachtaí nó moilleanna a nótáladh de thoradh ar iniúchtaí Aontais (10)  (11)  (12)

Ráta asbhainte le cur i bhfeidhm (13)

Méideanna a áirítear faoin gceannteideal “Iomlán atá le híoc leis an Aontas Eorpach”

Faisnéis eile (14)

 

 

25 % (ón 1 Márta 2021 ar aghaidh)

20 % (1 Márta 2014 - 28 Feabhra 2021)

25 % (1 Márta 2001 - 28 Feabhra 2014)

10 % (roimh an 28 Feabhra 2001)

 (15)

Níl (16)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Méid Iomlán:

 

IARSCRÍBHINN III

Ballstát:

Ráithe/bliain:


(airgeadra náisiúnta)

CINEÁL NA hACMHAINNE

Méid gan íoc ón ráithe roimhe seo

Socrú teidlíochtaí I ndáil leis an ráithe reatha

Ceartú socruithe (Airteagal 8) (18)

Méideanna nach féidir a aisghabháil agus nach féidir a chur ar fáil ar chúiseanna a bhfuil údar leo (Airteagal 13(2)) (20)

Méid Iomlán

(1 + 2 ± 3 – 4)

Méideanna a aisghabháladh le haghaidh bhuiséad AE le linn na ráithe reatha (21)  (22)

Gan íoc ag deireadh na ráithe reatha

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7) = (5) – (6)

1210

Dleachtanna custaim (gan dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála san áireamh)

 

 

 

 

 

 

 

1230

Dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála ar tháirgí

 

 

 

 

 

 

 

1240

Dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála ar sheirbhísí

 

 

 

 

 

 

 

12

DLEACHTANNA CUSTAIM

 

 

 

 

 

 

 

1100

Tobhaigh shiúcra

 

 

 

 

 

 

 

11

TOBHAIGH SHIÚCRA

 

 

 

 

 

 

 

IOMLÁN 12 + 11

 

 

 

 

 

 

 

 

Meastachán ar mhéideanna a socraíodh agus nach dócha go ndéanfar iad a aisghabháil (22)

 


(1)  Lena n-áirítear teidlíochtaí de thoradh ar iniúchtaí agus cásanna inar braitheadh calaois agus neamhrialtachtaí.

(2)  Lena n-áirítear ceartúcháin chuntasaíochta.

(3)  Lena n-áirítear méideanna a dearbhaíodh nó a measadh nach féidir iad a aisghabháil ar chúiseanna atá inchurtha i leith na mBallstát.

(4)  Ceartúcháin ar theidlíochtaí a socraíodh i dtosach báire, go háirithe cásanna aisghabhála iar-imréitigh agus aisíocaíochta. I gcás siúcra, ní mór do cheartúcháin a bhaineann le blianta roimhe sin an bhliain mhargaíochta chomhfhreagrach a lua.

(5)  Tá an ráta asbhainte 25 % le cur i bhfeidhm ar mhéideanna a bhí le cur ar fáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme, tar éis an 28 Feabhra 2021.

(6)  Tá an ráta asbhainte 20 % le cur i bhfeidhm ar mhéideanna a bhí le cur ar fáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme, idir an 1 Márta 2014 agus an 28 Feabhra 2021.

(7)  Tá an ráta asbhainte 25 % le cur i bhfeidhm ar mhéideanna a bhí le cur ar fáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme, idir an 1 Márta 2001 agus an 28 Feabhra 2014.

(8)  Tá an ráta asbhainte 10 % le cur i bhfeidhm ar mhéideanna a bhí le cur ar fáil, i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme, roimh an 28 Feabhra 2001.

(9)  Airteagal 2(3) nó Airteagal 4(6), an tríú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768.

(10)  Tá tagairtí do thuarascálacha de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 le taispeáint sa cholún seo freisin.

(11)  Tá tagairtí do litreacha agus tuarascálacha iniúchta ón gCoimisiún le lua sa cholún seo freisin.

(12)  Más infheidhme, luafar na tagairtí sonracha seo a leanas freisin:

(a)

tagairt OWNRES;

(b)

tagairtí chun íocaíochtaí aonair a bhaineann le freagracht airgeadais Ballstát as earráidí riaracháin a shainaithint;

(c)

tagairtí do na cinntí náisiúnta, mar a áirítear freisin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas ar an gcuntas ar leithligh (Iarscríbhinn IV) i gcásanna ina measann an Ballstát go huathrialaitheach nach gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 13(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 agus ina gcuirtear TOR ar fáil go deonach.

(13)  Cuir X in aice an ráta coinneála atá le cur i bhfeidhm ar an méid.

(14)  Áirigh faoin gceannteideal seo faisnéis bhreise maidir le gach méid a chuirtear isteach san iarscríbhinn:

(a)

i gcás ina gcuirtear méid ar fáil ar leithligh ón gcuntas míosúil reatha agus nach n-áirítear é faoin gceannteideal “Méid iomlán atá le híoc leis an Aontas Eorpach”, cuir in iúl anseo an dáta a cuireadh an méid ar fáil agus faisnéis chun an méid i gceist a shainaithint;

(b)

cuir in iúl anseo cé acu a dhéantar íocaíocht faoi fhorchoimeádas;

(c)

gnáth-dháta ar a bhfuil an méid le cur ar fáil.

(15)  Cuir X anseo i gcás go bhfuil an méid ar áireamh sa chuntas míosúil reatha.

(16)  Cuir X anseo i gcás go raibh an méid curtha ar fáil ar leithligh agus nach raibh sé ar áireamh i ráiteas nó Iarscríbhinn roimhe seo.

(17)  Cuntas “B” a choinnítear de bun an dara fomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, lena n-áirítear teidlíochtaí a socraíodh de thoradh ar iniúchtaí agus cásanna inar braitheadh calaois agus neamhrialtachtaí.

(18)  Tuigfear gur ceartúcháin iad ceartúcháin ar shocruithe teidlíochtaí, lena n-áirítear cealuithe de thoradh ar athbhreithniú ar an socrú teidlíochta tosaigh ag éirí as ráithí roimhe sin. Tá difríocht de réir a gcineáil idir na cinn seo agus na cinn a chuirtear isteach i gcolún (4).

(19)  Tá na cásanna go léir le leagan amach in Iarscríbhinn IV, rud atá le cur ar ais an tráth céanna a chuirtear an ráiteas ráithiúil seo ar ais. An t-iomlán le haghaidh an cholúin seo (4) agus an t-iomlán le aghaidh cholún 2 d’Iarscríbhinn IV, beidh siad mar a gcéanna.

(20)  An t-iomlán le haghaidh an cholúin seo, beidh sé mar an gcéanna leis an iomlán a thugtar i gcolún (2) den ráiteas ar chuntas “A” le haghaidh na 3 mhí lena mbaineann.

(21)  Lena n-áirítear na méideanna go léir nár aisghabháladh ó fhéichiúnaithe ar chúiseanna atá inchurtha i leith an Bhallstáit. Is gá iad seo a chur isteach i gcolún 2 den ráiteas ar chuntas “A” (Iarscríbhinn I) agus ar an gcaoi chéanna tá siad le taispeáint i gcolún 1 d’Iarscríbhinn IV.

(22)  Éigeantach le haghaidh na ráithe deiridh do gach bliain. I gcás ina meastar méid nialas a bheith ann, cuirfear isteach an focal ‘neamhní’.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN V

Formáid na tuarascála (1) ar mhéideanna nach féidir a aisghabháil agus a fhreagraíonn do theidlíochtaí ar acmhainní dílse

Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, ní mór an fhaisnéis uile a chur ar fáil má tá sí ar fáil agus más ábhartha. Tá na méideanna go léir le léiriú in airgeadra an Bhallstáit lena mbaineann tráth an tuairiscithe.

1.   SONRAÍ GINEARÁLTA

Ballstát: …

Tagairt na tuarascála: …

(cód an Bhallstáit/an bhliain tuairiscithe/sraithuimhir na bliana tuairiscithe)

Tagairt d’fhoirm faisnéise ghaolmhar a cuireadh ar aghaidh roimhe seo de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768: …

An t-údar nach ann do thagairt don fhoirm faisnéise thuasluaite:

Baineann an cás le cigireacht an Aontais (Baineann/Ní bhaineann)

Tagairt do chigireacht ghaolmhar de chuid an Aontais: …

Méid iomlán nach féidir a aisghabháil: …

(Sonraigh anseo an méid iomlán nach féidir a aisghabháil ag éirí as na himthosca céanna - neamhrialtachtaí nó calaois lena mbaineann ar a laghad príomh-fhéichiúnaí coiteann amháin agus ar ar thángthas de thoradh ar an rialú céanna imréitigh nó iar-imréitigh)

An tÚdarás a dhearbhaigh nó a mheas nach féidir an méid a aisghabháil: …

Tagairt náisiúnta don chinneadh riaracháin neamh-in-aisghabháltachta: …

Féach an tríú colún d’Iarscríbhinn IV)

Dáta an chinnidh riaracháin neamh-in-aisghabháltachta: …

Dáta a measadh an méid a bheith neamh-in-aisghabháltachta: …

2.   FIACHAS A TABHAÍODH

An dáta, nó an tréimhse ar lena linn, a tabhaíodh an fiachas: …

Bunús dlí leis an bhfiachas a thabhú: …

(Na bunúis dlí a bhí ann roimh Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 (2) ón gComhairle, tá siad le léiriú trí úsáid a bhaint as an airteagal ábhartha de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92)

Ionadaíocht indíreach (Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó réamhtheachtaithe): (Tá/Níl)

An staid chustaim: …

(Nós imeachta custaim atá i bhfeidhm, staid na n-earraí nó cóireáil atá faofa ag lucht custaim tráth a tabhaíodh an fiachas custaim)

Sonraí breise atá le sonrú i gcás gluaiseachtaí idirthurais (le haghaidh gach gluaiseachta ar leithligh):

Dáta(í) glactha an dearbhaithe custaim (4): …

Ballstát nó Ballstáit imeachta nó teacht isteach san Aontas (Cód ISO): …

Ballstát nó Ballstáit ceann scríbe nó fágála an Aontais (Cód ISO):

MRN (5)(anna) na ndearbhuithe/an dearbhaithe idirthurais nó na n-oibríochtaí/na hoibríochta TIR:

Uimhir nó uimhreacha carnet TIR: …

An cineál seiceála ba chúis le socrú na teidlíochta: …

Seiceálacha nach mbaineann le dearbhú custaim a ghlacadh: …

Seiceálacha le linn dearbhú custaim a imréiteach, lena n-áirítear sampláil:

Seiceálacha tar éis imréitigh ach sula ndearnadh an nós imeachta custaim a urscaoileadh: …

Seiceálacha tar éis an nós imeachta custaim do na hearraí a urscaoileadh: …

Seiceálacha tar éis imréitigh agus na hearraí a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta: …

Dáta(í) a mheastar gur urscaoileadh an nós imeachta custaim nó na nósanna imeachta custaim, le cur in iúl i gcásanna custaim lena mbaineann socruithe fionraíochta amháin, faoi nósanna imeachta speisialta Chód Custaim an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar atá i gcás ina ndearbhaítear go calaoiseach gur bhain earraí a bhí ar idirthuras ceann scríbe amach:

Cur síos cuimsitheach ar na himeachtaí ba chúis le socrú na teidlíochta:

(Tabharfar aghaidh i gcónaí ar na ceisteanna seo a leanas: Cad a ghníomhachtaigh na seiceálacha nó na cigireachtaí agus cathain a gníomhachtaíodh iad? Cathain a chríochnaigh na seiceálacha nó na cigireachtaí (tabhair sonraí na tuarascála)? Cad iad na hearraí a bhí i gceist? Tabhair sonraí i dtaobh na bhforas ar ar seachnaíodh dleachtanna. Le linn na seiceála nó an imscrúdaithe, arbh fhéidir dleachtanna breise a ríomh agus féichiúnaí nó féichiúnaithe a shainaithint? Tabhair an dáta a sainaithníodh na féichiúnaithe éagsúla agus, más infheidhme, sonraigh codanna an fhiachais ar ina leith a tháinig siad chun bheith ina bhféichiúnaithe.)

An dáta a thosaigh an t-imscrúdú/an chigireacht chustaim/an rialú custaim: …

An dáta a rinneadh an tuarascáil ar an chigireacht chustaim/rialú custaim, lenar féidir féichiúnaí nó na féichiúnaithe agus méid na ndleachtanna breise a shainaithint: …

3.   CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

Cás a bhaineann le Cúnamh Frithpháirteach (CF) de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 515/97 (6) ón gComhairle agus lena mbaineann ranna eile den Choimisiún (Baineann/Ní bhaineann)

Tagairt do chumarsáid CF: …

An dáta a fuarthas: …

Barúlacha (roghnach): …

Tagairt comhaid OLAF(formáid: LL/bbbb/nnnn): …

Tagairt Comhoibríochta Custaim (COC) (más infheidhme):

Cás a bhaineann le Foirm Faisnéise faoi Rioscaí nó le Limistéar Rialaithe Tosaíochta Coiteann (LRTC) (Baineann/Ní bhaineann)

Tagairt RIF (más infheidhme): …

Tagairt LRTC (más infheidhme): …

4.   AN TEIDLÍOCHT A SHOCRÚ (Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 (7))

Oifig an tsocraithe: …

Dáta an tsocraithe: …

Tagairt chuntasaíochta an tsocraithe (roghnach): …

Dáta iontrála i gcuntas B (Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014): …

Tagairt chuntasaíochta chuntas B (roghnach): …

An iontráil sna cuntais nó an fógra i dtaobh an fhiachais custaim curtha siar ionas nach ndéanfaí dochar d’imscrúdú coiriúil a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais (an dara fomhír d’Airteagal 13(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014) (Cuireadh siar/níor cuireadh siar é nó í)

An méid iomlán acmhainní dílse traidisiúnta a socraíodh:

(Sonraigh anseo an méid iomlán a socraíodh ag éirí as na himthosca céanna - neamhrialtachtaí nó calaois lena mbaineann ar a laghad príomh-fhéichiúnaí coiteann amháin agus ar ar thángthas de thoradh ar an rialú céanna imréitigh nó iar-imréitigh)

Méid na ndleachtanna custaim agus talmhaíochta a socraíodh, gan dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála san áireamh: …

Méid na ndleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála a socraíodh: …

Méid na dtobhach siúcra a socraíodh: …

An méid comhfhreagrach de dhleachtanna máil náisiúnta agus CBL a socraíodh (roghnach):

Méid an cheartúcháin (8) ar acmhainní dílse traidisiúnta (méadú nó laghdú) tar éis an tsocraithe tosaigh:

Méid an cheartúcháin ar dhleachtanna custaim agus talmhaíochta (méadú nó laghdú), tar éis an tsocraithe tosaigh, gan dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála san áireamh: …

Méid an cheartúcháin ar dhleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála (méadú nó laghdú) tar éis an tsocraithe tosaigh: …

Méid an cheartúcháin a bhaineann le tobhaigh shiúcra (breisiú nó asbhaint) tar éis an tsocraithe tosaigh: …

Méid comhfhreagrach an cheartúcháin a bhaineann le dleachtanna máil náisiúnta agus CBL (breisiú nó asbhaint) tar éis an tsocraithe tosaigh (roghnach): …

An méid iomlán acmhainní dílse traidisiúnta atá le haisghabháil tar éis an cheartúcháin

Méid iomlán an urrúis/na ráthaíochta (9): …

(Méid a chumhdaíonn acmhainní dílse an Aontais agus, más infheidhme, dleachtanna náisiúnta. Féadfaidh neamhní a bheith ann más ann do tharscaoileadh nó mura dtaisctear urrús. I gcás ráthaíocht chuimsitheach is lú ná 100 % den mhéid tagartha, sonrófar an méid tagartha freisin)

An chuid den urrús atá le leithdháileadh ar acmhainní dílse an Aontais: …

Cineál an urrúis (éigeantach, roghnach, neamhbheartaithe): …

Cineál an urrúis éigeantaigh: …

Sainmhíniúcháin a mhéid a bhaineann le hurrús

(An chúis nár taisceadh urrús, tuairimí maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 89 (4), fomhír 3, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ...): …

Méid an urrúis a cuireadh ar fáil don Aontas: …

Dáta a cuireadh an méid urrúis ar fáil don Aontas: …

5.   AN NÓS IMEACHTA AISGHABHÁLA

(Más ann do roinnt féichiúnaithe i leith an fhiachais chéanna, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil le haghaidh gach féichiúnaí)

Cáilíocht an fhéichiúnaí (10): …

Méid atá dlite, más lú é ná an méid iomlán a socraíodh: …

An dáta a tugadh fógra i dtaobh an fhiachais: …

Dáta(í) na meabhrúchán íocaíochta: …

Socrú atá faoi réir nós imeachta achomhairc laistigh de bhrí Airteagal 243(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 nó Airteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó nós imeachta um thabhairt suas laistigh de bhrí Airteagail 236, 238 agus 239 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 nó Airteagail 117 go 120 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Tá/Níl)

Leibhéil a baineadh amach sa nós imeachta achomhairc/nós imeachta um thabhairt suas: …

Dáta an chéad achomhairc/an chéad nós imeachta um thabhairt suas a taisceadh: …

Dáta a tugadh fógra i dtaobh an bhreithiúnais chinntithigh: …

Tuairimí

(Sonraigh anseo freisin, más infheidhme, tréimhsí éagsúla achomhairc/nós imeachta um thabhairt suas): …

Fionraí ar chur chun feidhme de réir bhrí Airteagail 222 agus 244 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 agus Airteagal 876a de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 (11) ón gCoimisiún nó Airteagal 108(3) agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (Ar fionraí/Gan a bheith ar fionraí)

Taisceadh urrús tráth na fionraí (Taisceadh/Níor taisceadh)

Méid an urrúis tráth na fionraí: …

Cúiseanna nár taisceadh urrús tráth na fionraí: …

(Ní mór do na Ballstáit a shonrú cé acu a tarscaoileadh nó nár tarscaoileadh urrús mar gheall ar dheacrachtaí eacnamaíocha agus sóisialta intuartha agus na forais a bhí le cinneadh den sórt sin)

Saoráidí íocaíochta de réir bhrí Airteagal 229 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 nó Airteagal 112 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (gan iarraidh/diúltaíodh don iarraidh/glacadh leis an iarraidh)

Cur síos ar shocruithe saoráide íocaíochta: …

Taisceadh urrús de bhun saoráidí íocaíochta (Taisceadh/Níor taisceadh)

Méid an urrúis de bhun saoráidí íocaíochta: …

An chúis nár taisceadh urrús ar shaoráidí íocaíochta: …

(Ní mór do na Ballstáit a shonrú cé acu a tarscaoileadh nó nár tarscaoileadh urrús mar gheall ar dheacrachtaí eacnamaíocha agus sóisialta intuartha agus na forais a bhí le cinneadh den sórt sin)

Dáta eisiúna an ordaithe forfheidhmiúcháin: …

Tugadh fógra i dtaobh ordú forfheidhmiúcháin (Tugadh/Níor tugadh)

Dáta a tugadh fógra i dtaobh ordú forfheidhmiúcháin: …

Barúlacha ar ordú forfheidhmiúcháin (cuirtear in iúl an ionstraim dlí faoin dlí náisiúnta): …

Dáta(í) aon íocaíochta nó íocaíochtaí (lena n-áirítear ó astú agus ó imeachtaí féimheachta) a fuarthas agus a cuireadh ar fáil don Aontas: …

Méid comhfhreagrach na híocaíochta nó méideanna comhfhreagracha na n-íocaíochtaí a fuarthas agus a cuireadh ar fáil don Aontas: …

Méideanna iomlána a íocadh agus a cuireadh ar fáil: …

Dáta(í) na n-astuithe: …

Méid a fuarthas trí bhíthin astaithe: …

Barúlacha ar an astú (roghnach): …

Dáta oscailte na n-imeachtaí féimheachta/leachtaithe/dócmhainneachta: …

Dáta a dearbhaíodh an t-éileamh sna himeachtaí sin: …

Dáta dúnta na n-imeachtaí féimheachta/leachtaithe/dócmhainneachta: …

Méid na n-acmhainní dílse a aisghabháladh ó na himeachtaí féimheachta/leachtaithe/dócmhainneachta: …

Cúnamh frithpháirteach ó Bhallstáit eile le linn aisghabhála (Treoir 2010/24/AE (12) ón gComhairle nó réamhtheachtaithe) (Fuarthas/Ní bhfuarthas)

Tagairt do Chúnamh frithpháirteach le linn aisghabhála: …

Ballstát lena ndeachthas i dteagmháil: …

Dáta na hiarrata: …

Méid a aisghabháladh: …

Dáta an fhreagra: …

Barúlacha ar an bhfreagra (go háirithe i gcás nár ghníomhaigh an Ballstát lena ndeachthas i dteagmháil ar an iarraidh): …

6.   CÚISEANNA NÁRBH FHÉIDIR AN MÉID ATÁ FÁGTHA A AISGHABHÁIL

(Sa chuid seo, sonróidh na Ballstáit go soiléir na bearta forfheidhmiúcháin go léir a rinneadh agus na cúiseanna, i gcás nós imeachta féimheachta/leachtaithe/dócmhainneachta, nár leor an méid a fuarthas chun an fiachas a chumhdach nó an chúis nach gcumhdaíonn sé ach cuid den fhiachas. Ina theannta sin, míneoidh na Ballstáit go mion na himthosca i gcás inar cuireadh siar an iontráil sna cuntais nó an fógra i dtaobh fiachais chustaim ionas nach ndéanfaí dochar d’imscrúduithe coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.)

(Ní gá do Bhallstáit faisnéis a cuireadh ar fáil cheana faoi phointí 1 go 5 a chur ar fáil athuair)

7.   FAISNÉIS EILE


(1)  Dá dtagraítear in Airteagal 13(3), an dara fomhír agus an tríú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(4)  Lena n-áirítear Carnets TIR.

(5)  Acrainm idirnáisiúnta le haghaidh Máistir-Uimhir Thagartha/Uimhir Thagartha Ghluaiseachta.

(6)  Rialachán(CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirtear an dlí i bhfeidhm i gceart maidir le hábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(7)  Iontráil sna cuntais dtagraítear in Airteagal 104(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus in Airteagal 217(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92.

(8)  Ceartúcháin ar shocruithe teidlíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

(9)  Urrús dá dtagraítear in Airteagal 6(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

(10)  Lena n-áirítear féichiúnaithe dliteanais shibhialta, ionadaithe indíreacha agus ráthóirí.

(11)  Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 253 11.10.1993, lch. 1).

(12)  Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a aisghabháil (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).”


Top