EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2084

Cinneadh (AE) 2021/2084 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát

PE/69/2021/INIT

IO L 427, 30.11.2021, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2084/oj

30.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 427/1


CINNEADH (AE) 2021/2084 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2021

maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 185 agus an dara mír d’Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun an tionchar is mó is féidir a bhaint amach le cistiú ón Aontas agus rannchuidiú ar an mbealach is éifeachtaí le cuspóirí beartais an Aontais, bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) Fís Eorpach -, an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena ndéantar foráil maidir leis an gcreat beartais agus dlíthiúil le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha ag a bhfuil comhpháirtithe san earnáil phríobháideach nó phoiblí, nó an dá cheann díobh sin. Is príomhghné de chur chuige bheartas Fís Eorpach iad Comhpháirtíochtaí Eorpacha. Bunaítear iad Comhpháirtíochtaí Eorpacha chun gealltanais agus tosaíochtaí an Aontais ar a dhírítear le Fís Eorpach a chomhlíonadh agus chun tionchar soiléir don Aontas, dá shaoránaigh agus don chomhshaol a áirithiú, rud is féidir a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí le comhpháirtíocht, trí fhís straitéiseach a chomhroinntear idir na comhpháirtithe agus a bhfuil na comhpháirtithe tiomnaithe di, seachas mar a dhéanfadh an tAontas agus é ag gníomhú ina aonar.

(2)

Go háirithe, meastar go mbeidh ról tábhachtach ag Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi Cholún II, ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’, (Colún II) de Fís Eorpach maidir le cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach chun dlús a chur le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna NA) na Náisiún Aontaithe, gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún NA ar an Athrú Aeráide (4) (‘Comhaontú Pháras’) chomh maith leis na haistrithe chuig Eoraip atá glas agus digiteach a bhaint amach, agus, san am céanna, rannchuidiú le téarnamh atá athléimneach ó thaobh na sochaí, na heacnamaíochta agus an chomhshaoil de. Tá Comhpháirtíochtaí Eorpacha ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chasta thrasteorann a dteastaíonn cur chuige comhtháite uathu. Leis na Comhpháirtíochtaí sin, táthar in ann aghaidh a thabhairt ar na clistí claochlaithe, córasacha agus margaidh, trí raon leathan gníomhaithe ar fud na slabhraí luacha, na réimsí taighde agus nuálaíochta agus na n-éiceachóras tionsclaíoch a thabhairt le chéile chun oibriú i dtreo fís choiteann agus an fhís sin a aistriú ansin go treochláir choincréiteacha agus cur chun feidhme comhordaithe gníomhaíochtaí. Ina theannta sin, a bhuí leis na Comhpháirtíochtaí sin, is féidir iarrachtaí agus acmhainní a dhíriú ar thosaíochtaí coiteanna chun na dúshláin chasta atá romhainn a réiteach, ar mhaithe leis an tsochaí.

(3)

Chun tosaíochtaí agus tionchar a bhaint amach, ba cheart Comhpháirtíochtaí Eorpacha a fhorbairt trí bhíthin rannpháirtíocht leathan geallsealbhóirí ábhartha ar fud na hEorpa, lena n-áirítear tionscal, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí ar leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear fondúireachtaí a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht nó a thugann fúthu sin. Ba cheart do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha a bheith ar cheann de na bearta a úsáidtear chun an comhar agus sineirgí ar an leibhéal idirnáisiúnta i measc comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus comhpháirtithe san earnáil phoiblí a neartú agus eatarthu freisin, lena n-áirítear trí chláir thaighde agus nuálaíochta agus infheistíocht trasteorann sa taighde agus sa nuálaíocht a thabhairt le chéile, lena ndéantar leasanna frithpháirteacha a sholáthar do dhaoine agus do ghnólachtaí.

(4)

Ba cheart an Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht a bhunú. Tá sé beartaithe comhpháirtíocht den sórt sin a bheith ina mhodh seachadta ní b’éifeachtaí ná glaonna ar thograí traidisiúnta nó comhpháirtíochtaí comhchistithe faoi na cláir oibre arna n-ullmhú faoi bhraislí gaolmhara Cholún II.

(5)

Ba cheart don Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht (‘an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht’) a misean agus a cuspóirí a chur chun feidhme ar bhealach soiléir, simplí agus solúbtha ionas gur tarraingtí í don tionscal, do na fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna') agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile.

(6)

Leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, ba cheart barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus a chúiteamh agus tacú le glacadh agus úsáid chórasach thorthaí an taighde agus na nuálaíochta a ghintear laistigh den Aontas, lena n-áirítear trína áirithiú go gcuirtear an eolaíocht úrscothach agus torthaí buntaighde san áireamh agus a cuid gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme. Ba cheart freisin, leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, go ndéanfaí sáriarracht a áirithiú go bhfuil torthaí a cuid gníomhaíochtaí le glacadh agus le húsáid ag an tionscal agus ag na nuálaithe agus, i ndeireadh na dála, ag an tsochaí.

(7)

Chun barr feabhais eolaíoch a ráthú agus i gcomhréir le hAirteagal 13 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart, leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, an tsaoirse acadúil a chur chun cinn i ngach Stát Rannpháirteach, go háirithe an tsaoirse chun taighde eolaíoch a dhéanamh, agus na caighdeáin is airde ionracais eolaíochta a chur chun cinn.

(8)

I gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart aon Bhallstát agus aon tríú tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach a bheith i dteideal a bheith rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht. D'fhonn comhlántacht laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus le tíortha comharsanacha eile a áirithiú, ba cheart tríú tíortha a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht, faoi réir tabhairt i gcrích comhaontú ábhartha idirnáisiúnta maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Aontas agus le comhaontú na Stát Rannpháirteach.

(9)

Le Fís Eorpach, tugtar isteach cur chuige níos straitéisí, comhleanúnaí atá bunaithe ar thionchar maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha, ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó mheastóireacht eatramhach Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Déantar foráil i Rialachán (AE) 2021/695 maidir leis an bhféidearthacht úsáid níos éifeachtaí a bhaint as Comhpháirtíochtaí Institiúidithe Eorpacha, go háirithe trí dhíriú ar chuspóirí, torthaí agus tionchar soiléir is féidir a bhaint amach faoi 2030, agus trí rannchuidiú soiléir le tosaíochtaí beartais agus beartais ghaolmhara de chuid an Aontais a áirithiú. Beidh dlúthchomhar, comhlántacht agus sineirgí le cláir agus tionscnaimh ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear leis an gComhairle Eorpach um Thaighde agus leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus go háirithe le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, ríthábhachtach chun píblíne na nuálaíochta agus taighde i réimsí eile a chothú, chun tionchar níos mó a bhaint amach agus chun a áirithiú go n-úsáidtear na torthaí i ngach réimse ábhartha ina bhfuil nasc idir an fhorbairt theicneolaíoch agus an mhéadreolaíocht, amhail digiteáil, intleacht shaorga, fuinneamh, sláinte chliste, an aeráid, trácht uathrialach agus an geilleagar ciorclach.

(10)

Le Cinneadh Uimh. 555/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), rinne an tAontas ranníocaíocht airgeadais leis an gClár Méadreolaíochta Eorpach um Nuálaíocht agus Taighde (EMPIR) is cóimhéid le ranníocaíocht na stát atá rannpháirteach in EMPIR ach nach mó ná EUR 300 000 000, ar feadh fhad Fís 2020. Mar thoradh ar an meastóireacht eatramhach ar EMPIR i mí Iúil 2017 moladh tionscnamh nua.

(11)

Ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a bheith faoi réir gealltanais fhoirmiúla ó na Stáit Rannpháirteacha chun rannchuidiú ó thaobh airgeadais de le cur chun feidhme na Comhpháirtíochta Méadreolaíochta agus chun na gealltanais sin a chomhlíonadh. Ba cheart ranníocaíocht a bhaineann le costais riaracháin chur chun feidhme na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, faoi réir uasmhéid 5 % dá buiséad, a bheith san áireamh le ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha. Ba cheart do Stáit Rannpháirteacha gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad, i gcás inar gá, a ranníocaíocht leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a mhéadú trí chumas cúlchistithe a bhunú chun a áirithiú go bhfuil siad in ann a n-eintitis náisiúnta, institiúidí náisiúnta méadreolaíochta (NMInna) agus institiúidí ainmnithe (DInna) atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta Méadreolaíochta a chistiú. Ceanglaítear struchtúr cur chun feidhme le cur chun feidhme comhpháirteach na Comhpháirtíochta Méadreolaíochta. Ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bhainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus leis na rialacha ábhartha maidir le bainistíocht indíreach a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(12)

Ba cheart an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht, atá ailínithe le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, geilleagar a fhóireann do dhaoine, agus Eoraip atá Oiriúnach don Aois Dhigiteach, a chur chun feidhme thar thréimhse 10 mbliana, ó 2021 go dtí 2031. Ba cheart gníomhaíochtaí nua a áireamh sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht i gcomparáid le EMPIR, agus, go háirithe, forbairt líonraí Eorpacha méadreolaíochta, ar cheart a bhunú ar bhealach oscailte trédhearcach agus é mar aidhm leofreagra a thabhairt ar dhúshláin phráinneacha shochaíocha agus chomhshaoil agus riachtanais mhéadreolaíochta ó theicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Ba cheart an inniúlacht mhéadreolaíochta a sholáthraítear trí na líonraí sin a bheith coibhéiseach le córais cheannródaíocha mhéadreolaíochta eile, agus inchomparáide leo, agus ba cheart sármhaitheas den chéad scoth a léiriú leo. Ba cheart glaonna ar thograí faoin gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a sheoladh le linn chur chun feidhme Fís Eorpach agus ba cheart iad a bheith oscailte, trédhearcach agus iomaíoch. Leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, ba cheart cúrsaíocht tallainne agus forbairt scileanna a chur chun cinn lena n-áirítear trí bhithín deiseanna oiliúna scileanna agus athscilithe.

(13)

Ba cheart gníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta Fís Eorpach agus leis na prionsabail agus na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/695 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis, inter alia, a thacaíonn le glacadh réiteach nuálach i dtionscal na hEorpa, go háirithe ag FBManna agus, sa tsochaí, in am trátha.

(14)

Ba cheart uasmhéid a bhunú i leith ranníocaíocht airgeadais an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach ar feadh fhad Fís Eorpach. Laistigh de theorainneacha na huasmhéide sin, ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bheith suas le cothrom le ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha chun ardéifeacht ghiarála a bhaint amach agus comhtháthú níos láidre cláir de chuid na Stát Rannpháirteach a áirithiú.

(15)

Ba cheart an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a mhaoiniú trí chláir an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 mar a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (8). I gcomhréir le hAirteagal 10(2) pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart cur chuige saolré soiléir a bheith ag an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht. Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go leordhóthanach, ba cheart an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a bhunú go ceann tréimhse a chríochnóidh an 31 Nollaig 2031 chun deis a thabhairt di a freagrachtaí maidir le cur chun feidhme deontais a fheidhmiú go dtí go gcuirfear na gníomhaíochtaí indíreacha deiridh a seoladh i gcrích.

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/695, is é is cuspóir ginearálta do Fís Eorpach tionchar eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch ag infheistíochtaí an Aontais sa taighde agus sa nuálaíocht ionas go ndéantar boinn eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú agus iomaíochas an Aontais sna Ballstáit uile a chothú, lena n-áirítear a thionscal, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a chur i gcrích, agus cur le cuspóirí agus beartais an Aontais a bhaint amach, dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SFInna NA trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras a leanúint, agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú.

(17)

Chomhaontaigh na Stáit Rannpháirteacha an struchtúr cur chun feidhme do na tionscnaimh roimhe seo, eadhon, an Clár Eorpach um Thaighde Méadreolaíochta (EMPR) agus EMPIR. In 2007, bunaíodh EURAMET e.V. (EURAMET), an Eagraíocht Réigiúnach Eorpach um Méadreolaíocht agus comhlachas neamhbhrabúis faoi dhlí na Gearmáine chun ról an struchtúir seo a dhéanamh. Tá cúraimí agus oibleagáidí ar EURAMET freisin a bhaineann le comhchuibhiú níos forleithne na méadreolaíochta san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá comhaltas EURAMET oscailte do NMInna uile na hEorpa, mar chomhaltaí, agus do DInna Eorpacha, mar chomhaltaí oinigh. Níl comhaltas EURAMET coinníollach ar chláir thaighde méadreolaíochta a bheith ann. Ós rud é go raibh struchtúr rialachais EURAMET éifeachtúil agus d’ardcháilíocht le haghaidh chur chun feidhme EMPR agus EMPIR, de réir thuarascáil na meastóireachta eatramhaí ar EMPIR, ba cheart EURAMET a úsáid freisin chun an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a chur chun feidhme. Ba cheart, dá bhrí sin, do EURAMET ranníocaíocht airgeadais an Aontais a bhainistiú.

(18)

Ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a bheith bainistithe go lárnach ag EURAMET i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/695. Ba cheart nár dhochar an méid don fhéidearthacht atá ag na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíochtaí díreacha airgeadais a chur ar fáil do NMInna ainmnithe ar bhonn cur chuige comhordaithe trí choiste comhpháirtíochta um méadreolaíocht.

(19)

Ba cheart don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht sár-iarracht a dhéanamh comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn go héifeachtach agus, go háirithe, cothromaíocht inscne a áirithiú, a mhéid is féidir, i gcomhlachtaí ábhartha na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, agus ar phainéil mheastóireachta agus i gcomhlachtaí comhairleacha ábhartha eile chomh maith.

(20)

De bhun Airteagal 49(4) de Rialachán (AE) 2021/695 agus na rialacha ábhartha maidir le sainghrúpaí an Choimisiúin, ba cheart don Choimisiún comhaltaí Ghrúpa Stiúrtha na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a roghnú agus aird chuí á tabhairt, go háirithe, ar nochtadh ábhartha aon choinbhleachta leasa.

(21)

Chun cuspóirí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a ghnóthú, ba cheart do EURAMET tacaíocht airgeadais a sholáthar go príomha i bhfoirm deontas do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí arna roghnú ar leibhéal EURAMET. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a roghnú i ndiaidh glaonna ar thograí oscailte, trédhearcacha agus iomaíocha faoi fhreagracht EURAMET. Ba cheart don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a dícheall a dhéanamh chun infheictheacht na nglaonna ar thograí a mhéadú trína bhfoilsiú go tráthúil ar thairseach Fís Eorpach do rannpháirtithe, agus trí na glaonna ar thograí a chur chun cinn agus a fhógairt go forleathan, d’fhonn rannpháirtíocht iontrálaithe nua a mhéadú. Ba cheart an liosta rangaithe a bheith ceangailteach maidir le roghnú na dtograí agus leithdháileadh an chistithe ó ranníocaíocht airgeadais an Aontais agus ó ranníocaíochtaí airgeadais ó na Stát Rannpháirteach le haghaidh tionscadal taighde agus gníomhaíochtaí gaolmhara. I gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2021/695, agus le clár oibre Fís Eorpach, ba cheart go bhféadfaí a áireamh sa chlár oibre bliantúil coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht FBManna, inscne agus éagsúlacht gheografach i measc na rialacha chun déileáil le tograí ex-aequo. Maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú le ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha le líonraí Eorpacha méadreolaíochta, ba cheart na gníomhaíochtaí arna gcistiú a bheith faoi fhreagracht EURAMET freisin.

(22)

Tá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht faoi réir Rialachán (AE) 2021/695. Mar sin féin, mar gheall ar riachtanais shonracha oibriúcháin na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, go háirithe maidir le líonraí Eorpacha méadreolaíochta amach anseo a thógáil agus a bhainistiú agus rannpháirtíocht leordhóthanach airgeadais na Stát Rannpháirteach a éascú, ba cheart go bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir le ról an chomhordaitheora, i ngníomhaíochtaí indíreacha, ó thíolacadh an togra go dtí deireadh an tionscadail, a shrianadh do NMInna agus DInna na Stát Rannpháirteach, i gcás ina bhfuil fíorghá leis, agus comhairle an Ghrúpa Stiúrtha, más ann di, á cur san áireamh.

(23)

Ba cheart na ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha a áirithiú trí chistiú institiúideach ó na NMInna agus ó na DInna. Ba cheart don éagsúlacht leathan gníomhaíochtaí bunúsacha rannchuidiú le cuspóirí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus ba cheart iad a leagan amach sna cláir oibre bhliantúla, agus naisc le costais agus caiteachas oibriúcháin iontu. Ba cheart a chumhdach, inter alia, leis na ranníocaíochtaí, costais na seirbhísí lena soláthraítear calabrúcháin agus seirbhísí eile atá i gcomhréir le Córas Idirnáisiúnta na n-Aonad go díreach. Le ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha, ba cheart rannchuidiú airgeadais le costais riaracháin na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a bheith san áireamh freisin.

(24)

Chun oscailteacht, trédhearcacht agus inrochtaineacht a áirithiú don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht, ba cheart glaonna ar thograí a fhoilsiú freisin ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir ar an tairseach aonair do rannpháirtithe, agus, chomh maith leis sin, trí mhodhanna leictreonacha scaipthe eile de chuid Fís Eorpach arna mbainistiú ag an gCoimisiún. Chun dul i dteagmháil le geallsealbhóirí agus leis an tsochaí, agus chun daoine nua a mhealladh ó réimse leathan geallsealbhóirí taighde agus tionscail lena n-áirítear FBManna, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, ba cheart don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht raon leathan gníomhaíochtaí for-rochtana a dhéanamh, lena n-áirítear scaipeadh agus saothrú torthaí, gníomhaíochtaí cur chun cinn agus múscailte feasachta agus cur chun cinn na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht lasmuigh den Aontas.

(25)

Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na samhla cistiúcháin maidir le prionsabal na comhoiriúna idir cistí de chuid an Aontais agus cistí neamh-Aontais ag am na meastóireachta eatramhaí ar an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht chun a áirithiú go bhfuil prionsabal na comhoiriúna do ranníocaíochtaí airgeadais ó na Stáit Rannpháirteacha á urramú.

(26)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(27)

Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí má chuirtear an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht chun feidhme ar bhealach neamhleor, ach amháin i bpáirt nó go déanach, nó mura ndéanann Stát Rannpháirteach ranníocaíocht, nó muna ndéanann sé ranníocaíocht ach amháin i bpáirt nó go déanach, le maoiniú na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na cearta sin sa chomhaontú ranníocaíochta atá le tabhairt i gcrích idir an tAontas agus EURAMET.

(28)

Chun críche an tsimplithe, ba cheart ualach riaracháin na bpáirtithe uile lena mbaineann a laghdú. Ba cheart iniúchtaí dúbailte agus doiciméadacht agus tuairisciú díréireacha a sheachaint. Nuair a dhéantar iniúchtaí, ba cheart saintréithe sonracha na gclár náisiúnta a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Maidir le hiniúchtaí ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais arna soláthar i gcomhréir leis an gCinneadh seo, ba cheart a áirithiú leis na hiniúchtaí sin laghdú ar an ualach riaracháin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(29)

Ba cheart do EURAMET agus na Stáit Rannpháirteacha, ar iarraidh a fháil ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCúirt Iniúchóirí, aon fhaisnéis a sholáthar, ar faisnéis í is gá don Choimisiún a chur san áireamh ina mheastóireacht ar an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht.

(30)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach a dhéanamh tráth nach déanaí ná 2025, ina ndéanfar measúnú, go háirithe, ar cháilíocht agus éifeachtúlacht na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, an dul chun cinn a a rinneadh maidir leis na cuspóirí a leagtar amach a ghnóthú agus ba cheart dó meastóireacht deiridh a dhéanamh tráth nach déanaí ná 2030 agus tuarascáil torthaí agus conclúidí na meastóireachtaí sin a fhoilsiú agus a scaipeadh. I gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart cur chuige soiléir saolré a bheith ag an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, a bheith teoranta ó thaobh ama de agus ba cheart go n-áireofaí inti na coinníollacha chun deireadh a chur de réir a chéile leis an gcistiú faoi Fís Eorpach. Chuige sin, ba cheart measúnú a dhéanamh le meastóireachtaí ar ábharthacht agus ar chomhleanúnachas aon athnuachana a d’fhéadfaí a dhéanamh.

(31)

Is é is cuspóir don Chinneadh seo go mbeidh an tAontas rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht chun tacú lena cuspóirí ginearálta. Tá ceanglais na méadreolaíochta de mhéid agus de chastacht chomh mór sin go dteastaíonn infheistíochtaí a théann níos faide ná croíbhuiséid taighde na NMInna agus DInna. An tsármhaitheas a éilítear chun taighde a dhéanamh ar réitigh cheannródaíocha mhéadreolaíochta agus chun iad a fhorbairt, tá an tsármhaitheas sin scaipthe thar theorainneacha náisiúnta agus dá bhrí sin, ní féidir í a ghnóthú ar an leibhéal náisiúnta. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí iarrachtaí náisiúnta a chomhtháthú i gcur chuige comhsheasmhach Eorpach, trí chláir roinnte náisiúnta taighde a thabhairt le chéile, trí chuidiú le straitéisí coiteanna taighde agus cistithe thar theorainneacha náisiúnta a dhearadh, agus tríd an mais chriticiúil gníomhaithe agus infheistíochtaí a éilítear a bhaint amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Chun an leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sna réimsí beartais ábhartha ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rannpháirtíocht sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht

1.   Glacfaidh an tAontas páirt sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht (‘an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht’), Comhpháirtíocht Eorpach Institiúidithe dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/695, arna déanamh go comhpháirteach ag an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Iorua, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn agus an tSualainn (‘na Stáit Rannpháirteacha’), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo.

2.   Féadfaidh aon Bhallstát nach Ballstát dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo é agus aon tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach a bheith rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (c). Measfar gur Stáit Rannpháirteacha iad Ballstáit agus tríú tíortha den sórt sin chun críocha an Chinnidh seo.

3.   Féadfaidh aon tríú tír nach bhfuil comhlachaithe le Fís Eorpach a bheith rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht, ar choinníoll:

(a)

go dtugann sí i gcrích comhaontú idirnáisiúnta le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch leis an Aontas ina leagtar amach téarmaí agus coinníollacha a rannpháirtíochta sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht;

(b)

go bhfaigheann sí formheas Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht i gcomhréir le hAirteagal 14(3), pointe (g); agus

(c)

go gcomhlíonann sí an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (c).

Tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, measfar gur Stát Rannpháirteach í chun críocha an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Cuspóirí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht

1.   Rannchuideoidh an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/695, agus go háirithe Airteagal 3 de.

2.   Gan dochar do mhír 1, trí rannpháirtíocht agus gealltanas na gcomhpháirtithe maidir le clár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 7 a dhearadh agus a chur chun feidhme, saothróidh an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht na cuspóirí ginearálta seo a leanas:

(a)

córas méadreolaíochta inbhuanaithe, comhordaithe den scoth a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach, rud a chabhróidh leis an mbearna infheistíochta idir an Eoraip agus a cuid iomaitheoirí domhanda a dhúnadh;

(b)

a áirithiú go nglacann nuálaithe go forleathan le cumais úrscothacha mhéadreolaíochta ina n-éiceachórais agus in áiteanna eile nach iad;

(c)

tionchar na méadreolaíochta ar dhúshláin shochaíocha a mhéadú i ndáil le cur chun feidhme beartas, caighdeán agus rialachán inter alia sna réimsí digiteacha, eacnamaíocha, tionsclaíocha agus comhshaoil, chun go mbeidh siad oiriúnach dá bhfeidhm.

3.   Agus na cuspóirí ginearálta a leagtar amach i mír 2 á gcur chun feidhme, saothróidh an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

cumais nua taighde a fhorbairt, faoi 2030, a fhorbrófar faoi chuimsiú líonraí nua Eorpacha méadreolaíochta agus a fheidhmíonn ó thaobh cumais chalabraithe agus tomhais ar a laghad chomh maith leis na hinstitiúidí méadreolaíochta is fearr lasmuigh de na Stáit Rannpháirteacha;

(b)

tacú, faoi 2030, le díolacháin táirgí agus seirbhísí nua nuálacha trí chumais nua mhéadreolaíochta in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn a úsáid agus a ghlacadh;

(c)

rannchuidiú le heolas, inniúlachtaí agus scileanna nua ardcháilíochta a chruthú agus a scaipeadh ar fud an Aontais i gcomhthéacs na foghlama ar feadh an tsaoil agus d’fhonn athrú sochaíoch a bhaint amach, lena n-áirítear trí chumas don nuálaíocht a fheabhsú;

(d)

rannchuidiú go hiomlán agus go héifeachtach, faoi 2030, le dearadh agus cur chun feidhme caighdeáin agus rialacháin shonracha atá mar bhonn taca faoi bheartais phoiblí a thugann aghaidh ar dhúshláin shochaíocha, eacnamaíocha agus chomhshaoil;

(e)

acmhainneacht na méadreolaíochta i measc úsáideoirí deiridh a shaoradh, lena n-áirítear FBManna agus geallsealbhóirí tionsclaíocha, mar ionstraim lena rannchuidítear le spriocanna an Aontais maidir leis na haistrithe digiteacha agus glasa a bhaint amach.

Airteagal 3

Ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht

1.   Suas le EUR 300 milliún a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, lena n-áirítear leithreasuithe LEE, chun teacht le ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1). Féadfar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas a mhéadú le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2021/695, ar choinníoll go ndéanfar an méid iomlán faoina méadófar ranníocaíocht airgeadais an Aontais a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo.

2.   Chun ranníocaíocht airgeadais an Aontais a ríomh, ní chuirfear aon ranníocaíocht ó na Stáit Rannpháirteacha a bhaineann le costais riaracháin chur chun feidhme na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht ar mó í ná 5 % de na comh-ranníocaíochtaí iomlána leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht san áireamh.

3.   Íocfar ranníocaíocht airgeadais an Aontais ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais arna leithdháileadh ar na codanna ábhartha den Chlár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach, a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (9).

4.   Déanfaidh EURAMET e.V. (EURAMET) ranníocaíocht airgeadais an Aontais a úsáid chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a) a chistiú.

5.   Ní úsáidfear ranníocaíocht airgeadais an Aontais chun costais riaracháin na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a chumhdach.

6.   Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais faoi na cláir arna gcómhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, chomh maith leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a mheas mar ranníocaíochtaí ó Bhallstát is Stát Rannpháirteach, faoi réir chomhlíonadh fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus na rialacháin lena leagtar síos na rialacha sonracha is infheidhme maidir le gach ceann de na cistí sin.

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais

1.   Beidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais coinníollach ar gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

léiriú ag Stáit Rannpháirteacha go bhfuil an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht curtha ar bun i gcomhréir leis an gCinneadh seo;

(b)

ainmniú EURAMET i ról an struchtúir atá freagrach as an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a chur chun feidhme agus as ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fháil agus a leithdháileadh agus as faireachán a dhéanamh uirthi, ag na Stáit Rannpháirteacha, nó ag NMInna arna n-ainmniú acu;

(c)

gealltanas ag gach Stát Rannpháirteach go rannchuideoidh siad le maoiniú na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus go mbunóidh siad cumas cúlchistithe 50 % de mhéid an ghealltanais;

(d)

léiriú ag EURAMET ar a inniúlacht an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a chur chun feidhme, lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fháil agus a leithdháileadh, agus faireachán a dhéanamh uirthi, faoi chuimsiú bhainistíocht indíreach bhuiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 62 agus 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

(e)

bunú samhla rialachais don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht i gcomhréir le hAirteagail 13 go 16.

2.   Agus an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht á cur chun feidhme, beidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais coinníollach ar na nithe seo a leanas uile freisin:

(a)

cur chun feidhme ghníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a leagtar amach in Airteagal 6 ag EURAMET i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(b)

coinneáil ar bun samhla éifeachtaí rialachais i gcomhréir le hAirteagail 13 go 16;

(c)

comhlíonadh na gceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 155 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ag EURAMET;

(d)

comhlíonadh na ngealltanas dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ag na Stáit Rannpháirteacha.

Airteagal 5

Ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht

1.   Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomhlachtaí náisiúnta cistiúcháin, ranníocaíochtaí, cibé acu ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 363 milliún. ar a laghad, sa tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2031.

Beidh cion de na ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais. Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha a ranníocaíochtaí comhchoiteanna a shocrú eatarthu féin agus conas a sholáthróidh siad iad.

2.   Seo a leanas a bheidh sna ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha:

(a)

ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil leis na gníomhaíochtaí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(1); agus

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil chun costais riaracháin EURAMET uile a chumhdach.

3.   Leis na ranníocaíochtaí airgeadais nó na ranníocaíochtaí comhchineáil dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo, cumhdófar na costais arna dtabhú ag na Stáit Rannpháirteacha agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), á gcur chun feidhme, lúide aon ranníocaíocht dhíreach nó indíreach airgeadais ón Aontas leis na costais sin.

4.   Leis na ranníocaíochtaí airgeadais nó na ranníocaíochtaí comhchineáil dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), cumhdófar na costais arna dtabhú ag na Stáit Rannpháirteacha i ndáil le costais riaracháin EURAMET maidir leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a chur chun feidhme. Ní bheidh na costais riaracháin sin níos mó ná 5 % de bhuiséad iomlán na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht.

5.   Chun críche na ranníocaíochtaí comhchineáil dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, a luacháil, cinnfear na costais i gcomhréir le cur chuige comhchuibhithe, lena n-áirítear critéir agus próisis, atá le bunú ag Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht i gcomhréir le hAirteagal 14. A mhéid is féidir, comhlíonfaidh tuairisciú na gcostas na nósanna imeachta tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/695, agus gnáthchleachtais cuntasaíochta na Stát Rannpháirteach nó na gcomhlachtaí náisiúnta cistiúcháin lena mbaineann, caighdeáin cuntasaíochta infheidhme an Stáit Rannpháirtigh ina bhfuil na comhlachtaí náisiúnta cistiúcháin lena mbaineann bunaithe agus na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta is infheidhme á gcur san áireamh. Déanfaidh iniúchóir neamhspleách a cheapfaidh na Stáit Rannpháirteacha nó na comhlachtaí náisiúnta cistiúcháin lena mbaineann na costais a dheimhniú.

6.   Déanfar ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach tar éis ghlacadh an chláir oibre bhliantúil.

I gcás ina nglactar an clár oibre bliantúil le linn na bliana tagartha, féadfar na ranníocaíochtaí a dhéanfar amhail ó 1 Eanáir na bliana sin a áireamh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a áirítear sa chlár oibre bliantúil.

Féadfar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a dhéanfar tar éis an 1 Nollaig 2021 a áireamh mar ranníocaíochtaí de chuid na Stát Rannpháirteach, ar choinníoll go gcuirfear san áireamh i gcéad chlár oibre bliantúil na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht iad.

Airteagal 6

Gníomhaíochtaí EURAMET

1.   Tacóidh an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht le raon leathan gníomhaíochtaí taighde agus nuálacha trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí indíreacha de réir bhrí Airteagal 2, pointe (43), de Rialachán (AE) 2021/695 arna gcistiú ag EURAMET i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh seo, go príomha i bhfoirm deontas i ndiaidh glaonna ar thograí trasnáisiúnta atá oscailte trédhearcach agus iomaíoch a eagróidh EURAMET, lena n-áirítear:

(i)

gníomhaíochtaí eolaíocha agus teicniúla a thacaíonn leis an mbunmhéadreolaíocht eolaíoch lena leagtar síos an bunús le haghaidh gach céim ina dhiaidh sin, lena n-áirítear taighde agus forbairt fheidhmeach mhéadreolaíochta agus seirbhísí a bhaineann leis an méadreolaíocht;

(ii)

taighde méadreolaíochta chun réitigh ar dhúshláin shochaíocha eacnamaíocha agus chomhshaoil a sholáthar, ag díriú ar rannchuidithe le teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí inbhuanaithe in earnáil an fhuinnimh, san earnáil dhigiteach, agus san earnáil sláinte, agus i ndáil leis an gcomhshaol agus an aeráid freisin, agus chun tionscadail a fhorbairt i líonraí sonracha Eorpacha méadreolaíochta a thugann aghaidh ar na dúshláin sin;

(iii)

taighde chun ionstraimíocht nua tomhais a fhorbairt dírithe ar ghlacadh Eorpach tionsclaíoch agus tráchtála na dteicneolaíochtaí méadreolaíochta a fheabhsú chun an nuálaíocht sa tionscal a spreagadh;

(iv)

taighde agus forbairt réamhnormatach agus chomhnormatach mhéadreolaíochta chun tacú le cur chun feidhme beartais, le rialacháin agus le dlús a chur le tabhairt isteach ar an margadh agus glacadh sochaíoch na dtáirgí agus na seirbhísí inbhuanaithe nuálacha;

(v)

malartú dea-chleachtas maidir le taighde méadreolaíochta arna dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

gníomhaíochtaí arna gcistiú ag na Stáit Rannpháirteacha gan ranníocaíocht airgeadais an Aontais, ar a n-áirítear na gníomhaíochtaí fothaithe cumais méadreolaíochta ar leibhéil éagsúla teicneolaíochta chun córas cothrom comhtháite méadreolaíochta a ghnóthú, a bheidh chomh fairsing agus is féidir, sna Stáit Rannpháirteacha chun é a chur ar a gcumas a gcumais eolaíocha agus teicniúla sa mhéadreolaíocht a fhorbairt, agus lena n-áirítear gníomhaíochtaí nach roghnaítear ó na glaonna ar thograí dá dtagraítear i bpointe (a), den Airteagal seo, mar a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla, mar aon le haon cheann de na gníomhaíochtaí a leanas:

(i)

gníomhaíochtaí faoi chláir náisiúnta na Stát Rannpháirteach amhail tionscadail thrasnáisiúnta a rannchuidíonn leis na tosaíochtaí a leagtar amach i líonra Eorpach méadreolaíochta agus i gcoistí teicniúla EURAMET;

(ii)

gníomhaíochtaí chun torthaí taighde méadreolaíochta a scaipeadh agus a shaothrú, lena n-áirítear in earnáil na tionsclaíochta agus ag FBManna, chomh fairsing agus is féidir san Eoraip, d’fhonn infheictheacht ghníomhaíochtaí EURAMET a mhéadú don phobal ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir;

(iii)

gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt agus gníomhaíochtaí oideachais agus feachtais scaipthe a chur chun cinn agus chun faisnéis iomchuí a sholáthar ar shuíomh gréasáin EURAMET agus na doiciméid ábhartha a fhoilsiú;

(iv)

gníomhaíochtaí a thugann aghaidh go sonrach ar institiúidí méadreolaíochta nach bhfuil cumais eolaíocha acu nó nach bhfuil ach cumais theoranta eolaíocha acu trí thacú leo úsáid a bhaint as cláir eile de chuid an Aontais, nó cláir náisiúnta nó réigiúnacha maidir le hoiliúint agus soghluaisteacht, comhar trasteorann nó infheistíocht i mbonneagar méadreolaíochta;

(v)

eagrú gníomhaíochtaí seachtracha scaipthe agus aistrithe eolais chun an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a chur chun cinn chomh fairsing agus is féidir san Aontas agus sa domhan, d'fhonn a tionchar a uasmhéadú.

2.   Sula ndéanfar ábhar gach glao ar thograí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a shainaithint, iarrfaidh EURAMET, go poiblí, ar dhaoine aonair nó ar eagraíochtaí lena n-áirítear FBManna, agus ar shlabhra ginearálta luacha méadreolaíochta ábhair thaighde féideartha a mholadh ar bhealach trédhearcach.

Airteagal 7

An clár oibre bliantúil

1.   Cuirfear an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht chun feidhme ar bhonn cláir oibre bhliantúla a chumhdaíonn gníomhaíochtaí atá le déanamh sa tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig i mbliain ar leith (‘an bhliain tagartha’).

2.   Glacfaidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 14 na cláir oibre bhliantúla faoin 31 Márta sa bhliain tagartha, tar éis formheas an Choimisiúin a fháil. Agus na cláir oibre bhliantúla á nglacadh, gníomhóidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus an Coimisiún araon gan moill mhíchuí. Cuirfidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht an clár oibre bliantúil ar fáil go poiblí.

3.   Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointí (a) agus (b), ní fhéadfar iad a sheoladh ach sa bhliain tagartha agus i ndiaidh ghlacadh chlár oibre bliantúil na bliana sin.

4.   Ní fhéadfaidh EURAMET gníomhaíochtaí a chistiú ach amháin má leagtar amach iad sa chlár oibre bliantúil. Déanfar idirdhealú sa chlár oibre bliantúil idir na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b), agus costais riaracháin EURAMET. Áireofar sa chlár oibre bliantúil a meastacháin caiteachais chomhfhreagraigh agus an buiséad atáthar á leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a chistítear le ranníocaíocht airgeadais an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí a chistíonn na Stáit Rannpháirteacha gan an ranníocaíocht airgeadais sin. Áireofar sa chlár oibre bliantúil freisin luach ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Stáit Rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b).

5.   Cuirfear san áireamh in aon chláir oibre bliantúla leasaithe le haghaidh bliain tagartha agus in aon chláir oibre bliantúla le haghaidh blianta tagartha ina dhiaidh sin torthaí na nglaonna ar thograí roimhe sin. Féachfaidh siad lena áirithiú go dtabharfar aghaidh ar chumhdach neamhleor ábhar eolaíoch, go háirithe ábhair ar tugadh aghaidh orthu ar dtús i ngníomhaíochtaí faoi Airteagal 6(1), pointe (b), nach rabhthas in ann a chistiú go leormhaith.

6.   Seolfar na glaonna ar thograí faoi na cláir oibre bhliantúla ábhartha faoin 31 Nollaig 2027. I gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo, féadfar iad a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028.

7.   Déanfaidh EURAMET faireachán ar chur chun feidhme gach gníomhaíochta a áirítear sa chlár oibre bliantúil agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain gan cur le hualach riaracháin na dtairbhithe. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil go poiblí ar bhealach tráthúil ar shuíomh gréasáin EURAMET.

8.   Aon teachtaireacht nó foilseachán a bhaineann le gníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus a dhéantar i gcomhar leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, cibé acu EURAMET, Stát Rannpháirteach nó a chomhlachtaí náisiúnta cistiúcháin, nó rannpháirtithe le gníomhaíocht a dhéanann é, déanfar é a lipéadú nó a chomhlipéadú mar theachtaireacht nó foilseachán atá cómhaoinithe ag an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht faoi Fís Eorpach.

Airteagal 8

Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh

1.   Measfar go mbeidh EURAMET le bheith ina chomhlacht cistiúcháin de réir bhrí Airteagal 2, pointe 14 de Rialachán (AE) 2021/695 agus soláthróidh sé tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), den Chinneadh seo i gcomhréir hAirteagal 6(2) den Rialachán sin.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/695, go háirithe na rialacha maidir le rannpháirtíocht, eolaíocht oscailte agus scaipeadh eolais a leagtar síos ann, maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), den Cinneadh seo. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán sin, i gcás ina mbeidh fíorghá leis agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Stiúrtha dá dtagraítear in Airteagal 15 den Chinneadh seo i gcás ina n-iarrann Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht ar chomhairle den sórt sin, féadfar foráil a dhéanamh sa chlár oibre bliantúil maidir le ról an chomhordaitheora i ngníomhaíochtaí indíreacha a shrianadh, ó thíolacadh an togra go dtí deireadh an tionscadail, do NMInna agus DInna na Stát Rannpháirteach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí agus spriocanna ranníocaíochta na Stát Rannpháirteach.

3.   Áiritheoidh EURAMET idirghníomhaíochtaí iomchuí le NMInna agus DInna sna gníomhaíochtaí indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), i gcomhréir lena n-ainmniúchán ag an údarás náisiúnta iomchuí. Spreagfaidh EURAMET rannpháirtíocht eintiteas eile, lena n-áirítear FBManna i ngach glao ar thograí freisin, agus tacóidh sé lena rannpháirtíocht sin.

Airteagal 9

Comhaontuithe idir an tAontas agus EURAMET

Ar choinníoll go n-áirithítear go dtabharfar leibhéal coibhéiseach cosanta do leas airgeadais an Aontas, cuirfear ar iontaoibh EURAMET ranníocaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 62(3) agus Airteagal 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Airteagal 10

Ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fhoirceannadh, a laghdú nó a chur ar fionraí

1.   Féadfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí mura ndéanann an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht na coinníollacha faoinar cuireadh an ranníocaíocht sin ar iontaoibh a chomhlíonadh.

2.   Mura ndéanann Stát Rannpháirteach ranníocaíocht le maoiniú na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, mura ndéanann sé ach ranníocaíocht i bpáirt, nó mura dtugann sé urraim do na tráthchláir maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, féadfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí. Ní chuirfidh cinneadh an Choimisiúin cosc ar aisíocaíocht na gcostas incháilithe a bheidh tabhaithe cheana féin ag an Stát Rannpháirteach sula gcuirtear an cinneadh chun ranníocaíocht airgeadais an Aontais a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí in iúl don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht.

Airteagal 11

Iniúchóireachtaí ex post

1.   Déanfaidh EURAMET iniúchtaí ex post ar chaiteachas ar ghníomhaíochtaí indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2021/695.

2.   Féadfaidh an Coimisiún é féin na hiniúchtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích é féin. Sna cásanna sin, déanfaidh an Coimisiún iniúchtaí den sórt sin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe Airteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2021/695 agus Airteagal 127 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCinneadh seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íoctar go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Agus an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht á cur chun feidhme, déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha na bearta reachtacha, rialaitheacha, riaracháin agus eile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe chun aisghabháil iomlán aon mhéid atá dlite don Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a áirithiú.

3.   Tabharfaidh EURAMET rochtain d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an gCoimisiún, chomh maith leis an gCúirt Iniúchóirí, ar a chuid láithreán agus áitreabh agus ar an bhfaisnéis go léir, lena n-áirítear faisnéis i bhformáid leictreonach, a theastóidh uathu chun a gcuid iniúchtaí a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (12) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, cinneadh nó conradh a chistítear faoin gCinneadh seo.

5.   Féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1939 (13) ón gComhairle, d’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar chionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán sin.

6.   Gan dochar do mhíreanna 3, 4 agus 5, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh as an gCinneadh seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, do EURAMET, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 13

Rialachas na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht

1.   Áireofar na comhlachtaí seo a leanas ar a laghad leis na comhlachtaí lena rialaítear an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht:

(a)

Coiste na Comhpháirtíochta Méadreolaíochta;

(b)

Grúpa Stiúrtha;

(c)

Rúnaíocht EURAMET.

2.   Glacfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 bearta iomchuí chun ballraíocht chothrom a lorg ó thaobh scileanna, taithí, eolais, éagsúlachta geografaí agus inscne.

Airteagal 14

Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht

1.   Bainisteoidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht ar bhealach trédhearcach, agus é á áirithiú go gcomhlíonann an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht mar a fhorghníomhaítear í, a cuspóirí.

2.   Is iad a bheidh ar Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht ionadaí amháin agus ionadaí amháin malartach ó gach Stát Rannpháirteach. Déanfar na hualaí vótála a ríomh de bhun na ngealltanas ó gach Stát Rannpháirteach de réir fhréamh chearnach an ghealltanais.

3.   Déanfaidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a)

glacfaidh sé cinntí maidir leis an gclár oibre don taighde straitéiseach agus don nuálaíocht agus iad a chur ar fáil go poiblí;

(b)

glacfaidh sé cinntí ar an bpleanáil i leith glaonna ar thograí agus ar an bpróiseas athbhreithnithe meastóireachta mar a fhoráiltear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/695;

(c)

glacfaidh sé an clár oibre bliantúil tar éis fhormheas an Choimisiúin a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Stiúrtha dá dtagraítear in Airteagal 15 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é;

(d)

glacfaidh sé cinntí maidir le roghnú na dtograí atá le cistiú de réir na liostaí rangaithe a bhunaítear tar éis na meastóireachtaí ar thograí i ndiaidh na nglaonna ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a) den Chinneadh seo;

(e)

glacfaidh sé bearta chun daoine nua a mhealladh;

(f)

déanfaidh sé faireachán ar dhul chun cinn ghníomhaíochtaí EURAMET dá dtagraítear in Airteagal 6;

(g)

formheasfaidh sé rannpháirtíocht aon tríú tír nach bhfuil comhlachaithe le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht, ar choinníoll go gcomhlíonann an tríú tír sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointí (a) agus (c);

(h)

faoin 31 Nollaig 2021, bunóidh sé cur chuige comhchuibhithe lena n-áirítear critéir agus próisis, chun críche na ranníocaíochtaí comhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a luacháil.

Chun críche cinntí a dhéanamh i gcomhréir le pointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfar a áireamh sa chlár oibre bliantúil rialacha chun déileáil le tograí ex-aequo i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2021/695 agus clár oibre Fís Eorpach.

4.   Beidh stádas breathnóra ag an gCoimisiún i gcruinnithe Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht. Éileofar cead an Choimisiúin roimh ré, áfach, ar ghlacadh an chláir oibre bhliantúil ag Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht. Tabharfaidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht cuireadh don Choimisiún freastal ar a chruinnithe agus cuirfidh sé gach doiciméad ábhartha ar fáil don Choimisiún. Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh i bplé Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht. Déanfar an clár oibre, liosta na rannpháirtithe agus na cinntí ó chruinnithe an Choiste Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a chur ar fáil go poiblí ar bhealach tráthúil ar shuíomh gréasáin EURAMET.

5.   Toghfaidh Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht a Chathaoirleach agus a Leas-Chathaoirleach de réir na n-ualaí vótála a leagtar amach i mír 2. Déanfaidh Cathaoirleach Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht ionadaíocht ar EURAMET in ábhair a bhaineann leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht.

Airteagal 15

Grúpa Stiúrtha

1.   Cuirfidh an Coimisiún Grúpa Stiúrtha ar bun. Lorgóidh an Coimisiún ionadaíocht a bheidh cothrom ó thaobh geografaíochta agus inscne de i measc a chomhaltaí, chomh maith le cothromaíocht a bhaint amach ó thaobh na hinniúlachta agus an tsaineolais is gá. Comhlacht comhairleach leis an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a bheidh sa Ghrúpa Stiúrtha agus tabharfaidh sé comhairle don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht maidir leis na tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn le haghaidh taighde méadreolaíochta ar an leibhéal Eorpach agus cé mar is féidir tionchar a chuid taighde ar thionscal, ar gheilleagar agus ar shochaí na hEorpa a mhéadú. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

teicneolaíochtaí, nuálaíochtaí, margaí agus feidhmchláir thionsclaíocha atá ag teacht chun cinn a shainaithint i gcás ina bhféadfadh an taighde agus an nuálaíocht méadreolaíochta a bheith ábhartha amach anseo;

(b)

réimsí taighde lena rannchuidítear le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a shainaithint agus le sprioc an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, lena n-áirítear le rialacháin agus caighdeáin ábhartha;

(c)

comhairle a chur ar an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht maidir le tosaíochtaí dá chláir oibre bhliantúla amach anseo.

2.   Is é a bheidh sa Ghrúpa Stiúrtha 15 chomhalta:

(a)

ceathrar ionadaithe ar bhunaitheoirí caighdeán agus rialtóirí Eorpacha arna n-ainmniú ag EURAMET;

(b)

ceathrar ionadaithe ó Chomhpháirtíochtaí Eorpacha éagsúla arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2021/695, a dhéanfaidh an Coimisiún a ainmniú ar bhealach oscailte trédhearcach, lena n-áiritheofar éagsúlacht saineolais agus cúlra;

(c)

ceathrar ionadaithe ó phobal eolaíochta na hEorpa, arna gceapadh ag an gCoimisiún tar éis próiseas oscailte trédhearcach, bunaithe ar ghlao ar léiriú spéise, a lorgóidh ionadaíocht a bheidh cothrom ó thaobh geografaíochta agus inscne de, lena gcumhdaítear na hinniúlachtaí riachtanacha agus an saineolas riachtanach i ndáil leis na fearainn theicniúla ábhartha agus é mar aidhm acu moltaí neamhspleácha a dhéanamh a bheidh bunaithe ar an eolaíocht;

(d)

Cathaoirleach EURAMET;

(e)

ionadaí amháin arna ainmniú ag an gCoimisiún; agus

(f)

ionadaí amháin ó aireacht náisiúnta nach ball foirne é d’institiúid náisiúnta mhéadreolaíochta a ndéantar ionadaíocht uirthi in EURAMET agus a cheapann Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht.

3.   Cuirfidh an Grúpa Stiúrtha comhairle neamhspleách ar fáil maidir leis na tosaíochtaí eolaíocha agus saincheisteanna ábhartha eile a dtabharfar aghaidh orthu i gclár oibre bliantúil na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus maidir le saincheisteanna sonracha freisin, mar a d’iarr Coiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus déanfaidh sé faireachán ar éachtaí eolaíocha in earnálacha cóngaracha.

4.   Déanfaidh 50 % de na comhaltaí, ar a laghad, dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo uainíocht i ndiaidh na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) ar a dhéanaí.

5.   Beidh an Grúpa Stiúrtha faoi chomhchathaoirleacht na n-ionadaithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (e).

6.   Cuirfear gach moladh a dhéanfaidh an Grúpa Stiúrtha ar fáil go poiblí.

Airteagal 16

Rúnaíocht EURAMET

1.   Coimeádfaidh Rúnaíocht EURAMET, a sholáthraíonn tacaíocht ghinearálta riaracháin do EURAMET, cuntais chuntasaíochta agus bhainc ar leithligh don Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht.

2.   Bunófar Aonad tacaíochta bainistíochta mar chuid de Rúnaíocht EURAMET agus beidh sé freagrach as an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a chur chun feidhme agus a bhainistiú ó lá go lá.

3.   Tairgfidh an Rúnaíocht tacaíocht do na Stáit Rannpháirteacha a mhéid a bhaineann le critéir agus próisis an chur chuige chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 17

Faisnéis a chur in iúl

1.   Déanfaidh EURAMET, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, aon fhaisnéis is gá chun na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 18 a ullmhú don Choimisiún.

2.   Cuirfidh na Stáit Rannpháirteacha, trí EURAMET, aon fhaisnéis a iarrann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Chúirt Iniúchóirí a bhaineann le bainistíocht airgeadais na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo san áireamh sna meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 18.

Airteagal 18

Meastóireachtaí

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht deiridh ar an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht faoi chuimsiú mheastóireachtaí Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha a roghnófar ar bhonn próiseas oscailte trédhearcach.

2.   Sna meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, déanfar scrúdú ar an gcaoi a gcomhlíonann an Chomhpháirtíocht um Méadreolaíocht a misean agus cuspóirí, cumhdófar gach gníomhaíocht dá cuid agus déanfar meastóireacht ar a breisluach Eorpach, a héifeachtacht, ar a héifeachtúlacht, lena n-áirítear a hoscailteacht agus a trédhearcacht, ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a shaothraítear, lena n-áirítear sa tionscal agus ag FBManna, agus a gcomhsheasmhacht agus a gcomhlántacht le beartais ábhartha réigiúnacha, náisiúnta agus de chuid an Aontais, lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail comhpháirtíochtaí eile, misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh iontu freisin measúnú ar thionchair fhadtéarmacha eolaíochta, sochaíocha, eacnamaíocha, comhshaoil agus teicneolaíochtaí na dtionscnamh roimhe sin, mar aon le meastóireacht ar rannpháirtíocht comhpháirtithe seachtracha, mar aon le meastóireacht ar rannpháirtíocht comhpháirtithe seachtracha. Áireofar leo, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí le haghaidh aon ghnímh sa todhchaí, chomh maith le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachan a fhéadfar a dhéanamh ar an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht, i bhfianaise na dtosaíochtaí beartais foriomlán agus an tírdhreach tacaíochta taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear an suíomh i gcomparáid le tionscnaimh eile a dtacaítear leo trí Fís Eorpach. Le linn dó na meastóireachtaí sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún an tionchar riaracháin ar an gComhpháirtíocht um Méadreolaíocht a bhreithniú go hiomlán agus déanfaidh sé a dhícheall an t-ualach riaracháin a laghdú agus a áirithiú go gcoinnítear an próiseas meastóireachta simplí agus lán-trédhearcach.

3.   Foilseoidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachtaí a dhéantar faoin Airteagal seo agus scaipfidh sé iad.

Airteagal 19

Rochtain ar thorthaí agus faisnéis maidir le tograí

1.   Tabharfaidh EURAMET rochtain don Choimisiún ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na gníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn sé. Áireofar san fhaisnéis sin torthaí na dtairbhithe a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht nó aon fhaisnéis eile a mheastar is gá chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas. Tá cearta rochtana den sórt sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus comhlíonfaidh siad na rialacha rúndachta is infheidhme.

2.   Cuirfidh EURAMET isteach faisnéis maidir le tograí cistithe na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht sa bhunachar sonraí arna bhunú de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2021/695.

3.   Chun críocha beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, soláthróidh EURAMET faisnéis don Choimisiún a áirítear i dtograí a chuirtear isteach.

Airteagal 20

Rúndacht

Gan dochar d’Airteagal 17, áiritheoidh EURAMET go dtabharfar cosaint d’fhaisnéis rúnda, a fhéadfadh dá nochtfaí lasmuigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, damáiste a dhéanamh do leasanna chomhaltaí EURAMET nó do na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht. Áirítear le faisnéis rúnda den sórt sin faisnéis phearsanta, tráchtála, faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe, ach níl faisnéis den sort sin teoranta do na nithe sin.

Airteagal 21

Coinbhleachtaí leasa

1.   Déanfaidh EURAMET, a chomhlachtaí agus a fhoireann, agus comhlachtaí na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, na bearta iomchuí chun aon choinbhleacht leasa i gcur chun feidhme a ngníomhaíochtaí a chosc agus áiritheoidh sé nach ndéanfaidh duine a bhfuil coinbhleacht leasa den sórt sin os a chomhair nó os a comhair cinneadh, comhairle ná cúnamh a thabhairt maidir leis an ábhar sonrach a ndearnadh an choinbhleacht leasa shonrach difear dó.

2.   Glacfaidh EURAMET rialacha lena ndéanfar coinbhleachtaí leasa i leith fhoireann EURAMET, comhaltaí agus daoine eile a fhreastalaíonn ar Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht agus comhlachtaí nó grúpaí eile de chuid EURAMET agus na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, a chosc, a sheachaint agus a bhainistiú, i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.   Bunóidh EURAMET cód iompair do chomhaltaí Choiste na Comhpháirtíochta um Méadreolaíocht, i bhfianaise phoiblíocht na ndearbhuithe maidir le gníomhaíochtaí gairmiúla, leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosanta sonraí.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 23

Seoltaí

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 34.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2021.

(3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(6)  Cinneadh Uimh. 555/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chlár Méadreolaíochta Eorpach um Nuálaíocht agus Thaighde (EMPIR) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 169, 7.6.2014, lch. 27).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(9)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 maidir leis an gclár sonrach a bhunú chun Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167I, 12.5.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(13)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


Top