Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12008E209

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A CÚIG: GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS - TEIDEAL III: COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL - Caibidil 1: Comhar um fhorbairt - Airteagal 209 (sean-Airteagal 179 CCE)

IO C 115, 9.5.2008, p. 141–141 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2008/art_209/oj

12008E209

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A CÚIG: GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS - TEIDEAL III: COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL - Caibidil 1: Comhar um fhorbairt - Airteagal 209 (sean-Airteagal 179 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0141 - 0141


Airteagal 209

(sean-Airteagal 179 CCE)

1. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun beartas comhair um fhorbairt a chur chun feidhme, bearta a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir ilbhliantúla comhair le tíortha i mbéal forbartha nó le cláir a bhfuil cur chuige téamúil acu.

2. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 208 den Chonradh seo a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

3. Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

--------------------------------------------------

Top