This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2127
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2127 of 29 September 2021 amending Annex IV to Regulation (EU) No 978/2012 of the European Parliament and of the Council applying a scheme of generalised tariff preferences
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2127 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2127 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe
C/2021/6929
IO L 432, 3.12.2021, p. 7–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
3.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 432/7 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2127 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tír a shainaithníonn na Náisiúin Aontaithe (“NA”) mar cheann de na tíortha is lú forbairt, ba cheart di tairbhiú de na fabhair tharaife a sholáthraítear faoin socrú speisialta Gach Ní Seachas Airm (“EBA”) le haghaidh na dtíortha is lú forbairt. Leagtar síos liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012. |
(2) |
Thug NA ardú céime amach as catagóir na dtíortha is lú forbairt do Vanuatú an 4 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, níl Vanuatú cáilithe a thuilleadh le haghaidh stádas an tairbhí de EBA faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus ba cheart é a bhaint d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, baint Vanatú de liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA, ba cheart feidhm a bheith aici tar éis idirthréimhse 3 bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart Vanuatú a bhaint d’Iarscríbhinn IV agus feidhm a bheith ag an méid sin ón 1 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 978/2012
Sa tábla d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, scriostar an cód aibítre agus an tír chomhfhreagrach seo a leanas ó cholúin A agus B faoi seach:
“VU |
Vanuatú” |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN