This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1242
Council Implementing Regulation (EU) 2021/1242 of 29 July 2021 implementing Regulation (EU) No 267/2012 concerning restrictive measures against Iran
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1242 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1242 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine
ST/10766/2021/INIT
IO L 272, 30.7.2021, p. 4–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1242 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Iúil 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 23 Márta 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 267/2012. |
(2) |
An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/847 (2), lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012. |
(3) |
Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-580/19 (3), ba cheart Sayed Shamsuddin Borborudi a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012. |
(4) |
Thairis sin, ar bhonn athbhreithniú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (4), ba cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine agus gach eintitis atá ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a choimeád, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 21 iontráil a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a nuashonrú. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/847 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 maidir le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 1.).
(3) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 9 Meitheamh 2021, Sayed Shamsuddin Borborudi v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-580/19, ECLI:EU:T:2021:330.
(4) Cinneadh 2010/413/CBES an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:
(1) |
faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”, scriostar an iontráil seo a leanas: “25. Sayed Shamsuddin Borborudi”. |
(2) |
faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:
|
(3) |
faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:
|
(4) |
faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:
|
(5) |
faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps.”, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na hiontrála comhfhreagraí sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:
|