EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1241
Council Implementing Regulation (EU) 2021/1241 of 29 July 2021 implementing Article 21(2) of Regulation (EU) 2016/44 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya and repealing Regulation (EU) No 204/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011
ST/10569/2021/INIT
IO L 272, 30.7.2021, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1241 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Iúil 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
De bhun Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil do dhuine amháin a scrios ós rud é go bhfuil sé básaithe, agus gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine eile agus gach eintitis eile atá ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis chéannachta do dhuine amháin a nuashonrú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)) a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 3 (a bhaineann le TOHAMI, General Khaled); |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6 (a bhaineann AL-MAHMOUDI, Baghdadi):
|