Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1965

Rialachán (AE) 2024/1965 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

ST/9458/2024/INIT

IO L, 2024/1965, 16.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1965/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1965/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1965

16.7.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1965 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/1964 an 15 Iúil 2024 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (2) agus Rialachán (AE) 2018/1542 (3) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2018/1544 agus Rialachán (AE) 2018/1542, agus chun gníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta ag gníomhaithe daonnúla neamhchlaonta a éascú, ba cheart eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí áirithe a ghníomhaíonn mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais a dhíolmhú ón toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, d’eintitis agus do chomhlachtaí ainmnithe, chun críoch daonnúil amháin. Ina theannta sin, ba cheart sásra maolúcháin a thabhairt isteach do na heagraíochtaí agus na gníomhaithe sin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí daonnúla nach féidir leo leas a bhaint as an díolúine dhaonnúil sin.

(3)

An 15 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1964 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544. Le Cinneadh (CBES) 2024/1964, tugtar isteach eisceachtaí daonnúla ó na bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach.

(4)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1542 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) 2018/1542, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2a

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha arna soláthar ag eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, ar comhaontú é ar ar a bhonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar cistí nó acmhainní den sórt sin go heisiach chun críoch daonnúil.

2.   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 d’Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha a mheasann siad a bheith iomchuí, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin go heisiach chun críoch daonnúil.

3.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 2 nó 3 laistigh de 2 sheachtain ó dháta deonaithe an údaraithe sin.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)   IO L, 2024/1964, 16.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1964/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach, (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach (IO L 259, 16.10.2018, lch. 12).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1965/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top