This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R0080
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/80 of 27 January 2021 concerning the non-approval of carbon dioxide as a basic substance in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/80 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 maidir le neamh-fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/80 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 maidir le neamh-fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/376
IO L 29, 28.1.2021, p. 10–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 29/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/80 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Eanáir 2021
maidir le neamh-fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2)
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 27 Feabhra 2018, fuair an Coimisiún iarratas ó Dr. Knoell Consult GmbH maidir le dé-ocsaíd charbóin de ghrád bia (E 290) a fhormheas mar shubstaint bhunúsach (Uimh. CAS 124-38-9). San iarratas rinneadh tagairt d’úsáid mar thoitreán iarbhuainte i gcoinne feithidí agus fíneog. |
(2) |
Tá dé-ocsaíd charbóin formheasta cheana féin mar shubstaint ghníomhaíoch le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí ón 1 Meán Fómhair 2009 (2) agus áirítear í i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3). |
(3) |
Faoi láthair tá dé-ocsaíd charbóin formheasta agus curtha ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí i roinnt Ballstát. Tá sonraíocht chéannacht na substainte san iarratas ar fhormheas mar shubstaint bhunúsach comhionann le ceann na substainte gníomhaí formheasta. |
(4) |
Cé go bhforáiltear leis an tríú fomhír go measfar gur substaint bhunúsach atá in earraí bia, in Airteagal 23(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 eisiatar formheas dé-ocsaíde carbóin de ghrád bia, mar nach féidir substaint a fhormheas mar shubstaint bhunúsach, i measc critéir eile, má chuirtear ar an margadh é mar tháirge cosanta plandaí. Maidir le dé-ocsaíd charbóin de ghrád bia, áfach, faoi láthair tá sí curtha ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí. |
(5) |
Tá an Rialachán seo gan dochar do chur isteach iarratais nua ar fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nuair a rachaidh an formheas atá ann faoi láthair le haghaidh dé-ocsaíd charbóin mar shubstaint bunúsach i léig agus nuair a bheidh na húdaruithe go léir do tháirgí cosanta plandaí ar dé-ocsaíd charbóin atá iontu tarraingthe siar nó dulta in éag. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ní fhormheastar an tsubstaint dé-ocsaíd charbóin (E 290) mar shubstaint bhunúsach.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh, (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 an 25 Bealtaine 2011 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).