EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0080

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/80 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 maidir le neamh-fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/376

OJ L 29, 28.1.2021, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/80/oj

28.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/80 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2021

maidir le neamh-fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2)

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Feabhra 2018, fuair an Coimisiún iarratas ó Dr. Knoell Consult GmbH maidir le dé-ocsaíd charbóin de ghrád bia (E 290) a fhormheas mar shubstaint bhunúsach (Uimh. CAS 124-38-9). San iarratas rinneadh tagairt d’úsáid mar thoitreán iarbhuainte i gcoinne feithidí agus fíneog.

(2)

Tá dé-ocsaíd charbóin formheasta cheana féin mar shubstaint ghníomhaíoch le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí ón 1 Meán Fómhair 2009 (2) agus áirítear í i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3).

(3)

Faoi láthair tá dé-ocsaíd charbóin formheasta agus curtha ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí i roinnt Ballstát. Tá sonraíocht chéannacht na substainte san iarratas ar fhormheas mar shubstaint bhunúsach comhionann le ceann na substainte gníomhaí formheasta.

(4)

Cé go bhforáiltear leis an tríú fomhír go measfar gur substaint bhunúsach atá in earraí bia, in Airteagal 23(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 eisiatar formheas dé-ocsaíde carbóin de ghrád bia, mar nach féidir substaint a fhormheas mar shubstaint bhunúsach, i measc critéir eile, má chuirtear ar an margadh é mar tháirge cosanta plandaí. Maidir le dé-ocsaíd charbóin de ghrád bia, áfach, faoi láthair tá sí curtha ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí.

(5)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur isteach iarratais nua ar fhormheas dé-ocsaíde carbóin mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nuair a rachaidh an formheas atá ann faoi láthair le haghaidh dé-ocsaíd charbóin mar shubstaint bunúsach i léig agus nuair a bheidh na húdaruithe go léir do tháirgí cosanta plandaí ar dé-ocsaíd charbóin atá iontu tarraingthe siar nó dulta in éag.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní fhormheastar an tsubstaint dé-ocsaíd charbóin (E 290) mar shubstaint bhunúsach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh, (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 an 25 Bealtaine 2011 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


Top