This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 42000A0922(01)
Limistéar Schengen
Comhar
D’eascair comhar Schengen ó phlean tosaigh idir dornán rialtas go réimse beartais lánfheidhme AE sna céimeanna seo a leanas.
Comhaltas
Seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha i ngníomh
Teorainneacha seachtracha
De réir a chéile, tá limistéar Schengen tar éis rialuithe ar a theorainneacha seachtracha a dhéanamh níos doichte, agus iad á gcomhdhlúthú in aon sraith rialacha amháin. Clúdaítear sna rialacha sin anois:
Córas faisnéise Schengen (SIS)
Maidir leis an mbunachar sonraí mórscála seo:
Córas faisnéise víosaí (VIS)
Leis an gcóras faisnéise víosaí is féidir le tíortha Schengen sonraí faoi víosaí a roinnt, go háirithe maidir le hiarratais ghearrthéarmacha ar víosaí. Amhail córas faisnéise Schengen, is í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) a oibríonn é.
Coinníollacha Comhaltais
Ní mór do thíortha atá ag cur isteach ar dhul isteach i limistéar Schengen coinníollacha áirithe a chomhlíonadh agus ní mór dóibh a bheith in ann:
Tháinig Comhaontú Schengen, a raibh seacht mBallstát páirteach ann ar dtús, i bhfeidhm an 26 Márta 1995, lenar cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Acquis Schengen — Comhaontú idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (IO L 239, 22.9.2000, lgh. 13–18).
Acquis Schengen — Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (IO L 239, 22.9.2000, lgh. 19–62).
Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1–131).
Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 27–84).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/817 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 1–13).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 14–55).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56–106).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 39–58).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99–137).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 a bhaineann le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1–52).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lgh. 27–37).
Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail ar Víosaí (Cód Víosa) (IO L 243, 15.9.2009, lgh. 1–58).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60–81).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 29.01.2024