Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíochta i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

Bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíochta i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíochta i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

Cinneadh (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise agus a rannpháirtíochta i bhfogha na Rúise faoin Úcráin.

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

  • Le Cinneadh 2012/642/CBES agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 leagtar amach smachtbhannaí atá le forchur ar réimeas na Bealarúise agus ar a lucht tacaíochta.
  • Tar éis toghcháin sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020 agus tar éis brú faoi chois ina dhiaidh sin ar an tsochaí shibhialta agus ar ghníomhaithe an fhreasúra, cuireadh toirmeasc taistil agus reo sócmhainní i bhfeidhm ar dhaoine aonair agus ar chomhlachtaí nó ar eintitis, tar éis cinntí agus rialacháin a chur chun feidhme.
  • Cuireadh smachtbhannaí breise i bhfeidhm tar éis eitilt ó Ryanair a thuirlingt go héigeantach go mídhleathach i Mionsc i mí na Bealtaine 2021. Áirítear orthu sin toirmeasc ar eitilt os cionn chríoch an AE agus ar rochtain ar aerfoirt an AE ag eitiltí arna n-oibriú ag aerlínte ón mBealarúis.
  • I mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2022, tar éis ionradh gan údar fhórsaí armtha na Rúise ar an Úcráin agus tar éis rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh pacáiste cuimsitheach smachtbhannaí breise.
  • I mí an Mheithimh 2022, chinn an tAontas Eorpach raon feidhme na smachtbhannaí a leathnú chun na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Márta 2022 a chur chun feidhme tuilleadh i ndiaidh rannpháirtíocht na Bealarúise in bhfogha míleata na Rúise faoi Úcráin.
  • I mí Lúnasa 2023, ghlac an tAontas tuilleadh smachtbhannaí maidir le mí–úsáidí as cearta an duine, mar aon le bearta sriantacha spriocdhírithe breise mar fhreagairt ar an rannpháirtíocht i bhfogha míleata na Rúise faoin Úcráin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad conarthaí an Aontais Eorpaigh (AE) na bunúis dlí atá ag an Aontas Eorpach maidir le smachtbhannaí a fhorchur ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Bearta sriantacha (smachtbhannaí)

Le Cinneadh 2012/642/CBES agus le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 leagtar amach an méid seo a leanas.

  • Toirmeasc ar onnmhairiú arm agus trealaimh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cur faoi chois inmheánach (liostaítear trealamh dá leithéid in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán).
  • Toirmeasc ar dhíol, ar sholáthar, ar aistriú nó ar onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlóin mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 lena gcuirtear chun feidhme Phrótacal na Náisiún Aontaithe in aghaidh Monarú Aindleathach agus Gáinneáil ar Airm Thine (féach an achoimre), agus arm tine agus airm eile mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n–úsáid sa Bhealarúis.
  • Toirmeasc ar chúnamh teicniúil, ar chúnamh airgeadais nó ar sheirbhísí bróicéireachta a sholáthar i ndáil le trealamh den sórt sin.
  • Reo sócmhainní (reo cistí (sócmhainní agus tairbhí de gach cineál) agus acmhainní eacnamaíocha) agus toirmeasc taistil (lena gcuirtear srian ar dhaoine aonair dul isteach i mBallstáit AE) maidir leo siúd:
    • atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine;
    • a bhfuil an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach á gcur faoi chos acu;
    • atá freagrach as gníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn amach agus amach den daonlathas nó den smacht reachtach sa Bhealarúis;
    • a dhéanann tairbhe do réimeas Lukashenko nó a thacaíonn leis.

liosta cothrom le dáta dóibh siúd atá faoi réir reo sócmhainní agus toirmisc taistil ceangailte leis an gcinneadh agus leis an rialachán.

Conclúidí ón gComhairle ó Dheireadh Fómhair 2020

  • D’fhógair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nach raibh na toghcháin a tionóladh sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020 “faoi shaoirse ná cóir”. Chomh maith le reo sócmhainní breise agus toirmisc taistil bhreise a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1387, chuir an tAontas Eorpach in iúl go raibh sé sásta an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • bearta sriantacha breise a ghlacadh i gcoinne oifigigh ardchéimiúla lena n–áirítear Alexander Lukashenko;
    • a chomhar le húdaráis lárnacha na Bealarúise a laghdú;
    • a thacaíocht do mhuintir na Bealarúise agus dá sochaí shibhialta a mhéadú, agus athruithe a dhéanamh ar a chúnamh airgeadais dá réir sin.
  • Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1650 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1648 nuashonraítear liosta na n–oifigeach ardchéimiúil atá faoi réir bhearta sriantacha AE, lena n–áirítear Alexander Lukashenko.
  • Mar fhreagairt ar bhrúidiúlacht údaráis na Bealarúise agus chun tacú le cearta daonlathacha mhuintir na Bealarúise, d’aontaigh an Chomhairle, an 19 Samhain 2020, leanúint ar aghaidh le babhta eile smachtbhannaí a ullmhú. I bhfianaise an bhrú faoi chois leanúnaigh ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/2130, cuirtear 29 duine agus 7 n–eintiteas leis an liosta atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2129, cuirtear an 29 duine agus na 7 n–eintiteas sin le liosta na ndaoine nádúrtha agus na ndaoine dlítheanacha, na n–eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

Conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí na Bealtaine 2021

  • Tar éis eitilt Ryanair a thuirlingt go héigeantach go mídhleathach i Mionsc i mí na Bealtaine 2021, d’iarr an Chomhairle Eorpach an méid seo a leanas:
    • an t–iriseoir Raman Pratasevich agus a bhean chéile Sóifia Sapega a scaoileadh saor láithreach agus chun a saorghluaiseacht a ráthú;
    • an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta le himscrúdú a dhéanamh go práinneach ar an teagmhas.
  • I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Chomhairle an méid seo a leanas:
    • Cinneadh (CBES) 2021/908 agus Rialachán (AE) 2021/907 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 lena dtoirmisctear aon aerárthach arna oibriú ag aerlínte na Bealarúise tuirlingt ar chríoch an Aontais, éirí de thalamh óna chríoch nó eitilt thar a chríoch, ach amháin má údaraítear sin go sonrach i gcúinsí áirithe;
    • Cinneadh (CBES) 2021/1001 agus Rialachán (AE) 2021/996 lena leasaítear tuilleadh Cinneadh 2012/642/CBES agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun scaoileadh cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a údarú agus chun duine amháin ón mBealarúis a chur le liosta na ndaoine atá faoi smachtbhannaí;
    • Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/1002 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/997 lena leasaítear, faoi seach, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun 77 duine aonair agus 7 nduine dhlítheanacha a áireamh ar liosta na ndaoine atá faoi smachtbhannaí;
    • Cinneadh (CBES) 2021/1031 agus Rialachán (AE) 2021/1030 lena leasaítear, faoi seach, Cinneadh 2012/642/CBES agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 lena leagtar amach sainmhínithe ar earraí dé–úsáide agus teicneolaíocht dé–úsáide, seirbhísí infheistíochta, urrúis inaistrithe, ionstraimí margaidh airgid agus institiúidí creidmheasa agus lena dtugtar isteach toirmeasc ar dhíol, ar sholáthar nó ar aistriú trealaimh, teicneolaíochta agus bogearraí a bheartaítear lena n–úsáid ag údaráis na Bealarúise chun faireachán a dhéanamh ar chumarsáidí teileafóin nó iad a idircheapadh.
  • I mí na Samhna 2021, ghlac an Chomhairle na gníomhartha dlí seo a leanas.
    • Cinneadh (CBES) 2021/1989, lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES agus lena dtugtar isteach eisceachtaí áirithe ón toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise, chun iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint. Le Rialachán (AE) 2021/1986, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun teacht leis an athrú sin.
    • Le Cinneadh (CBES) 2021/1990 tugtar isteach critéar breise le go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne na ndaoine sin a eagraíonn nó a chuireann le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenko lena n–éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha AE nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n–áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch an Aontais Eorpaigh. Le Rialachán (AE) 2021/1985, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun teacht leis an athrú sin.

Smachtbhannaí arna bhforchur mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin, a thosaigh in 2022

  • Ar an 24 Feabhra 2022, tar éis ionradh gan údar ar an Úcráin ag fórsaí armtha na Rúise agus tar éis rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin ar an Úcráin, chuir an tArdionadaí in iúl go n–áireofaí i bhfreagairt an Aontais Eorpaigh bearta sriantacha earnálacha agus bearta sriantacha aonair araon. Ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/337 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES (féach an achoimre) agus Rialachán (AE) 2022/336 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad.
  • An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/354 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/353 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, Cinneadh (CBES) 2022/356 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES agus Rialachán (AE) 2022/355 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. Tá srianta spriocdhírithe sna gníomhartha sin:
    • i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar 22 duine de phearsanra míleata ardchéimneach na Bealarúise i bhfianaise a róil i gcinnteoireacht agus i bpleanáil straitéiseach as ar eascair rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise ar an Úcráin;
    • maidir le trádáil earraí a úsáidtear chun táirgí tobac, breoslaí mianracha, substaintí biotúmanacha agus táirgí hidreacarbóin ghásacha, táirgí clóiríde potaisiam (potais), táirgí adhmaid, táirgí stroighne, táirgí iarainn agus cruach agus táirgí rubair a tháirgeadh nó a mhonarú;
    • maidir le honnmhairiú earraí dé–úsáide agus teicneolaíochta, agus earraí áirithe ardfhorbartha agus teicneolaíochta a d’fhéadfadh cuidiú le forbairt mhíleata, theicneolaíoch, chosanta agus slándála na Bealarúise agus le srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara.
  • An 9 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/399 agus Rialachán (AE) 2022/398. Leis na gníomhartha seo:
    • cuirtear toirmeasc ar liostú agus ar sholáthar seirbhísí a bhaineann le scaireanna eintitis na Bealarúise atá faoi úinéireacht stáit ar ionaid trádála an Aontais Eorpaigh;
    • déantar taiscí airgeadais ón mBealarúis chuig an AE a theorannú;
    • cuirtear cosc ar idirbhearta le banc ceannais na Bealarúise;
    • cuirtear srian ar sholáthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais d’institiúidí creidmheasa áirithe na Bealarúise agus dá bhfochuideachtaí Bealarúiseacha; agus
    • i gcomhthéacs an aerspáis Eorpaigh aonair, a cheangal ar an mbainisteoir líonra do bhainistiú aerthráchta gach plean eitilte arna gcomhdú ag oibreoirí aerárthaí a dhiúltú, ar pleananna lena gcuirtear in iúl go bhfuil sé ar intinn acu gníomhaíochtaí a chur i gcrích thar chríoch AE nó thar chríoch na Bealarúise arb ionann iad agus sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, a mhéid is nach gceadófar don phíolóta eitilt.
  • An 8 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle an Cinneadh (CBES) 2022/579 agus Rialachán (AE) 2022/577, lena léirítear tuilleadh smachtbhannaí eacnamaíocha mar fhreagra ar rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise ar an Úcráin, d’fhonn srian éifeachtach a chur le cumas na Rúise leanúint leis an ionsaí:
    • toirmeasc ar urrúis inaistrithe atá ainmnithe in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a eisíodh i ndiaidh an 12 Aibreán 2022 nó in aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta lena soláthraítear neamchosaint ar urrúis den sórt sin, a dhíol le haon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó le haon duine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis;
    • toirmeasc ar nótaí bainc atá ainmnithe in aon airgeadra oifigiúil de chuid Ballstáit a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú go dtí an Bhealarúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, lena n–áirítear rialtas agus banc ceannais na Bealarúise, nó le húsáid sa Bhealarúis, cé is moite de roinnt eisceachtaí;
    • toirmeasc ar aon ghnóthas iompair de bhóthar atá bunaithe sa Bhealarúis earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch AE, lena n–áirítear earraí faoi bhealach, cé is moite de roinnt eisceachtaí agus maoluithe.
  • An 3 Meitheamh 2022, mar fhreagra ar rannpháirtíocht leanúnach na Bealarúise in ionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas Eorpach smachtbhannaí nua i gcoinne na Bealarúise freisin. Le Cinneadh (CBES) 2022/882 méadaítear liosta na n–eintiteas atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe chun earraí agus teicneolaíocht dé–úsáide a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, mar aon le hearraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála. Méadaítear le Cinneadh (CBES) 2022/882 chomh maith liosta na mbanc agus na bhfochuideachtaí sa Bhealarúis atá faoi réir bearta sriantacha maidir le soláthar sainseirbhísí teachtaireachtaí airgeadais a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú (toirmeasc SWIFT). Le Rialachán (AE) 2022/877, leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun teacht leis na hathruithe sin.

    Ar an lá céanna, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876, lena gcuirtear 12 dhuine aonair nua agus 8 n–eintiteas nua le liosta na ndaoine, na n–eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha i bhfianaise thromchúis na staide sa Bhealarúis, agus na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine agus chur faoi chois na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh.

  • I mí Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1601, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1591 agus Rialachán (AE) 2023/1594. Leis na gníomhartha sin, cuireadh 38 duine aonair agus 3 eintiteas eile leis atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cur faoi chois na sochaí sibhialta agus an daonlathais leis an liosta smachtbhannaí, rud a fhágann go bhfuil 233 duine aonair agus 37 eintiteas ar an iomlán air. Tá feidhm ag toirmisc onnmhairiúcháin anois maidir le hearraí agus teicneolaíocht a úsáidtear sna tionscail eitlíochta agus spáis; maidir le hairm thine, a gcomhpháirteanna agus a gcomhpháirteanna riachtanacha agus armlón; agus maidir le hearraí agus teicneolaíocht dé–úsáide. Tá an toirmeasc onnmhairiúcháin seo deartha chun dul i ngleic le sárú trí thacaíocht leanúnach na hÚcráine d’fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin a chomhrac agus ar an dóigh sin déantar tionchar agus cumhachta smachtbhannaí AE a threisiú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm le Cinneadh 2012/642/CBES ón 01 Samhain 2012 i leith.
  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón 20 Bealtaine 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 285, 17.10.2012, lgh. 1–52).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2012/642/CBES a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i gcoinne an Uachtaráin Lukashenko agus i gcoinne oifigigh áirithe de chuid na Bealarúise (IO L 134, 20.5.2006, lgh. 1–11).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Cúig — Gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean–Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhartha lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad (IO L 78, 17.3.2014, lgh. 16–21).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhartha lena mbaintear an bonn de shláine críche, de cheannas agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena gcuirtear i mbaol iad (IO L 78, 17.3.2014, lgh. 6–15).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 258/2012 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena gcuirtear Airteagal 10 de Phrótacal na Náisiún Aontaithe i gcoinne monarú agus gáinneáil aindleathach arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh coireachta eagraithe trasnáisiúnta (Prótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe) chun feidhme, agus lena mbunaítear bearta i ndáil le húdarú onnmhairithe, le hallmhairithe agus le hidirthurais le haghaidh arm tine, a bpáirteanna agus a gcomhpháirteanna agus armlóin (IO L 94, 30.3.2012, lgh. 1–15).

Nuashonraithe 17.01.2024

Top