This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32017R1151
Nós Imeachta Tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí Saothair Éadroim (WLTP) agus Fíorastaíochtaí (RDE)
Ní mór don mhonaróir seiceálacha a dhéanamh lena áirithiú go gcloíonn na feithiclí go léir a tháirgeann an monaróir leis an cineálcheadú agus go gcloíonn siad leis na teorainneacha astaíochtaí.
Ní mór seiceálacha a dhéanamh lena áirithiú go gcloíonn feithiclí a gcoinnítear agus a úsáidtear i gceart leis na teorainneacha astaíochtaí le linn a saolré ionchais, a shocraítear idir:
Ós rud é gur léiríodh i staidéir le déanaí go bhfuil difríocht shuntasach idir meán–fhíorastaíochtaí dé–ocsaíde carbóin (CO2) na bhfeithiclí hibrideacha inluchtaithe agus a n–astaíochtaí CO2 arna gcinneadh leis an WLTP, lena áirithiú go bhfuil na hastaíochtaí CO2 arna gcinneadh d’fheithiclí den sórt sin ionadaíoch d’iompar fíortiománaithe, déantar na fachtóirí úsáide a chuirtear i bhfeidhm chun críche an chinnidh maidir le hastaíochtaí CO2 tráth an chineálcheadaithe a leasú le Rialachán leasaitheach (AE) 2023/443.
Sainítear leis an rialacháin fachtóirí úsáide3 nua ar bhonn na sonraí atá ar fáil atá infheidhme ó mhí Mheán Fómhair 2023. Déanfar na fachtóirí sin a athbhreithniú chun teacht ar bhealach níos fearr le fíordhálaí, ag cur san áireamh sonraí ó fheiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla feithiclí dá leithéid agus baileofar iad i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún in 2025 agus arís in 2027.
Tá sé i bhfeidhm ón .
Le teacht ar fhorléargas, féach:
Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, , lgh. 1–643).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1151 a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí