Nós Imeachta Tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí Saothair Éadroim (WLTP) agus Fíorastaíochtaí (RDE)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2017/1151 — lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglais i gcomhair chineálcheadú AE

Iarratas a dhéanamh i gcomhair chineálcheadú AE

Comhréireacht táirgeachta

Ní mór don mhonaróir seiceálacha a dhéanamh lena áirithiú go gcloíonn na feithiclí go léir a tháirgeann an monaróir leis an cineálcheadú agus go gcloíonn siad leis na teorainneacha astaíochtaí.

Comhréireacht inseirbhíse

Ní mór seiceálacha a dhéanamh lena áirithiú go gcloíonn feithiclí a gcoinnítear agus a úsáidtear i gceart leis na teorainneacha astaíochtaí le linn a saolré ionchais, a shocraítear idir:

Feistí rialaithe truaillithe

Astaíochtaí feithiclí hibrideacha inluchtaithe

Ós rud é gur léiríodh i staidéir le déanaí go bhfuil difríocht shuntasach idir meán–fhíorastaíochtaí dé–ocsaíde carbóin (CO2) na bhfeithiclí hibrideacha inluchtaithe agus a n–astaíochtaí CO2 arna gcinneadh leis an WLTP, lena áirithiú go bhfuil na hastaíochtaí CO2 arna gcinneadh d’fheithiclí den sórt sin ionadaíoch d’iompar fíortiománaithe, déantar na fachtóirí úsáide a chuirtear i bhfeidhm chun críche an chinnidh maidir le hastaíochtaí CO2 tráth an chineálcheadaithe a leasú le Rialachán leasaitheach (AE) 2023/443.

Sainítear leis an rialacháin fachtóirí úsáide* nua ar bhonn na sonraí atá ar fáil atá infheidhme ó mhí Mheán Fómhair 2023. Déanfar na fachtóirí sin a athbhreithniú chun teacht ar bhealach níos fearr le fíordhálaí, ag cur san áireamh sonraí ó fheiste ar bord lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla feithiclí dá leithéid agus baileofar iad i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún in 2025 agus arís in 2027.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 27 Iúil 2017.

CÚLRA

Le teacht ar fhorléargas, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cineálcheadú. An nós imeachta trína ndeimhnítear táirge chun freastal ar íosmhéid de cheanglais rialála agus theicniúla.
Feistí sáraithe. Athruithe a dhéantar d’aon turas ar an gcóras rialaithe astaíochtaí, atá ceaptha chun a éifeachtacht a laghdú go saorga faoi ghnáthúsáid feithiclí.
Fachtóirí úsáide. Cóimheasa atá bunaithe ar staidreamh tiomána a bhraitheann ar an raon a bhaintear amach faoi dhálaí ídithe luchtaithe, agus úsáidtear iad chun comhdhúile astaíochta gáis sceite ídithe luchtaithe agus cothaithe luchtaithe, astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a ualú le haghaidh feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe sheachtraigh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 1–643).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1151 a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/443 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um chineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (IO L 66, 2.3.2023, lgh. 1–237).

Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le feithiclí saothair éadroim a cheadú i dtaca le hastaíochtaí critéar, astaíochtaí dé–ocsaíde carbóin agus ídiú breosla agus/nó i dtaca le hídiú fuinnimh leictrigh agus raon leictreach a thomhas (WLTP) (IO L 290, 10.11.2022, lgh. 1–625).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 (IO L 77, 5.3.2021, lgh. 8–25).

Rialachán Uimh. 103 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) — Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú athsholáthair rialaithe truaillithe le haghaidh feithiclí cumhacht–tiomáinte (IO L 207, 10.8.2017, lgh. 30–42).

Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lgh. 1–16).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.02.2024