Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dlí an Aontais

De réir na rialacha, is éard atá i ndlí an Aontais na Conarthaí bunaidh (reachtaíocht phríomha) agus na gníomhartha dlí a ghlacann institiúidí Eorpacha, lena gcuireann ar chumas an Aontais Eorpaigh a chumhachtaí a fheidhmiú (reachtaíocht thánaisteach: rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí).

I gcomhthéacs níos leithne, cuimsítear i ndlí an Aontais rialacha uile dhlíchóras an Aontais, lena n–áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha (ó Chonradh Liospóin) agus na prionsabail ghinearálta arna mbunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Is cuid dhílis de dhlí an Aontais iad comhaontuithe idirnáisiúnta le tíortha neamh–AE nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá na comhaontuithe sin ar leithligh ón reachtaíocht phríomha agus ón reachtaíocht thánaisteach agus tá siad ina gcuid de chatagóir sui generis. De réir roinnt breithiúnas ó CBAE, is féidir leo éifeacht dhíreach a bheith acu agus tá a bhfeidhm dhlíthiúil níos airde ná an reachtaíocht thánaisteach, nach mór di, dá bhrí sin, iad a chomhlíonadh.

FÉACH FREISIN

Top