EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R1141

Maoiniú trédhearcach do pháirtithe polaitiúla Eorpacha

Maoiniú trédhearcach do pháirtithe polaitiúla Eorpacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is é is aidhm dó córas sonrach dlíthiúil, airgeadais agus rialála a chruthú do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha*. Cuireann sé lena n-infheictheacht, lena n-aitheantas agus lena n-éifeachtacht trí phearsantacht dhlítheanach* Eorpach agus cistiú níos solúbtha a thabhairt dóibh.
  • Le Rialachán Leasaitheach (AE, Euratom) 2018/673, déantar roinnt de na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 a ghéarú, mar shampla maidir le clárú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla, agus trédhearcacht maidir le cláir pholaitiúla agus lógónna páirtithe.
  • Is é is aidhm do Rialachán leasaitheach (AE, Euratom) 2019/493 cosc a chur ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha mí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (PE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leis an rialachán, cruthaítear an tÚdarás do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha neamhspleách (APPF) a chláraíonn, a fhíoraíonn agus a d’fhéadfadh pionóis a ghearradh ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. Cuimsítear faisnéis maidir leis na páirtithe agus na fondúireachtaí i gclár ar líne atá ar fáil don phobal.
  • Chun clárú le APPF mar pháirtí polaitiúil Eorpach, comhaontas polaitiúil* coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:
    • suíomh a bheith aige i mBallstát den Aontas Eorpach (AE) mar a léirítear ina reachtanna;
    • ballpháirtithe a bheith acu, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, ag comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna), de pharlaimintí náisiúnta, de pharlaimintí réigiúnacha nó de thionóil réigiúnacha (coinníoll i Rialachán (AE) 2018/673); nó
    • go bhfuair sé nó a bhallpháirtithe, in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, 3 % ar a laghad de na vótaí a caitheadh i ngach ceann de na tíortha sin ag na toghcháin is déanaí do Pharlaimint na hEorpa;
    • ní féidir lena bhallpháirtithe a bheith ina gcomhaltaí de pháirtí polaitiúil Eorpach eile (chun baill aonair de pháirtí náisiúnta atá i níos mó ná páirtí Eorpach amháin a sheachaint chun rochtain ar chistí poiblí a uasmhéadú).
  • Má theipeann ar pháirtí Eorpach agus a fhondúireacht chleamhnaithe na coinníollacha a chomhlíonadh, nó faisnéis bhréagach a chur ar fáil agus é ag clárú, féadfaidh APPF é a dhíchlárú; féadfar fíneáil a ghearradh ar pháirtithe nó iad a bhaint den chlár i gcás sáruithe áirithe ar na rialacha.
  • Féadfaidh páirtithe leas a bhaint as maoiniú AE chun feachtais toghcháin PE a mhaoiniú; ní mór do na páirtithe caiteachas a bhaineann le feachtais a shainaithint go soiléir ina ráitis airgeadais bhliantúla.
  • Féadfaidh páirtí polaitiúil Eorpach cláraithe a bhfuil Feisire amháin ar a laghad aige iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú AE.
  • Ní mór do pháirtithe náisiúnta an lógó agus an forógra polaitiúil dá bpáirtí Eorpach cleamhnaithe a léiriú ar a suíomhanna gréasáin mar choinníoll chun cistí a rochtain. Ní mór do bhallpháirtithe é seo a dhéanamh 12 mhí ar a laghad sula gcuirtear isteach na hiarratais ar mhaoiniú.
  • Áirithítear le Rialachán (AE) 2018/673 go leithdháiltear 10% den chistiú bliantúil ón Aontas go cothrom idir na páirtithe incháilithe. Déantar an 90% eile a dháileadh de réir líon a FPEanna. Tá feidhm ag an riail dáilte chéanna maidir le fondúireachtaí polaitiúla, a bhféadfadh 90% dá gcostais bhliantúla a aisíoc.
  • Tá rialacha dochta i bhfeidhm maidir le tabhartais bhliantúla aonair a ghlacfadh páirtithe agus fondúireachtaí. Ní bheidh sé sin níos mó ná €18,000. Ní mór aon síntiúis os cionn €12,000 a thuairisciú láithreach don APPF. Níl gá ainmneacha bronntóirí tabhartas aonair nach bhfuil níos ná €1,500 a fhoilsiú. Ní ghlacfar tabhartais gan ainm.
  • Le Rialachán Leasaitheach (AE, Euratom) 2019/493, tugadh isteach córas fíneálacha ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a sháraíonn rialacha cosanta sonraí chun tionchar a imirt d’aon turas nó chun iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar thoradh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Nuair a chinneann údarás maoirseachta náisiúnta gur tharla sé sin, cuireann sé APPF ar an eolas, a chuireann an t-ábhar faoi bhráid an choiste de dhaoine neamhspleácha oirirce. Bunaithe ar thuairim an choiste, féadfaidh APPF a chinneadh pionós airgeadais a fhorchur, a fhéadfaidh a bheith chomh hard le 5% de bhuiséad bliantúil an pháirtí nó na fondúireachta Eorpaí lena mbaineann. Níl cead ag an bpáirtí ná ag an bhfondúireacht atá faoi smachtbhannaí maoiniú a fháil ó bhuiséad an Aontais an bhliain dár gcionn.
  • Is féidir le Parlaimint na hEorpa méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil, agus ní mór do dhaoine aonair atá ciontach i gcalaois cistí a cailleadh a íoc ar ais. Iarrfar ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh imscrúdú a dhéanamh ar mhí-úsáidí líomhnaithe amach anseo (féach achoimre).
  • Tá rialacha maidir le ranníocaíochtaí bhuiséad AE le páirtithe polaitiúla Eorpacha cuimsithe i Rialachán (AE) 2018/1046, rialachán airgeadais AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2017.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

An fhondúireacht pholaitiúil Eorpach. Aonán atá cleamhnaithe go foirmiúil le páirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe le APPF agus atá, trína ghníomhaíochtaí, laistigh de na haidhmeanna agus na bunluachanna atá á saothrú ag an Aontas, mar bhonn agus mar chomhlánú ar chuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh trí cheann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:
  • an díospóireacht ar cheisteanna maidir le beartas poiblí Eorpach agus maidir leis an bpróiseas um lánpháirtíocht Eorpach a bhreathnú, a anailísiú agus cur léi;
  • gníomhaíochtaí a fhorbairt a bhaineann le ceisteanna maidir leis an mbeartas poiblí Eorpach, amhail seimineáir, oiliúint, comhdhálacha agus staidéar ar cheisteanna dá leithéid a eagrú idir na geallsealbhóirí ábhartha agus tacú leo, lena n–áirítear eagraíochtaí na hóige agus ionadaithe eile de chuid na sochaí sibhialta;
  • comhar a fhorbairt chun daonlathas a chur chun cinn, lena n–áirítear i dtíortha neamh-AE;
  • feidhmiú mar chreat d’fhondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, d’acadóirí agus do dhaoine aonair agus comhlachtaí ábhartha eile chun oibriú le chéile ar leibhéal an Aontais.
Pearsantacht dhlítheanach. Cearta agus dualgais dhlíthiúla a bheith aige nó aici, amhail a bheith in ann conarthaí a dhéanamh, agra a dhéanamh agus a bheith inagartha.
Comhaontas polaitiúil. Comhar struchtúrtha idir páirtithe polaitiúla agus/nó saoránaigh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lgh. 1–27).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 1 Iúil 2019 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO C 249, 25.7.2019, lgh. 2–46).

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1–222).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2017 maidir le cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach (2017/2733(RSP)) (IO C 331, 18.9.2018, lch. 150).

Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1–71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.03.2023

Barr