This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Is éard is rialacháin ann ná gníomhartha dlíthiúla a shainítear in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Cuirtear rialacháin i bhfeidhm go ginearálta, tá siad ina gceangal go huile agus go hiomlán agus tá siad infheidhmithe go díreach i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh (AE). Tá rialachán ina chuid de dhlí tánaisteach an Aontais Eorpaigh, an corpas dlí a thagann as na prionsabail agus na cuspóirí atá leagtha amach i gconarthaí AE (dlí príomha).
Dírítear rialachán ar chatagóirí teibí daoine, ní ar dhaoine aitheanta. Idirdhealaíonn sé sin é ó chinneadh, arna shainmhíniú in Airteagal 288, CFAE. Tá an cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán.
Ní mór dóibh siúd ar a gcuirtear an rialachán i bhfeidhm, cloí go hiomlán leis. Is gníomh dlíthiúil é atá ina cheangal orthu seo a leanas:
Tá rialachán infheidhmithe go díreach i mBallstáit uile AE. Ciallaíonn sé sin:
Ón dáta a thagann rialachán i bhfeidhm (dáta a leagtar amach ann nó, ina éagmais sin, 20 lá tar éis a fhoilsithe san Iris Oifigiúil) beidh sé infheidhmithe i mBallstáit uile AE. Tá ceangal comhuaineach, uathoibríoch agus aonfhoirmeach ag éifeachtaí dlíthiúla an rialacháin sna reachtaíochtaí náisiúnta uile.
Faoi Airteagal 290 den CFAE, féadfaidh an Coimisiún rialacháin tarmligthe a ghlacadh chun sonraí nó gnéithe áirithe rialacháin nó threoir AE a shonrú nó a chomhlánú.
Faoi Airteagal 291 den CFAE, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Coimisiún a údarú chun rialacháin a ghlacadh lena áirithiú go gcuirfear reachtaíocht chun feidhme ar an dóigh chéanna ar fud an Aontais Eorpaigh.