EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha nua airgeadais lena rialaítear buiséad AE (Rialachán Airgeadais)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 — na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leis an rialachán déantar na rialacha maidir le dréachtú agus cur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpaigh a nuashonrú agus a shimpliú.
  • Laghdaítear leis an líon foriomlán rialacha faoina leath, á ndéanamh níos gonta agus níos éasca lena gcur i bhfeidhm. Tá na sean-rialacha maidir le cur i bhfeidhm cumaiscthe anois leis an Rialachán Airgeadais i sraith amháin rialacha.
  • De dheasca na n–athruithe tá an nós imeachta iomlán níos soláimhsithe d’fhaighteoirí agus do bhainisteoirí mhaoiniú AE araon.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an Rialachán Airgeadais AE nua:

  • tagann sé in ionad na rialacha agus na nósanna imeachta casta roimhe seo le leabhar aonair rialacha lena n–éascaítear rochtain níos éasca ar mhaoiniú AE, cur chun feidhme níos simplí agus fócas níos géire ar thorthaí;
  • tugtar cúnamh leis d’iarratasóirí ar mhaoiniú AE trí bhíthin
    • laghdú a dhéanamh ar an méid faisnéise a theastaíonn chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú AE
    • a cheadú nach gcaithfear an fhaisnéis agus an fhianaise a chur ar fáil ach uair amháin agus athúsáid a bhaint as
    • úsáid a bhaint as foirmeacha simplithe deontas, amhail cnapshuim, ráta comhréidh agus costais aonaid
    • díriú níos mó ar thorthaí seachas ar chostais iarbhír;
  • éascaítear leis cur chuige iniúchta aonair chun dúbláil agus rialuithe iolracha a sheachaint trí
    • faisnéis atá ar fáil go héasca d’institiúidí AE, d’údaráis bhainistithe agus do chomhlachtaí eile a athúsáid
    • trasiontaoibh ar iniúchtaí atá ann cheana, arna ndéanamh ag iniúchóirí neamhspleácha agus a urramaíonn na bprionsabal a nglactar leo go hidirnáisiúnta, agus ar mheasúnuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach féin agus ag eintitis eile lena n–áirítear údaráis náisiúnta agus comhpháirtithe iontaofa amhail na Náisiúin Aontaithe agus an Banc Domhanda;
  • neartaítear bearta i gcoinne na calaoise trí
    • díriú ar rialuithe agus iniúchtaí ar thionscadail a d’fhéadfadh a bheith amhrasach; cosaint i gcoinne seachaint cánach agus sciúradh airgid trí chosc a chur ar úsáid cuideachtaí caocha* bunaithe i dtearmainn chánach
    • rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a shíneadh chuig údaráis thíortha AE a fhaigheann maoiniú AE
    • nochtadh saorálach na bpáirtithe leasmhara.

Spriocdhátaí buiséadacha bliantúla (go praiticiúil, déanann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iarracht na doiciméid a chur i láthair níos luaithe chun an nós imeachta a éascú)

  • Faoin 1 Iúil: cuireann gach institiúid AE a hioncam agus caiteachas measta le haghaidh na bliana amach romhainn chuig an gCoimisiún Eorpach.
  • Faoin 1 Meán Fómhair: cuireann an Coimisiún dréachtbhuiséad faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
  • Faoin 1 Deireadh Fómhair: cuireann an Chomhairle a tuairim maidir leis an dréachtbhuiséad faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
  • Faoin 18 Nollaig: comhaontaíonn an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa buiséad na bliana atá le teacht.

Gníomhartha tarmligthe

Tá dhá ghníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún bunaithe ar an Rialachán Airgeadais:

  • Leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/715 rialachán réimse airgeadais do chomhlachtaí AE dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán Airgeadais (na gníomhaireachtaí díláraithe den chuid is mó);
  • I Rialachán (AE) 2019/887 tá eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais.

Tagann na gníomhartha tarmligthe sin in ionad rialachán roimhe sin do na comhlachtaí sin.

Neartaítear leis na rialacha nua rialachas na gcomhlachtaí sin, mar shampla maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ní mór do gach comhlacht lena mbaineann rialacha airgeadais a ghlacadh bunaithe ar an dá ghníomh tarmligthe sin. Ní fhéadfaidh siad imeacht uathu ach amháin i gcás ina n–éilíonn a riachtanais shonracha amhlaidh agus tar éis toiliú roimh ré ón gCoimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag formhór na rialacha nua ón 2 Lúnasa 2018. Tá eisceachtaí ar bith liostaithe in Airteagal 282 den rialachán.

CÚLRA

  • Le buiséad bliantúil AE déantar an t–ioncam agus an caiteachas ar fad don Aontas Eorpach a réamh-mheas agus a údarú don bhliain airgeadais atá le teacht (1 Eanáir go 31 Nollaig). Ní mór an t–ioncam agus an caiteachas a bheith ar comhardú.
  • Ceaptar rialuithe inmheánacha agus seachtracha fairsinge chun earráid nó calaois airgeadais ar bith a chosc agus a cheartú. D’fhéadfaí pionóis airgeadais a ghearradh ar chiontóirí. Tá aitheantas fhaighteoirí mhaoiniú AE ar fáil don phobal.
  • Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuideachtaí caocha: cuideachtaí nach mbaineann oibríochtaí gníomhacha gnó nó sócmhainní suntasacha leo go minic. Cé nach gá go bhfuil an cineál sin cuideachta neamhdhleathach, baintear úsáid corruair as cuideachtaí caocha chun críche imghabháil cánach, seachaint cánach agus sciúradh airgid, nó chun sprioc faoi leith amhail anaithnideacht a bhaint amach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do na comhlachtaí comhpháirtíochta poiblí-príobháideacha dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 142, 29.5.2019, lgh. 16-42)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lgh. 1-38)

Ráitis: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (an chéad léamh) — Glacadh an ghnímh reachtaigh (IO L 267I, 30.7.2018, lgh. 1-3)

Nuashonraithe 12.07.2019

Top