Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Is í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) oifig ionchúisitheora neamhspleách phoiblí AE agus tá sí freagrach as déantóirí coire a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE, cuir i gcás calaois, lena n–áirítear calaois CBL trasteorann lena mbaineann damáiste os cionn EUR 10 milliún, sciúradh airgid sócmhainní a fhaightear as calaois dhéanamh ar bhuiséad AE, agus éilliú agus míleithreasú a dhéanann difear do chistí AE, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Tá an inniúlacht ag OIPE le haghaidh cionta maidir le rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil, má dhíríonn gníomhaíocht choiriúil eagraíochta den sórt sin ar chionta a dhéanamh a dhéanann difear do leasanna airgeadais AE.

Bunaíodh OIPE le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, a ghlac 22 tír AE trí bhíthin an nós imeachta um chomhar feabhsaithe. Féadfaidh tíortha AE nach bhfuil rannpháirteach a chinneadh le bheith páirteach in OIPE tráth ar bith.

Feidhmeoidh OIPE mar oifig aonair atá eagraithe ar leibhéal lárnach agus díláraithe. Tá an Phríomh-Oifig, atá lonnaithe i Lucsamburg, comhdhéanta de Choláiste den Phríomh–Ionchúisitheoir Eorpach agus de 22 Ionchúisitheoir Eorpach, ionchúisitheoir amháin ó gach tír rannpháirteach.

Tá an leibhéal díláraithe leabaithe i gcóras ceartais gach tíre rannpháirtí de chuid AE agus tá sé comhdhéanta de bheirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ar a laghad, a chaithfidh a bheith ina mbaill ghníomhacha den tseirbhís ionchúisitheora phoiblí nó de na breithiúna tráth a cheaptar iad mar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha.

Déanann an Phríomh–Oifig na himscrúduithe a dhéanann Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha laistigh de chríoch na tíre rannpháirtí de chuid AE a chomhordú agus a mhaoirsiú. Tugtar cásanna os comhair cúirteanna náisiúnta.

Oibríonn OIPE go dlúth le Eurojust, Europol agus OLAF (an Oifig Eorpach Frith–Chalaoise) agus comhoibríonn sí le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí AE agus le húdaráis thíortha AE nach bhfuil rannpháirteach agus tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

FÉACH FREISIN

Top