Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2037

    Rialachán (AE) 2022/2037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

    PE/34/2022/REV/1

    IO L 275, 25.10.2022, p. 11–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2037/oj

    25.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 275/11


    RIALACHÁN (AE) 2022/2037 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Deireadh Fómhair 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun na rialacha is nuashonraithe le haghaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Leasaíodh an Rialachán sin ina dhiaidh sin le Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun bearta NAFO a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2019 agus 2020 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

    (2)

    Ina dhiaidh sin, ag an 43ú cruinniú bliantúil dá chuid, i mí Mheán Fómhair 2021, ghlac NAFO líon áirithe cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le caomhnú a dhéanamh ar acmhainní iascaigh atá faoina cúram a mhéid a bhaineann le gabháil den chuóta “Eile” a choinneáil, cigireacht chalafoirt i dtaca le tabhairt i dtír trosc i Roinn 3M agus haileabó Graonlannach, agus forálacha treisithe maidir le faireachán, le sáruithe agus le forfheidhmiú (“Cinntí NAFO”).

    (3)

    Is chuig Páirtithe Conarthacha NAFO a dhírítear na cinntí sin, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith. Tar éis dóibh teacht i bhfeidhm an 2 Nollaig 2021, tá bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO (“CEManna”) ina gceangal ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO. Tá siad le hionchorprú, dá bhrí sin, i ndlí an Aontais sa mhéid is nach ndéantar foráil dóibh cheana le dlí an Aontais.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/833 a chur in oiriúint chun na CEManna nua sin a chur i bhfeidhm maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais.

    (5)

    Meastar go leasófar roinnt forálacha CEManna ag cruinnithe bliantúla NAFO amach anseo de bharr bearta teicniúla nua arna dtabhairt isteach i ndáil le bithmhais stoc a athrú agus de bharr athbhreithniú ar shrianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Dá bhrí sin, chun leasuithe den sórt sin ar CEManna a dhéanfar amach anseo a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais roimh thús an tséasúir iascaireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le beart tabhartha i dtír agus cigireachta le haghaidh haileabó Graonlannach agus i dtaca le beart rialaithe le haghaidh trosc i Roinn 3M. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 7(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    i gcás a bhfuil cosc ar iascach infheidhme (moratoria) nó i gcás gur glacadh an cuóta ‘Eile’ iomlán a osclaíodh maidir leis an stoc sin: 1 250 kg nó 5 %, cibé acu is mó, maidir leis na Páirtithe Conarthacha sin tar éis dóibh fógra a thabhairt maidir le húsáid an chuóta ‘Eile’ i gcomhréir le hAirteagal 6;”;

    (2)

    in Airteagal 9a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    déanfaidh gach Ballstát cigireacht ina gcalafoirt ar 50 % ar a laghad de na gabhálacha trosc ó Roinn 3M a thabharfar i dtír nó a thrasloingseofar agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a fhorordaítear in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 12 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil sin, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta sa chalafort a shainaithint agus soláthrófar sonraí maidir leis an sárú sin. Áireofar inti an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht.”;

    (3)

    in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    déanfaidh gach Ballstát cigireacht ina gcalafoirt ar gach gabháil haileabó Graonlannach a thabharfar i dtír, más éard atá i gcainníocht an stoic sin ar bord níos mó ná 5 % den ghabháil iomlán nó níos mó na 2 500 kg, agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a fhorordaítear in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 14 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta sa chalafort a shainaithint agus soláthrófar sonraí maidir leis an sárú sin. Áireofar inti an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht.”;

    (4)

    in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.

    Déanfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas a sheoladh chuig EFCA (agus an Coimisiún i gcóip), rud a áiritheoidh go seolfar an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO:

    (a)

    faisnéis teagmhála an údaráis inniúil a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála chun críche fógra a thabhairt láithreach faoi sháruithe sa Limistéar Rialála, agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin, tráth nach déanaí ná 15 lá sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm;

    (b)

    ainmneacha na gcigirí agus na gcigirí faoi oiliúint agus ainm, comhartha aitheantais raidió agus faisnéis teagmhála cumarsáide gach ardáin cigireachta a bheidh sannta aige don Scéim. Tabharfaidh sé fógra faoi athruithe ar na sonraí arna bhfógairt amhlaidh, aon uair is féidir, tráth nach déanaí ná 60 lá roimh ré.”;

    (5)

    in Airteagal 35(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    iascaireacht a dhéanamh le mogallmhéid neamhúdaraithe, le spás neamhúdaraithe idir barraí an ghráta nó na greille, nó gan greillí sórtála nó grátaí a úsáid, de shárú ar Airteagal 13 nó Airteagal 14;”;

    (6)

    leasaítear Airteagal 36 mar seo a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    áiritheoidh sé go bhfuil na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe, agus a mhéid is féidir faoi reachtaíocht náisiúnta le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, go háirithe na sáruithe a aithnítear faoi Airteagal 35(3), pointe (c)(iii) agus (iv), dian go leor chun comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach, tuilleadh sáruithe nó athdhéanamh sáruithe a dhíspreagadh agus na cosantóirí a choinneáil ó na sochair a fhabhraíonn ón sárú.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(e)

    riachtanais tuairiscithe mhéadaithe nó bhreise, amhail minicíocht tuairiscithe fheabhsaithe nó sonraí breise atá le tuairisciú; agus

    (f)

    riachtanais faireacháin mhéadaithe nó bhreise, amhail breathnóir nó cigire a chur ar bord nó cianfhaireachán leictreonach a chuirtear isteach arna chur chun feidhme i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha le haghaidh soithí iascaireachta a oibríonn sa Limistéar Rialála.”;

    (7)

    in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    “3.   Seolfaidh an Ballstát faisnéis teagmhála an údaráis inniúil chuig an gCoimisiún agus gníomhóidh sé mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 39(5) agus chun dearbhú a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 39(6). Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

    (8)

    in Airteagal 50, leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    nósanna imeachta i dtaca le soithí a bhfuil breis agus 50 tonna beomheáchain de ghabháil iomlán ar bord acu agus a théann isteach sa Limistéar Rialála chun iascaireacht a dhéanamh ar an haileabó Graonlannach a mhéid a bhaineann le hinneachar na bhfógraí dá bhforáiltear in Airteagal 10(2), pointí (a) agus (b), na coinníollacha chun iascaireacht a thosú dá bhforáiltear in Airteagal 10(2), pointe (d), agus forálacha maidir le tabhartha i dtír agus cigireachta a bhaineann leis an haileabó Graonlannach dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe (e);”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(l)

    bearta rialaithe le haghaidh trosc i Roinn 3M dá bhforáiltear in Airteagal 9a.”.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)   IO C 290, 29.7.2022, lch. 149.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

    (3)  Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 274, 30.7.2021, lch. 32).

    (5)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


    Top