Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2091

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2091 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 maidir leis na leithreasuithe arna dtabhairt anonn ón mbliain airgeadais 2021 a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2021/8745

    IO L 427, 30.11.2021, p. 162–165 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2091/oj

    30.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 427/162


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2091 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Samhain 2021

    maidir leis na leithreasuithe arna dtabhairt anonn ón mbliain airgeadais 2021 a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 26(6) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), féadfar leithreasuithe nár gealladh a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain airgeadais eile. Tá an tabhairt anonn sin teoranta do 2 % de na leithreasuithe tosaigh arna vótáil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus do mhéid an choigeartaithe ar íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana airgeadais roimh ré.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, de mhaolú ar Airteagal 12(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tá na Ballstáit leis an tabhairt anonn dá dtagraítear in Airteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a aisíoc leis na faighteoirí deiridh atá faoi réir an ráta coigeartaithe sa bhliain airgeadais a dtabharfar na leithreasuithe anonn go dtí í. Níl feidhm ag an aisíocaíocht sin ach amháin maidir le tairbhithe deiridh sna Ballstáit sin ina raibh feidhm (4) ag smacht airgeadais sa bhliain airgeadais roimh ré.

    (3)

    Méideanna an chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ar méideanna iad nach gcuirtear ar fáil le haghaidh bearta géarchéime roimh dheireadh na bliana airgeadais, tá siad le cur san áireamh agus méid an tabhairt anonn a bheidh le haisíoc á shocrú i gcomhréir le hAirteagal 26(7) den Rialachán sin

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1801 (5) ón gCoimisiún, cuirtear smacht airgeadais i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha i ndáil leis an mbliain féilire 2020 chun an cúlchiste géarchéime a bhunú agus chun na huasteorainneacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a urramú. Níor iarradh an cúlchiste géarchéime sa bhliain airgeadais 2021. Thairis sin, ar bhonn fhorghníomhú leithreasuithe CERT 2021 faoi bhainistíocht chomhroinnte le linn na tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021 agus forghníomhú measta faoi bhainistíocht dhíreach ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021, leanfaidh leithreasuithe breise nár gealladh de bheith i mbuiséad CERT 2021.

    (5)

    Ar bhonn dhearbhuithe caiteachais na mBallstát le haghaidh na tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021, is é EUR 879,8 milliún méid an laghdaithe arna chur i bhfeidhm go héifeachtach ag na Ballstáit ar smacht airgeadais sa bhliain airgeadais 2021.

    (6)

    Ón méid sin den smacht airgeadais a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana airgeadais 2021, féadfar luach EUR 686,4 milliún leithreasuithe nár úsáideadh, atá fós laistigh den teorainn 2 % de na leithreasuithe tosaigh a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais 2022 tar éis cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    (7)

    Aisíoc na leithreasuithe nár úsáideadh le faighteoirí deiridh mar thoradh ar smacht airgeadais a chur i bhfeidhm, chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith comhréireach le méid an choigeartaithe ar an smacht airgeadais is iomchuí go gcinnfidh an Coimisiún na méideanna a chuirfear ar fáil do na Ballstáit le haghaidh an aisíoctha.

    (8)

    Is gá go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Nollaig 2021 ionas nach gcuirfear iallach ar na Ballstáit íocaíocht bhreise a dhéanamh le haghaidh an aisíoctha sin. Dá thoradh sin, is méideanna cinntitheacha iad na méideanna a bhunaítear leis an Rialachán seo agus tá feidhm acu, gan dochar do chur i bhfeidhm na laghduithe i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, maidir le haon cheartúchán eile arna chur san áireamh sa chinneadh míosúil íocaíochta a bhaineann leis an gcaiteachas arna dhéanamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát le haghaidh mhí Dheireadh Fómhair 2021, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus maidir le haon asbhaint agus íocaíocht fhorlíontach a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin nó maidir le haon chinneadh a dhéanfar faoi chuimsiú an nós imeachta um imréiteach cuntas.

    (9)

    I gcomhréir leis an abairt tosaigh d’Airteagal 12(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní fhéadfar na leithreasuithe nár gealladh a thabhairt anonn ach go dtí an chéad bhliain airgeadais eile. Dá bhrí sin, is iomchuí don Choimisiún dátaí incháilitheachta a chinneadh maidir le caiteachas na mBallstát i ndáil leis an aisíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus an bhliain airgeadais talmhaíochta mar a shainmhínítear í in Airteagal 39 den Rialachán sin á cur san áireamh.

    (10)

    Leithreasuithe CERT 2021 faoi bhainistíocht chomhroinnte le linn na tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021, chun an tréimhse ghearr ama a chur san áireamh idir a bhforghníomhú ag na Ballstáit agus an gá atá leis an Rialachán a chur i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2021, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Méideanna na leithreasuithe a thabharfar anonn ón mbliain airgeadais 2021 i gcomhréir le hAirteagal 12(2), an chéad fhomhír, pointe (d), agus Airteagal 12(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a chuirtear ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 26(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, do na Ballstáit chun na faighteoirí deiridh a aisíoc atá faoi réir an ráta coigeartaithe sa bhliain airgeadais 2022, leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Beidh na méideanna a thabharfar anonn faoi réir chinneadh an Choimisiúin maidir le tabhairt anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    Airteagal 2

    Ní bheidh caiteachas na mBallstát maidir le haisíoc na leithreasuithe arna dtabhairt anonn incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas ach amháin más rud é go n-íoctar na méideanna ábhartha leis na tairbhithe roimh an 16 Deireadh Fómhair 2022.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Samhain 2021.

    Thar ceann an Choimisiún,

    Ar son an Uachtaráin,

    Wolfgang BURTSCHER

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

    (2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

    (4)  Níl feidhm ag smacht airgeadais sa Chróit sa bhliain airgeadais 2021 i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1801 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 lena ndéantar an ráta coigeartaithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha a oiriúnú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an mbliain féilire 2020 (IO L 402, 1.12.2020, lch. 49).


    IARSCRÍBHINN

    Méideanna atá ar fáil le haghaidh aisíoc na leithreasuithe arna dtabhairt anonn

    (méideanna in EUR)

    an Bheilg

    10 148 502

    an Bhulgáir

    17 260 226

    an tSeicia

    18 592 308

    an Danmhairg

    16 896 943

    an Ghearmáin

    93 879 410

    an Eastóin

    3 367 730

    Éire

    21 755 772

    an Ghréig

    27 014 459

    an Spáinn

    93 988 531

    an Fhrainc

    140 942 719

    an Iodáil

    59 291 647

    an Chipir

    566 767

    an Laitvia

    5 308 382

    an Liotuáin

    8 354 220

    Lucsamburg

    716 220

    an Ungáir

    24 904 327

    Málta

    60 357

    an Ísiltír

    13 043 131

    an Ostair

    11 588 177

    an Pholainn

    43 034 502

    an Phortaingéil

    12 813 987

    an Rómáin

    29 917 025

    an tSlóivéin

    1 503 290

    an tSlóvaic

    8 375 694

    an Fhionlainn

    9 928 403

    an tSualainn

    13 184 745


    Top