EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1249

Cinneadh (AE) 2021/1249 ón gComhairle an 26 Iúil 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 – Slándáil Shóisialta) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ST/10506/2021/INIT

IO L 272, 30.7.2021, p. 67–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1249/oj

30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/67


CINNEADH (AE) 2021/1249 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 – Slándáil Shóisialta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 46 agus 48 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), i gceangal le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais arna gcistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n-áirítear imircigh as tríú tíortha.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann leanúint de chomhar leathnaithe den sórt seo ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

(5)

Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Féach doiciméad ST 10507/21 ar https://www.consilium.europa.eu/ga/documents-publications/public-register/


Top