EUR-Lex Достъп до правото на Европейския съюз

Обратно към началната страница на EUR-Lex

Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.

Документ 32021R1244

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí

C/2021/3377

IO L 272, 30.7.2021г., стр. 16—28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Правен статус на документа В сила

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1244/oj

30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/16


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1244 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 61(11) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 61(2) de Rialachán 2018/858 ceanglaítear ar mhonaróirí feithiclí faisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle (OBD) agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (RMI) a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin féin. Níl critéir chomhchuibhithe ar bith ann, áfach, maidir leis an mbealach ina gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, rud a fhágann gur gá d’oibreoirí neamhspleácha iad féin a chur in oiriúint don iomad seirbhísí agus cineálacha téarmaíochta éagsúla.

(2)

Sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 9 Nollaig 2016 (2) maidir le hoibriú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí an t-ualach ar oibreoirí neamhspleácha a mhaolú trí na suíomhanna gréasáin sin agus an téarmaíocht chomhfhreagrach a chaighdeánú.

(3)

Rochtain a fháil ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar RMI feithicle, ós rud é gur cheart gurbh fhéidir sin beag beann ar an gcineál gléasra cumhachta atá ag feithicil, is gá a shoiléiriú nach le haghaidh ceanglais a bhaineann le hastaíochtaí amháin atá an rochtain sin éigeantach.

(4)

An 15 Meán Fómhair 2014, d’fhoilsigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) Codanna 1 go 5 de chaighdeán EN ISO 18541 “Feithiclí bóthair – Rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil mótarfheithiclí (RMI)”. Malartú faisnéise DAB feithicle agus RMI feithicle idir monaróirí agus oibreoirí neamhspleácha, is é is aidhm do na codanna sin an malartú sin a éascú trí na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta a bhunú maidir le rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 do cheanglais Chodanna 1 go 5 de chaighdeán EN ISO 18541-2014.

(5)

Ós rud é go gcuimsítear i bhfaisnéis DAB feithicle agus in RMI feithicle faisnéis atá ríthábhachtach chun slándáil na feithicle a áirithiú, tá gnéithe áirithe slándála feithicle nár chóir rochtain a thabhairt orthu ach d’oibreoirí neamhspleácha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.

(6)

De réir mholtaí an Fhóraim maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí, moltaí dá dtagraítear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin eintitis chreidiúnaithe na hoibreoirí neamhspleácha lena mbaineann a fhormheas agus fostaithe na n-oibreoirí sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí ábhartha a údarú. Is gá, dá bhrí sin, an nós imeachta a leagan síos maidir le hoibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithiclí, rud ba cheart a bhunú ar an “Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)”, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach don Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016. Is gá a mheas freisin an bhfuil baint ag na hoibreoirí sin le gníomhaíochtaí neamhdhlisteanacha gnó.

(7)

Ina theannta sin, ról agus freagrachtaí na gcomhlachtaí atá bainteach le formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha agus a bhfostaithe le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil, is gá an ról agus na freagrachtaí sin a leagan síos.

(8)

Ionas gur féidir leis na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta, chomh maith leis na hoibreoirí eacnamaíocha, ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua a thabharfar isteach leis an ngníomh seo, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, leasaítear í i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoibriú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, córas a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, COM(2016) 0782 final.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

“2.1.

Cuirfidh monaróir na socruithe agus na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm, i gcomhréir leis an gcéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 61(2), chun a áirithiú gur féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí trí shuíomhanna gréasáin. An oibleagáid atá ar mhonaróirí faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a sholáthar ar a suíomh gréasáin i bhformáid chaighdeánaithe, toimhdeofar go bhfuiltear i gcomhréir leis an oibleagáid sin ach na nithe a leanas a chomhlíonadh – Cuid 1 “Faisnéis ghinearálta agus sainiú cáis úsáide”, Cuid 2 “Ceanglais theicniúla”, Cuid 3 “Ceanglais feidhmíochta maidir leis an gcomhéadan úsáideora” de chaighdeán EN ISO 18541 – 2014, Cuid 4 “Tástáil chomhréireachta” de chaighdeán EN ISO 18541 – 2015 agus Cuid 5 “Foráil shonrach maidir le feithiclí tromshaothair”“Feithiclí bóthair — Rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil mótarfheithiclí (RMI)” de chaighdeán EN ISO 18541 – 2018. Rochtain ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, is ar bhealach sorochtana pras a dhéanfar an rochtain sin a dheonú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.5.2:

“2.5.2.

lámhleabhair seirbhíse, lena n-áirítear taifid seirbhíse agus chothabhála, agus tagairtí sonraíochtaí teicniúla maidir le sreabháin, lena n-áirítear maidir le bealaí, leachtanna coscán agus leachtanna fuaraithe;”;

(3)

i bpointe 2.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Chun críoch DAB feithicle, déanfar diagnóisic, faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil, faisnéis faoi fhaireachán agus faoi chigireacht, sruth sonraí díreach na feithicle, lena n-áirítear lochtchóid agus feidhmeanna diagnóiseacha, déanfar na nithe sin a chur ar fáil tríd an bport sonraí srathach ar an nascóir caighdeánaithe nasctha sonraí a shonraítear i mír 6.5.1.4, rud a dhéanfar i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i roinn 6.5.3. d’fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) (*1) agus i gcomhréir le mír 4.7.3 d’Iarscríbhinn 9B agus na doiciméid caighdeáin tagartha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin a ghabhann le Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip(UN/ECE) (*2)

(*1)  Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1)."

(*2)  Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 180, 8.7.2011, lch. 53).”;"

(4)

i bpointe 6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“An oibleagáid atá ar mhonaróirí faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a sholáthar ar a suíomh gréasáin i bhformáid chaighdeánaithe, toimhdeofar go bhfuiltear i gcomhréir leis an oibleagáid sin ach na Codanna de chaighdeán EN ISO 18541 dá dtagraítear i bpointe 2.1. a chomhlíonadh.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2:

“Rochtain ar ghnéithe slándála feithicle a thabhairt d’oibreoirí neamhspleácha, is faoi chosaint teicneolaíochta slándála a dhéanfar sin agus i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:”;

(6)

leasaítear pointe 6.3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“An nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 6.2 chun oibreoirí neamhspleácha a cheadú agus a údarú le rochtain fháil ar ghnéithe slándála feithicle, leagtar amach é in bhFoscríbhinn 3. Ról agus freagrachtaí na gcomhlachtaí a bhfuil baint acu le creidiúnú, formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha, sonraítear iad trí bhíthin ceanglais feidhmiúla ina bhfuil samplaí agus cásanna úsáide, ceanglais a leagtar síos i bhFógra ón gCoimisiún.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“Chun críocha an nós imeachta sin, ní mheasfar go bhfuil oibreoirí ag gabháil do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó i gcás ina bhfógróidh siad nó ina dtáirgeoidh siad oibríochtaí deisithe nó cothabhála a d’imreodh tionchar diúltach ar fheidhmíocht astaíochtaí na feithicle. Cuimseofar ansin:

(a)

feistí rialaithe truaillithe nó córais rialaithe astaíochtaí a dhíghníomhachtú nó a bhaint, feidhmíocht na nithe sin a dhíghrádú, nó a mífheidhmiú a cheilt;

(b)

feistí sáraithe (*3) nó straitéisí sáraithe (*4) a shuiteáil;

(c)

feistí um fhaireachán a dhéanamh ar ídiú breosla nó fuinnimh leictrigh a dhíghníomhachtú nó a bhaint, nó baint do na feistí sin, nó baint do léamha odaiméadair;

(d)

baint don aonad rialaithe innill, an chumhacht rátaithe innill san áireamh.

(*3)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) Uimh. 715/2007."

(*4)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) Uimh. 595/2009.”;"

(7)

cuirtear isteach Foscríbhinn 3 seo a leanas:

Foscríbhinn 3

An nós imeachta maidir le hoibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithicle (*5)

1.   Raon feidhme

Is san Fhoscríbhinn seo atá na ceanglais atá ann chun oibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú, oibreoirí a bhfuil gá acu le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil (RMI).

Sonraítear go mion inti an próiseas agus na comhlachtaí is gá chun oibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil maidir le feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála agus le feithiclí tromshaothair.

2.   Sainmhínithe agus téarmaí giorraithe

2.1.   Sainmhínithe

Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

2.1.1.   ‘Creidiúnú’

ciallóidh ‘creidiúnú’ creidiúnú faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

2.1.2.   ‘Fostaí de chuid IO’

Ciallóidh ‘fostaí de chuid IO’ fostaí de chuid oibreoir neamhspleách (IO) formheasta ar fostaí é a mbeidh rochtain aige ar RMI a bhaineann leis an tslándáil a luaithe a údaróidh comhlacht um measúnú comhréireachta (CAB) é

2.1.3.   ‘Faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil’ nó ‘RMI a bhaineann leis an tslándáil’

‘Faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil’ nó ‘RMI a bhaineann leis an tslándáil’, ciallóidh sé sin an fhaisnéis, na bogearraí, na feidhmeanna agus na seirbhísí is gá chun na gnéithe a ndearna an monaróir cuid den fheithicil díobh ionas nach ngoidfear an fheithicil ná nach dtiomáinfear chun siúil í agus go bhféadfar í a rianú agus a fháil ar ais, chun na gnéithe sin a dheisiú agus a chothabháil.

2.1.4.   ‘Deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa’

Ciallóidh “deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa” an deimhniú arna eisiúint ag an CAB chuig na IOnna a chomhlíonann na critéir formheasa a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, ar deimhniú é lena ndeimhnítear go bhfuil na IOnna sin formheasta agus gur féidir le fostaithe dá gcuid údarú a iarraidh chun rochtain a fháil ar RMI é a bhaineann leis an tslándáil.

2.1.5.   ‘Deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin’

Ciallóidh ‘deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin’ an deimhniú arna eisiúint ag an CAB chuig fostaithe de chuid IOnna a chomhlíonann na critéir údarúcháin a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, ar deimhniú é lena ndeimhnítear go bhfuil na fostaithe sin údaraithe le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil ar shuíomh gréasáin monaróra.

2.1.6.   ‘Lárionad iontaoibhe’ nó ‘TC’

Ciallóidh ‘lárionad iontaoibhe’ nó ‘TC’ an comhlacht arna ainmniú ag SERMI agus arna fhormheas ag an gCoimisiún agus atá freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

deimhnithe digiteacha agus stádas údarúcháin na bhfostaithe de chuid IOnna a bhainistiú agus na ceadchomharthaí slándála agus na deimhnithe digiteacha is gá a sholáthar don CAB le haghaidh fostaithe údaraithe de chuid IOnna;

(b)

faisnéis faoi stádas údarúcháin fostaí de chuid IO a sholáthar do mhonaróir feithicle.

2.1.7.   ‘Ceadchomhartha slándála’

Ciallóidh ‘ceadchomhartha slándála’ feiste lenar féidir IO a fhíordheimhniú ar bhealach slán.

2.1.8.   ‘Deimhniú digiteach’

Ciallóidh ‘deimhniú digiteach’ deimhniú digiteach a éilíonn síniú digiteach an lárionaid iontaoibhe eisiúna ionas go gceanglófar eochair phoiblí de chéannacht an fhostaí de chuid IO, rud atá i gcomhréir le caighdeán ISO 9594.

2.1.9.   ‘Bunachar sonraí údarúcháin’

Ciallóidh ‘bunachar sonraí údarúcháin’ bunachar sonraí atá i seilbh an lárionaid iontaoibhe ar bunachar é ina bhfuil na nithe seo a leanas – sonraí údarúcháin na bhfostaithe údaraithe anaithnidithe de chuid IOnna, agus clárúchán IOnna formheasta.

2.1.10.   ‘Bunachar sonraí deimhniúcháin’

Ciallóidh ‘bunachar sonraí deimhniúcháin’ bunachar sonraí atá i seilbh an lárionaid iontaoibhe ar mhaithe le bailíocht deimhnithe digiteacha fostaithe údaraithe de chuid IOnna agus aitheantóirí na bhfostaithe sin a bhainistiú.

2.1.11.   ‘Comhar Eorpach don Chreidiúnú’ nó ‘EA’

‘Comhar Eorpach don Chreidiúnú’ nó ‘EA’, ciallóidh sé sin an comhlacht atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme creidiúnaithe san Aontas.

2.1.12.   ‘Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil’ nó ‘SERMI’

An ‘Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil’ nó ‘SERMI’, ciallaíonn sé sin an t-eintiteas atá i gceannas ar an gCoimisiún a chomhordú agus comhairle a chur air maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta creidiúnúcháin, formheasa agus údarúcháin chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

2.1.13.   ‘Údaráis ábhartha”

Ciallóidh ‘údaráis ábhartha’ na húdaráis phoiblí sin a bhfuil sainordú dlíthiúil acu chun feidhmiú i réimse na cosanta, an imscrúdaithe agus an ionchúisimh maidir leis an gcoireacht ó thaobh slándáil feithiclí.

3.   Creidiúnú CABanna, formheas IOnna agus údarú fostaithe de chuid IOnna

CABanna atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin (‘NAB’), faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 11 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar NAB é de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, ní eiseoidh ach na CABanna sin deimhnithe maidir le hiniúchadh formheasa lena ndeimhnítear gur formheasadh IO agus deimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin lena ndeimhnítear go bhfuil fostaí de chuid IO le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Is go ceann tréimhse 60 mí ón dáta a eiseofar na deimhnithe iniúchta lena mbaineann a dheonófar formheas an IO agus údarú an fhostaí de chuid IO.

Oibreoirí neamhspleácha ar mian leo RMI a bhaineann leis an tslándáil a fháil, gheobhaidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa ó CAB arna chreidiúnú ag NAB de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an IO bunaithe.

Fostaithe de chuid IOnna atá le RMI a bhaineann leis an tslándáil a láimhseáil, gheobhaidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin ó CAB arna chreidiúnú ag NAB de chuid an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an bhfostaí de chuid oibreoir neamhspleách.

Cuirfidh CABanna TCanna ar an eolas faoi aon deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa nó aon deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisítear, agus a luaithe a dhéanfar sin, cruthóidh TCanna taifead údarúcháin agus eiseoidh siad ceadchomhartha slándála agus deimhniú digiteach, nithe a fhágfaidh gur féidir le suíomh gréasáin RMI an mhonaróra feithiclí fostaithe de chuid IOnna a aithint go huathúil. Tabharfaidh CABanna ceadchomhartha slándála agus an deimhniú digiteach d’fhostaithe aonair de chuid IOnna.

Féadfaidh monaróirí feithiclí táille a éileamh as fostaithe de chuid IOnna a chlárú ar shuíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí sin agus as rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil. Beidh an táille sin i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leis an gclárú agus an soláthar rochtana sin. Déanfar na táillí atá dlite a shonrú ar shuíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí. Gach aistriú sonraí digiteacha idir IOnna, TCanna agus CABanna, is trí idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B) a dhéanfar iad, idirbhearta ina n-úsáidfear prótacail shlána agus a dhéanfar ar bhealach tráthúil.

Image 1

An IO atá ag iarraidh údarú ó CAB, síneoidh sé dearbhú lena ndeimhnítear go bhfuil sé ag gabháil do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó dá dtagraítear i bpointe 6.3. den Iarscríbhinn seo. Ní fhormheasfar IO go dtí go mbeidh iniúchadh déanta ag an CAB a fhíoróidh gur síníodh an dearbhú sin, iniúchadh lena ndéanfar measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann an IO agus a chuid fostaithe aonair na ceanglais a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo nó nach gcomhlíonann.

Ní údarófar fostaithe aonair de chuid IOnna go dtí go mbeidh iniúchadh déanta ag CAB. Déanfaidh CABanna na doiciméid a cuireadh isteach a sheiceáil agus fíoróidh siad cé acu a rinne an fostaí de chuid IO lena mbaineann, a rinne sé nó nach ndearna sé iarratas ar údarú roimhe sin a dhiúltaigh an CAB lena mbaineann nó a dhiúltaigh aon CAB eile ar leibhéal an Aontais.

Cuirfidh CABanna chuig an TC na sonraí ar fad is gá ionas go dtáirgfidh an TC an deimhniú digiteach agus an ceadchomhartha slándála, nithe a chuirfidh an CAB chuig na fostaithe de chuid oibreoir neamhspleách.

Fostaithe de chuid oibreoir neamhspleách ar tugadh údarú dóibh, gheobhaidh siad an PIN a bhaineann leis an deimhniú digiteach óna CAB.

Image 2

3.1.   Forléargas ar an rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil

Soláthróidh monaróirí feithiclí rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil trína suíomh gréasáin, ar choinníoll na fostaithe de chuid IO a bheith údaraithe agus a bheith in ann an deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin a chur ar fáil, agus deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa a bheith ag an IO a bhfuil na fostaithe de chuid IO ag obair thar a cheann.

Fostaithe údaraithe de chuid IO a oibríonn do IOnna formheasta, féadfaidh monaróirí rochtain a thairiscint dóibh ar shaoráid ordaithe ar líne le haghaidh codanna a bhaineann leis an tslándáil trí fheidhmchlár speisialaithe atá nasctha leis an suíomh gréasáin RMI..

Ar iarratas a fháil ar rochtain ar shuíomh gréasáin RMI, éileoidh suíomhanna gréasáin na monaróirí feithiclí aitheantas trí bhíthin an aitheantóra uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO, agus iarrfaidh siad fíordheimhniú. Is trí dheimhnithe digiteacha amháin a dhéanfar fíordheimhniú fostaithe de chuid OI. Ar dheimhniú digiteach a fháil, fíoróidh suíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí an t-aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO agus stádas reatha an deimhnithe dhigitigh agus an údaraithe, rud a dhéanfaidh siad trí chumarsáid leis an TC a shainaithnítear sa deimhniú digiteach.

Gach aistriú sonraí digiteacha idir oibreoirí neamhspleácha, monaróirí feithiclí, TCanna agus CABanna, is trí idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B) a dhéanfar iad, idirbhearta ina n-úsáidfear prótacail shlána agus a dhéanfar ar bhealach tráthúil. A luaithe a fhíorófar an t-aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO agus stádas údarúcháin an fhostaí de chuid IO, déanfaidh an monaróir feithiclí rochtain ar an RMI is gá a bhaineann leis an tslándáil a sholáthar trína shuíomh gréasáin.

Image 3

4.   Rialacha sonracha maidir le rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil

4.1.   Ról SERMI

4.1.1.   Freagrachtaí agus oibleagáidí

Déanfaidh SERMI faireachán ar chur chun feidhme an phróisis creidiúnúcháin ar fud na mBallstát agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin.

(a)

Cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin. Déanfaidh SERMI faireachán ar chur chun feidhme an phróisis creidiúnúcháin ar fud na mBallstát agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir;

(b)

rachaidh SERMI i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis na critéir roghnúcháin TC a chruthú;

(c)

cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoirlínte teicniúla cur chun feidhme a thabhairt isteach i ndáil le hidirghníomhaíocht idir na heintitis atá rannpháirteach sa phróiseas;

(d)

leanfaidh SERMI rialacha an EA maidir le húinéireacht scéime;

(e)

na páirtithe leasmhara a ghabhann don phróiseas creidiúnúcháin, formheasa agus údarúcháin chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil, is iadsan a dhéanfaidh ionadaíocht do chomhaltaí SERMI.

4.1.2.   Lárionaid iontaoibhe a roghnú

Is é SERMI a roghnóidh an TC agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún ina leith lena fhormheas.

TCanna a roghnófar, beidh siad i gcomhréir le caighdeán ETSI TS 319 411-3, agus comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le sínithe leictreonacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), i dteannta na gceanglas a leagtar síos i bpointe 4.6 den Fhoscríbhinn seo.

Ina theannta sin, beidh na nithe seo a leanas ag na TCanna:

an inniúlacht theicniúil agus bhainistíochta atá ábhartha maidir leis an bpróiseas creidiúnúcháin, chomh maith leis an inmharthanacht agus an taithí airgeadais;

foireann a bhfuil na scileanna agus an taithí riachtanach acu agus atá ar fáil de réir mar is gá le haghaidh an phróisis creidiúnaithe;

an cumas feidhmiú ar fud na mBallstát;

próiseas dearbhaithe cáilíochta atá á chur i bhfeidhm ar an leibhéal oibríochtúil.

4.2.   Ról na NABanna

Beidh an NAB freagrach as CABanna a chreidiúnú chun IOnna a fhormheas agus fostaithe de chuid IOnna a údarú le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

4.2.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

Na freagrachtaí atá ar an NAB agus na ceanglais atá ann ina leith, leagtar amach iad in Airteagail 8 go 12 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

4.2.2.   Critéir maidir le CABanna a chreidiúnú

Déanfar CABanna a chreidiúnú ina gcomhlachtaí cigireachta de chineál A i gcomhréir le ISO/IEC 17020:2012. Comhlíonfaidh CABanna na ceanglais maidir leis an leibhéal is airde neamhspleáchais.

Ina theannta sin, na ceanglais a leagtar síos i bpointí 4.3.1 go 4.3.2, déanfaidh an NAB measúnú ar chumas CABanna na ceanglais sin a chomhlíonadh.

An pearsanra a bheidh i gceannas ar iniúchtaí maidir le IOnna, an leibhéal eolais a bheidh acu ar an ngnó deisithe agus cothabhála mótarfheithiclí agus ar mhionsonraí an mhargaidh iardhíola mótarfheithiclí, is leibhéal iomchuí a bheidh ansin le haghaidh na dtascanna a bheidh ar bun acu.

4.3.   Ról na CABanna

Beidh an CAB freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar IOnna agus ar a gcuid fostaithe faoi seach agus as deimhnithe maidir le hiniúchadh formheasa agus deimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisiúint i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo, agus as deimhnithe den sórt sin a chúlghairm.

4.3.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

Na sonraí a chuirtear isteach ionas go bhformheastar IO, coinneoidh CABanna na sonraí sin;

(b)

Bunóidh CABanna cainéal slán cumarsáide leis an TC agus soláthróidh siad torthaí an iniúchta don TC ionas go n-eiseofar an ceadchomhartha slándála agus deimhniú digiteach;

(c)

Tabharfaidh CABanna fógra d’fhostaithe de chuid IOnna sé mhí sula rachaidh a n-údarú in éag;

(d)

Coimeádfaidh CABanna bunachar sonraí ar bun ina mbeidh sonraí a chuirtear isteach ionas go n-údaraítear fostaithe de chuid IOnna;

(e)

CABanna a dhiúltaíonn IOnna a fhormheas nó fostaí de chuid IO a údarú, cuirfidh siad in iúl don TC torthaí an iniúchta maidir leis an IO nó an fostaí sin;

(f)

Ní dhéanfaidh CABanna ach na sonraí is gá le haghaidh an phróisis formheasa nó údarúcháin a bhailiú agus a úsáid;

(g)

Na sonraí uile a bhaineann le IO agus le fostaithe de chuid IO, coimeádfaidh CABanna faoi rún iad agus áiritheoidh siad nach mbeidh rochtain ach ag fostaithe údaraithe ar na sonraí sin;

(h)

Uair sa bhliain, soláthróidh CABanna staitisticí do SERMI agus don Choimisiún maidir le líon na bhformheasanna agus na n-údaruithe a eisíodh chomh maith le líon na ndiúltuithe;

(i)

Coinneoidh na CABanna taifid shlána maidir le hiniúchtaí formheasa agus iniúchtaí údarúcháin ar feadh tréimhse cúig bliana;

(j)

I gcás torthaí diúltacha ar iniúchadh maidir le IO, cuirfidh CABanna gach CAB eile sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe ar an eolas faoi na torthaí sin;

(k)

IOnna agus fostaithe de chuid IOnna a fuair toradh diúltach iniúchta, féadfaidh siad faisnéis bhreise a sholáthar don CAB lena gceartaítear mioneaspaí laistigh de 15 lá oibre ón uair a fuair siad an toradh diúltach iniúchta. Cinnfidh CABanna dá réir sin an bhfuil toradh an iniúchta le hathrú;

(l)

Tabharfaidh CABanna fógra do IOnna sé mhí sula rachaidh a bhformheas in éag;

(m)

Déanfaidh CABanna iniúchtaí randamacha neamhfhógartha ar an láthair ar IOnna laistigh de thréimhse bhailíochta 60 mí an fhormheasa, agus déanfaidh siad iniúchadh randamach ar an láthair amháin ar a laghad ar gach IO formheasta le linn thréimhse bhailíochta 60 mí an fhormheasa;

(n)

Ar bhonn gearán faoi IO formheasta nó faoi fhostaí údaraithe de chuid IO, seiceálfaidh CABanna go bhfuil an IO nó an fostaí de chuid IO lena mbaineann ag comhlíonadh na gcritéar ar formheasadh nó ar údaraíodh iad dá réir. Cinnfidh an CAB le linn a imscrúdaithe an bhfuil gá le hiniúchadh ar an láthair.

(o)

Chun críoch iniúchtaí ar an láthair, féadfaidh CABanna cúnamh ó údaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe;

(p)

Na critéir ar formheasadh IOnna nó ar údaraíodh fostaithe de chuid IOnna dá réir, i gcás nach gcomhlíonfaidh siad a thuilleadh iad, déanfaidh CABanna formheas IOnna agus údarú fostaithe de chuid IOnna a chúlghairm. Dá réir sin, deimhniú digiteach na bhfostaithe de chuid IOnna lena mbaineann, iarrfaidh CABanna ar an TC deimhniú digiteach na bhfostaithe lena mbaineann a chur ar fionraí agus a aisghairm.

4.3.2.   Athnuachan an fhormheasa

Déanfaidh CABanna iniúchadh ar an láthair arna iarraidh sin ag IO nó 6 mhí roimh bhailíocht an fhormheasa a dhul in éag, agus i gcás toradh dearfach iniúchta, déanfaidh siad an formheas a athnuachan.

Eiseoidh CABanna deimhniú nua maidir le hiniúchadh formheasa le haghaidh IO a chomhlíonann na critéir formheasa.

Déanfaidh CABanna measúnú ar iarratais ar athnuachan ar údaruithe agus eiseoidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin d’fhostaithe de chuid IOnna ar fostaithe iad a chomhlíonann na critéir údaraithe.

4.3.3.   Critéir maidir le formheas IO ag an CAB

Seiceálfaidh CABanna an méid seo a leanas sula ndéanfaidh siad IO a fhormheas, agus seiceálfaidh siad na nithe céanna le linn aon iniúchadh ar an láthair i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an fhormheasa:

(a)

úinéireacht dhoiciméadaithe IO, ainm an stiúrthóra bainistíochta;

(b)

an liosta a sholáthraíonn an IO d’fhostaithe atá le húdarú;

(c)

faisnéis faoi fhreagracht na bhfostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus faoina bhfeidhm;

(d)

an bhfuil árachas dliteanais ag an IO lena ngabhann íosmhéid cumhdaigh milliún Euro maidir le díobháil choirp agus íosmhéid cumhdaigh 0,5 milliún Euro maidir le damáiste do mhaoin;

(e)

ar cúlghaireadh formheas an IO ar chúiseanna mí-úsáide;

(f)

ar sholáthair an IO cruthúnas ar ghníomhaíocht i réimse na mótarfheithiclí;

(g)

an dearbhú lena ndeimhnítear go bhfuil gníomhaíocht dhlisteanach ghnó dá dtagraítear i bpointe 6.3 á saothrú ag an IO, an bhfuil sé sínithe ag an IO, agus an amhlaidh le linn iniúchadh ar an láthair atá gníomhaíocht dhlisteanach ghnó á déanamh go héifeachtach ag an IO;

(h)

an bhfuil taifead coiriúil glan ag an IO nó ag fostaithe an IO;

(i)

an bhfuil dearbhú sínithe ag ionadaí dlíthiúil an IO lena n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas nós imeachta a leagtar síos i bpointe 4.3.4 i gcás gach oibríocht a bhaineann le slándáil feithiclí.

4.3.4.   Critéir maidir le formheas fostaithe de chuid IOnna ag an CAB

Fíoróidh CABanna an méid seo a leanas sula ndéanfaidh siad fostaí a údarú ina fhostaí de chuid IO, agus fíoróidh siad na nithe céanna le linn aon iniúchadh ar an láthair i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an fhormheasa:

(a)

nach raibh údarú ag an bhfostaí lena mbaineann roimhe sin arb údarú é a cúlghaireadh de dheasca a mhí-úsáide;

(b)

go bhfuil taifead coiriúil glan ag an bhfostaí;

(c)

go bhfuil comhaontú fostaíochta idir an fostaí lena mbaineann agus IO formheasta;

(d)

go bhfuil cárta aitheantais tírshonrach bailí nó doiciméad coibhéiseach ag an bhfostaí lena mbaineann.

4.4.   Ról na IOnna

4.4.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

iarrfaidh IOnna iniúchadh ar a CAB chun formheas a fháil;

(b)

cuirfidh IOnna a CAB ar an eolas maidir le hathruithe ar a gcuid sonraí teagmhála;

(c)

cuirfidh IOnna a CAB ar an eolas nuair a dhíscaoilfear a ngnó;

(d)

Gach idirbheart agus oibríocht maidir le RMI a bhaineann leis an tslándáil, déanfaidh IOnna iad a thaifeadadh;

(e)

cuirfidh IOnna a CAB ar an eolas maidir le haon fhoirceannadh fostaíochta a bhaineann le haon duine dá gcuid fostaithe údaraithe;

(f)

aon chion nó aon mhí-iompar a rinne a gcuid fostaithe údaraithe agus a bhfuil baint aige le RMI a bhaineann leis an tslándáil, tuairisceoidh IOnna do na húdaráis ábhartha é;

(g)

cinnteoidh IOnna nach n-úsáidfidh a gcuid fostaithe aon deimhniú ach a ndeimhniú féin maidir le hiniúchadh údarúcháin;

(h)

áiritheoidh IOnna go n-íocfar gach táille a bhaineann le húdarú a gcuid fostaithe;

(i)

áiritheoidh IOnna go gcuirfear oiliúint ar a gcuid fostaithe i gcomhair gníomhaíochtaí deisiúcháin a bhaineann le cothabháil mótarfheithiclí, le hathchlárú mótarfheithiclí agus le feidhmeanna slándála agus sábháilteachta mótarfheithiclí;

(j)

iarrfaidh IOnna ar a CAB iniúchadh ar an láthair a dhéanamh le linn na sé mhí sula rachaidh a ndeimhniú maidir le hiniúchadh formheasa in éag.

4.5.   An ról atá ag fostaithe de chuid IO

4.5.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

iarrfaidh fostaithe de chuid IO údarú ar a CAB;

(b)

déanfaidh fostaithe de chuid IO iad féin a chlárú i gcóras RMI an mhonaróra feithiclí;

(c)

beidh rochtain ag fostaithe de chuid IO ar RMI a bhaineann leis an tslándáil i gcomhréir le caighdeán EN ISO 18541 – 2014;

(d)

gach taifead maidir le RMI a bhaineann leis an tslándáil a íoslódáiltear ó chóras RMI an mhonaróra feithiclí, áiritheoidh fostaithe de chuid IO nach stórálfar na taifid sin níos faide ná mar is gá chun an oibríocht a dteastaíonn an fhaisnéis lena haghaidh a chur i gcrích;

(e)

i gcás inarb infheidhme, cuirfidh fostaithe de chuid IO in iúl don IO is fostóir acu nach bhfuil gá lena ndeimhniú digiteach a thuilleadh;

(f)

an ceadchomhartha slándála, an deimhniú digiteach agus an PIN, ní dhéanfaidh fostaí de chuid IO aon cheann de na nithe sin a roinnt le haon tríú páirtí;

(g)

beidh fostaithe de chuid IO freagrach as an gceadchomhartha slándála pearsanta agus an PIN a úsáid i gceart;

(h)

cuirfidh fostaithe a IO agus a TC ar an eolas faoina gceadchomhartha slándála a chailleadh nó a mhí-úsáid laistigh de 24 uair an chloig tar éis an chaillteanais sin nó na mí-úsáide sin;

(i)

aon iarraidh nó aon ghníomh ó fhostaithe eile de chuid IO i ndáil le RMI a bhaineann leis an tslándáil nach gníomhaíocht dhlisteanach ghnó é dá dtagraítear i bpointe 6.3. den Iarscríbhinn seo, tuairisceoidh fostaithe de chuid IO na hiarrataí nó na gníomhartha sin do na húdaráis ábhartha.

4.6.   Ról an lárionaid iontaoibhe

Cruthóidh TCanna na deimhnithe digiteacha agus seolfaidh siad na deimhnithe sin chuig na IOnna agus a gcuid fostaithe trí na CABanna éagsúla. Coimeádfaidh TCanna bunachar sonraí de dheimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisíodh. Soláthróidh TCanna rochtain do mhonaróirí feithiclí ar chomhéadan chun stádas na ndeimhnithe digiteacha agus na ndeimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a fhíorú.

An fhaisnéis maidir le fostaithe de chuid IO, coinneoidh na TCanna sa bhunachar sonraí údarúcháin iad ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 60 mí. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná a bhfuil fágtha de thréimhse bhailíochta an fhormheasa a deonaíodh don IO ina bhfuil an fostaí ag obair.

4.6.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

féadfaidh TCanna deimhnithe digiteacha a chur ar fionraí agus a aisghairm arna iarraidh sin ag an CAB;

(b)

soláthróidh TCanna don IO agus dá chuid fostaithe na bogearraí chun na deimhnithe digiteacha a úsáid;

(c)

oibreoidh TCanna 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine.

4.7.   Ról na monaróirí feithiclí

Gach IO formheasta agus gach fostaí údaraithe de chuid IO, soláthróidh monaróirí feithiclí rochtain dóibh ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil. Fostaithe de chuid IO atá ag lorg rochtain ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh monaróirí feithiclí cumarsáid le TCanna chun stádas údarúcháin agus fíordheimhnithe na bhfostaithe sin a fhíorú.

4.7.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

áiritheoidh monaróirí feithiclí go ndéanfar a suíomh gréasáin a oiriúnú chun tacú le rochtain IOnna ar RMI a bhaineann leis an tslándáil;

(b)

áiritheoidh monaróirí feithiclí go ndéanfaidh siad na sonraíochtaí teicniúla a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin SERMI a íoslódáil.

4.7.2.   Ceanglais nós imeachta le haghaidh monaróirí feithiclí

Ní thabharfaidh monaróirí feithiclí rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil mura rud é gur comhlíonadh gach ceann de na ceanglais nós imeachta seo a leanas:

(1)

Ceanglais nós imeachta le haghaidh feithiclí goidte

Coinneoidh monaróirí feithiclí taifead ar gach feithicil dá mbranda a dtuairiscíonn na húdaráis gur goideadh iad.

Cuirfidh monaróirí feithiclí próiseas i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh inrianaitheacht agus cuntasacht shoiléir ann agus go mbeidh na húdaráis ábhartha in ann na sonraí a sholáthraíonn an monaróir feithiclí a rianú chuig an bhfostaí de chuid IO dar tugadh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an bhfeithicil ghoidte.

(2)

Ceanglais nós imeachta maidir le faisnéis a stóráil

Stórálfaidh monaróirí feithiclí an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach rochtain a dheonófar ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil:

(a)

Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) na feithicle ar iarradh an fhaisnéis ina leith;

(b)

an dáta a rinneadh an iarraidh;

(c)

cláruimhir na feithicle ar iarradh an fhaisnéis ina leith, i gcás ina bhfuil an uimhir sin le fáil;

(d)

athraitheach cineáil na feithicle ar iarradh an fhaisnéis ina leith agus leagan na feithicle sin, i gcás ina bhfuil sin le fáil.

Déanfaidh monaróirí feithiclí na sonraí sin a stóráil ar feadh 5 mbliana.

.

(*5)  Na ceanglais a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos sa ‘Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)’, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach um Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016 (https://www.vehiclesermi.eu/)"

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)."


(*1)  Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1).

(*2)  Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 180, 8.7.2011, lch. 53).”;

(*3)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) Uimh. 715/2007.

(*4)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) Uimh. 595/2009.”;

(*5)  Na ceanglais a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos sa ‘Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)’, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach um Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016 (https://www.vehiclesermi.eu/)

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”


Нагоре