This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0563
Council Decision (CFSP) 2020/563 of 23 April 2020 amending Decision 2013/184/CFSP concerning restrictive measures against Myanmar/Burma
Cinneadh (CBES) 2020/563 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma
Cinneadh (CBES) 2020/563 ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma
ST/6888/2020/INIT
IO L 130, 24.4.2020, p. 25–26
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.4.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 130/25 |
CINNEADH (CBES) 2020/563 ÓN GCOMHAIRLE
an 23 Aibreán 2020
lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Bhurma
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1), maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/184/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 30 Aibreán 2021. |
(3) |
Tá faisnéis nuashonraithe faighte maidir le duine amháin atá ar an liosta. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2021. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”; |
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
(1) Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Mhaenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/232/CBES (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad iontráil 3 ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES:
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“3. |
Than Oo |
Dáta breithe: 12 Deireadh Fómhair 1973 Inscne: fireann Uimhir aitheantais mhíleata: BC 25723 |
Ba é an Briogáidire-Ghinearál Than Oo Ceannasaí an 99ú Roinn Coisithe Éadroma de chuid Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw) go dtí mí na Bealtaine 2018. Os amhlaidh atá, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 99ú Roinn Coisithe Éadroma in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Orthu sin bhí marú neamhdhleathach, foréigean gnéasach, agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya. |
25.6.2018” |