Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta
Asiakirja 62022TN0216
Case T-216/22: Action brought on 22 April 2022 — Shatrov v Council
Cás T-216/22: Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Shatrov v an Chomhairle
Cás T-216/22: Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Shatrov v an Chomhairle
IO C 222, 7.6.2022, s. 40—40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 222, 7.6.2022, s. 37—37
(GA)
7.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/37 |
Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2022 – Shatrov v an Chomhairle
(Cás T-216/22)
(2022/C 222/65)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Alexander Evgenevich Shatrov (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaithe: G. Lansky agus A. Egger, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, Cinneadh (CBES) 2022/307 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 46, lch. 97), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/300 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 46, lch. 3), a mhéid a bhaineann leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí a íoc, i gcomhréir le hAirteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar fhoras i dtaca le neamhdhlíthiúlacht na ngníomhartha dlíthiúla atá faoi chonspóid, a mhéid a bhaineann siad leis, ardaíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, is é sin go ndearna an Chomhairle earráid fhollasach measúnaithe agus, go háirithe, gur mhainnigh sí ina duaglais maidir le fíorú. Níor thug an Chomhairle aon fhianaise nithiúil ar aird, chun a léiriú gur go bailí a cuireadh ainm an iarratasóra ar an liosta sna gníomhartha dlíthiúla atá faoi chonspóid.