Valitse kokeelliset ominaisuudet, joita haluat kokeilla

Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta

Asiakirja 62021TB0151

    Cás T-151/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Márta 2022 – Saure v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Comhfhreagras an Choimisiúin maidir le cainníochtaí agus amanna seachadta na vacsaíní COVID-19 BioNTech SE – Diúltú tosaigh – Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc – Iarratas don saghas ordaithe atá á lorg a mhodhnú – Inghlacthacht an chaingean ag an am a tugadh a mheas – Do-ghlacthacht fhollasach)

    IO C 222, 7.6.2022, s. 28—28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 222, 7.6.2022, s. 26—26 (GA)

    7.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 222/26


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Márta 2022 – Saure v an Coimisiún

    (Cás T-151/21) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú - Rochtain ar dhoiciméid - Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 - Comhfhreagras an Choimisiúin maidir le cainníochtaí agus amanna seachadta na vacsaíní COVID-19 BioNTech SE - Diúltú tosaigh - Acht nach bhfuil faoi réir achomhairc - Iarratas don saghas ordaithe atá á lorg a mhodhnú - Inghlacthacht an chaingean ag an am a tugadh a mheas - Do-ghlacthacht fhollasach)

    (2022/C 222/47)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Hans-Wilhelm Saure (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Partsch, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Spina, K. Herrmann agus G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)

    Maidir le:

    Trína gcaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfear an litir ón gCoimisiún Eorpach, an 27 Eanáir 2021, ar leataobh, lena ndiúltaítear iarratas tosaigh le haghaidh rochtain ar dhoiciméid áirithe.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean as bheith do-ghlactha go follasach.

    2.

    Íocfaidh Hans-Wilhelm Saure as a chostais féin chomh maith leis na costais a thabhóidh an Coimisiún Eorpach, agus siúd a bhaineann leis na hiarrataí chun an t-iarratas a mhodhnú agus íocfaidh an Coimisiún Eorpach as a chostais féin a bhaineann leis an iarratas.


    (1)  IO C 189, 17.5.2021.


    Alkuun