This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CB0028
Case C-28/21: Order of the Court (Tenth Chamber) of 31 January 2022 (request for a preliminary ruling from the Sąd Okręgowy w Łodzi — Poland) — TM v EJ (Reference for a preliminary ruling — Article 99 of the Rules of Procedure of the Court of Justice — Insurance against civil liability in respect of the use of motor vehicles — Directive 2009/103/EC — Article 3 — Compulsory cover of damage to property — Scope — Legislation of a Member State excluding loss of earnings from cover by compulsory insurance against civil liability in respect of the use of motor vehicles)
Cás C-28/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 31 Eanáir 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Łodzi – an Pholainn) – TM v EJ (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí – Treoir 2009/103/CE – Airteagal 3 – Oibleagáid damáiste do mhaoin a chlúdach – Raon feidhme – Rialachán Ballstáit lena n-eisiatar caillteanas tuillimh ó chumhdach trí árachas éigeantach i gcoinne dliteanais shibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí)

IO C 222, 7.6.2022, p. 4–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 222/4 |
Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 31 Eanáir 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Łodzi – an Pholainn) – TM v EJ
(Cás C-28/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí - Treoir 2009/103/CE - Airteagal 3 - Oibleagáid damáiste do mhaoin a chlúdach - Raon feidhme - Rialachán Ballstáit lena n-eisiatar caillteanas tuillimh ó chumhdach trí árachas éigeantach i gcoinne dliteanais shibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí)
(2022/C 222/05)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Okręgowy w Łodzi
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: TM
Cosantóir: EJ
An chuid oibríochtúil
Ní mór an chéad fhomhír d’Airteagal 3 de Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 a bhaineann le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i leith úsáid mótarfheithiclí agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin a léirmhíniú ar chaoi nach gcuirtear cosc léi ar fhoráil náisiúnta lena bhforáiltear nach gcumhdaíonn árachas éigeantach i gcoinne dliteanas sibhialta maidir le húsáid mótarfheithiclí damáiste arb éard é caillteanas tuillimh, ar choinníoll go mbeidh feidhm ag an teorannú ar chumhdach sin gan aon difríocht sa tslí a gcaitear leis an bpáirtí díobhálaithe nó le húinéir nó coimeádaí na feithicle damáistithe atá bunaithe ar a Bhallstáit cónaithe.