Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne

Ceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/84/CE maidir le ceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi ceart athdhíola1 éigeantach a thabhairt isteach chun leasa údar bunsaothair ealaíne ar fud AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Saothair ealaíne lena mbaineann an ceart athdhíola

Ar choinníoll gur saothair ealaíne iad a rinne an t–ealaíontóir nó gur cóipeanna iad a ndearnadh líon teoranta díobh a meastar gur saothair bhunaidh ealaíne iad de réir úsáid ghairmiúil (léirithe teoranta nó saothair arna síniú, mar shampla), baineann an ceart athdhíola le saothair amhail:

  • pictiúir;
  • colláisí;
  • péinteálacha;
  • líníochtaí;
  • greanadóireacht;
  • priontaí;
  • liteagraif;
  • dealbha;
  • taipéisí;
  • ceirmeacht;
  • earraí gloine; agus
  • grianghraif.

Ní bhaineann an ceart athdhíola le lámhscríbhinní bunaidh scríbhneoirí nó cumadóirí.

Ábhar an chirt athdhíola

  • Go hiondúil tá an ceart athdhíola iníoctha ag an díoltóir. Mar sin féin, féadfaidh tíortha AE dlíthe a rith lena gceadaítear do ghairmí seachas an díoltóir a bheith mar an t–aon duine amháin atá freagrach as an gceart athdhíola a íoc nó an fhreagracht sin a roinnt leis an díoltóir.
  • Féadfaidh tíortha AE a chinneadh freisin nach bhfuil feidhm ag an gceart athdhíola:
    • i gcás go bhfuair an díoltóir an obair go díreach ón údar níos lú ná 3 bliana roimh an athdhíol; agus
    • i gcás nach mó ná €10 000 an praghas athdhíola.

Téarma cosanta an chirt athdhíola

Leagtar síos an téarma cosanta le Treoir 2006/116/CE lena gcomhchuibhítear téarma cosanta cóipchirt agus cearta gaolmhara áirithe agus maireann sé ar feadh tréimhse 70 bliain tar éis bhás an údair.

An ceart athdhíola a ríomh

  • Tá oibleagáid ar thíortha AE praghas díola íosta a shocrú do dhíolacháin faoi réir an chirt athdhíola. Ní fhéadfaidh an praghas díola íosta a bheith níos mó ná €3 000.
  • Faigheann ealaíontóirí ríchíosanna a ríomhtar mar chéatadán de phraghas díola a saothar. Roinntear an praghas díola ina chúig chuid, bíonn ráta an ríchíosa idir 4 % agus 0.25 %, ag brath ar an gcion.
  • Mar sin féin, ní fhéadfaidh méid iomlán an ríchíosa a bheith os cionn €12 500.

Tairbhithe

  • Téann an ceart athdhíola chun tairbhe údar an tsaothair agus, tar éis a bháis nó a báis, chun tairbhe iad siúd atá ina theideal mar gheall ar a ghaol nó a gaol leis.
  • Féadfaidh údair ar náisiúnaigh thíortha neamh-AE iad tairbhe a bhaint as an gceart athdhíola má cheadaíonn an reachtaíocht ina dtír féin cosaint maidir le ceart athdhíola d’údair ó thíortha AE.
  • Mar sin féin, féadfaidh tíortha AE cinneadh a dhéanamh an treoir sin a chur i bhfeidhm maidir le húdair ar náisiúnaigh thíortha neamh-AE iad ach a bhfuil gnáthchónaí orthu sa tír AE lena mbaineann.

An ceart chun faisnéis a fháil

Go ceann tréimhse 3 bliana tar éis an athdhíola, tá sé de cheart ag na daoine atá i dteideal ríchíosanna a fháil aon fhaisnéis a éileamh ó aon ghairmí margaidh ealaíne a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun íocaíocht ríchíosanna a fháil ón athdhíol.

Tuarascáil ar chur chun feidhme na treorach agus príomhphrionsabail agus moltaí

In 2011, ghlac an Coimisiún Eorpach tuarascáil maidir le cur chun feidhme na treorach. Moladh leis sin idirphlé páirtithe leasmhara a bhunú (lena n–áirítear eagraíochtaí bainistithe bailithe ceart, údair agus gairmithe sa mhargadh ealaíne amhail déileálaithe ealaíne, dánlanna, ceantálaithe) ar cuireadh de chúram orthu moltaí a dhéanamh maidir le conas feabhas a chur ar an gcóras maidir le bailiú agus dáileadh ceart athdhíola in AE. In 2014, shínigh ionadaithe na n–eagraíochtaí sin le “Príomhphrionsabail agus Príomh-mholtaí maidir le bainistiú an Chirt Athdhíola Údair”.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

  • Tá feidhm leis an treoir seo maidir le gach bunsaothar ealaíne, lenar bhain an méid a leanas leo ón :
    • bhí siad faoi chosaint dhlíthe cóipchirt thíortha AE; nó
    • chomhlíon siad na critéir maidir le cosaint faoin treoir seo.
  • Tá feidhm leis ón agus b’éigean dlí a dhéanamh de i dtíortha AE faoin .

CÚLRA

Cé go dtugtar an ceart athdhíola d’údar bunsaothair ealaíne faoi Choinbhinsiún Berne um Chosaint Saothar Liteartha agus Ealaíne, níl sé sin ceangailteach, rud a chiallaíonn nach gcuireann tíortha áirithe AE i bhfeidhm é. Mar thoradh air sin, tá bacainní ar an margadh inmheánach agus tá saobhadh ar an iomaíocht laistigh de, chomh maith le heaspa cosanta d’údair na mbunsaothar ealaíne.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Ceart athdhíola: an ceart, chun leasa údar bunsaothair ealaíne, céatadán den phraghas a fuarthas le haghaidh aon athdhíola, a ghnóthaigh gairmithe ón margadh ealaíne ar an saothar sin (tithe ceantála, dánlanna, nó aon mhargadh ealaíne eile).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gceart athdhíola chun leasa údar bunsaothair ealaíne (IO L 272, , lgh. 32-36)

nuashonrú is deireanaí

Top