EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí

Inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/882 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Féachtar léi leis na ceanglais inrochtaineachta* le haghaidh táirgí* agus seirbhísí áirithe a chomhchuibhiú ionas go bhfeidhmeoidh margadh inmheánach AE go rianúil trí bhacainní ar bith ar shaorghluaiseacht a d’fhéadfadh a bheith ann de barr reachtaíocht náisiúnta éagsúil a dhíothú agus a chosc.
  • Tá sé mar aidhm léi tairbhe a dhéanamh do ghnólachtaí, do dhaoine faoi mhíchumas* agus do dhaoine scothaosta. Trí cheanglais inrochtaineachta a chur i bhfeidhm soiléireofar an oibleagáid um inrochtaineachta reatha i ndlí AE, go háirithe i soláthar poiblí agus i gcistí struchtúracha.
  • Tugtar an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta uirthi.

PRÍOMHPHOINTÍ

Beidh feidhm ag an reachtaíocht ón 28 Meitheamh 2025 maidir leis an méid seo a leanas:

  • Táirgí:
    • ríomhairí agus córais oibriúcháin;
    • stáisiúin íocaíochta agus stáisiúin áirithe féinseirbhíse amhail UMBanna, meaisíní ticéad agus seiceáil isteach, stáisiúin faisnéise féinseirbhíse idirghníomhaí;
    • fóin chliste agus trealamh eile chun seirbhísí teileachumarsáide a rochtain;
    • trealamh teilifíse a bhaineann le seirbhísí teilifíse digití;
    • r–léitheoirí.
  • Seirbhísí:
    • seirbhísí teileafónaíochta;
    • seirbhísí chun seirbhísí closamhairc a rochtain;
    • gnéithe áirithe seirbhísí aeriompair, busiompair, iompair ar iarnróid agus iompair ar uisce amhail suíomhanna gréasáin, seirbhísí móibíleacha, ticéid leictreonacha, faisnéis;
    • baincéireacht tomhaltóirí;
    • ríomh-leabhair;
    • r–thráchtáil
    • freagra ar ghlaonna éigeandála chuig an uimhir aonair Eorpach “112”.

Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir leis an méid seo a leanas:

  • meáin ambhunaithe réamhthaifeadta, amhail físeáin agus sleamhnáin nó formáidí comhad oifige a foilsíodh roimh an 28 Meitheamh 2025;
  • léarscáileanna ar líne má sholáthraítear faisnéis riachtanach ar mhodh digiteach inrochtana;
  • suíomhanna gréasáin agus cineálacha eile cartlannaithe ina bhfuil ábhar nár nuashonraíodh nó nár cuireadh in eagar i ndiaidh an 28 Meitheamh 2025;
  • micreaghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí.

Tá feidhm ag ceanglais shonracha inrochtaineachta maidir le gach táirge agus gach seirbhís a chumhdaítear sa reachtaíocht, ar an gcoinníoll nach n–athrófar leo sin a gcineál bunaidh nó nach gcuirfear ualach díréireach ar oibreoirí leo.

  • Maidir le táirgí:
    • ní mór iad a dhearadh agus a tháirgeadh chun a n–úsáid ag daoine faoi mhíchumas a uasmhéadú;
    • ní foláir nó go gcloífidh siad le rialacha mionsonraithe maidir le faisnéis agus treoracha, comhéadan úsáideora agus dearadh feidhmiúlachta, seirbhísí tacaíochta agus pacáistiú.
  • Maidir le seirbhísí:
    • ní mór dóibh faisnéis maidir leis an tseirbhís, lena gnéithe inrochtaineachta agus lena saoráidí a sholáthar;
    • ní mór dóibh suíomhanna gréasáin agus gléasanna móibíleacha a dhéanamh níos éasca;
    • ní mór dóibh tacú le córais tacaíochta, amhail deasca cabhrach, lárionaid glaonna agus oiliúint chun faisnéis ar inrochtaineacht a sholáthar;
    • ní mór dóibh cleachtais, beartais agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le riachtanais daoine faoi mhíchumas. Tá rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le seirbhísí éagsúla (cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc, aeriompar, busiompar, iompar ar iarnród, iompar ar uisce agus iompar uirbeach, baincéireacht tomhaltóirí, ríomh-leabhair, r–thráchtáil agus freagra a thabhairt ar an uimhir ghutháin éigeandála 112).
  • Féadfaidh tíortha AE a chinneadh a cheangal go gcomhlíonfadh an timpeallacht thógtha ceanglais inrochtaineachta i gcás go soláthraítear seirbhísí.
  • In Iarscríbhinn II soláthraítear samplaí neamhcheangailteacha den dóigh a bhféadfaí na ceanglais éagsúla inrochtaineachta a chomhlíonadh.

Ceanglaítear an méid seo a leanas leis an reachtaíocht.

  • Ní mór do mhonaróirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • táirgí a dhearadh agus a mhonarú de réir na treorach, agus athruithe ar bith ar na caighdeáin chomhchuibhithe á gcur san áireamh;
    • na doiciméid theicniúla riachtanacha a dhréachtú, an nós imeachta um chomhréireacht a chur i gcrích agus an fhaisnéis a choinneáil ar feadh 5 bliana;
    • aitheantas soiléir a sholáthar ar a dtáirgí agus ar a sonraí teagmhála féin;
    • treoracha sothuigthe agus faisnéis sábháilteachta a chur leis an táirge.
  • Ní mór d’allmhaireoirí an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • a áirithiú gur éirigh leis an táirge sa nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, go bhfuil na doiciméid theicniúla riachtanacha leo, lena n–áirítear treoracha sothuigthe, agus go bhfuil comhartha CE orthu;
    • diúltú táirge a chur ar an margadh má chreideann siad nach gcomhlíonann sé na ceanglais inrochtaineachta agus an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas.
  • Ní mór do sholáthraithe seirbhíse an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • seirbhísí a dhearadh agus a sholáthar de réir na treorach;
    • faisnéis i scríbhinn agus ó bhéal atá inrochtana go héasca do dhaoine faoi mhíchumas a sholáthar don phobal maidir leis an tseirbhís a thairgeann siad agus an dóigh a gcomhlíonann sé sin na ceanglais inrochtaineachta;
    • a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go leanfar le comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta agus athruithe ar bith a chur san áireamh.
  • Ní mór do mhonaróirí, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí gníomhú láithreach má fhaigheann siad na gcloíonn an táirge leis an reachtaíocht a thuilleadh.

Ní mór do thíortha AE:

  • a áirithiú go gcloíonn gach táirge agus seirbhís arna gcumhdach sa reachtaíocht lena ceanglais inrochtaineachta;
  • faisnéis a sholáthar don phobal, dá iarraidh sin, faoin dóigh a gcuireann cuideachtaí na ceanglais chun feidhme;
  • nósanna imeachta a chur chun feidhme agus a nuashonrú chun:
    • comhlíonadh na seirbhísí maidir leis an treoir a sheiceáil,
    • fiosrú a dhéanamh ar ghearáin nó ar thuairiscí maidir le neamhchomhlíonadh,
    • a fhíorú gur réitigh an chuideachta an cliseadh;
  • bealaí a sholáthar, lena n–áirítear caingean dlí, chun comhlíonadh an dlí agus pionóis as sárú ar bith ar an dlí a áirithiú.

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

  • féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun gnéithe teicniúla den treoir a leasú;
  • féadfaidh sé a iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú maidir le ceanglais inrochtaineachta nó sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh faoi choinníollacha áirithe;
  • bunaíonn sé grúpa oibre ionadaithe de chuid údarás le haghaidh faireachas margaidh agus comhlíonadh seirbhísí agus de chuid páirtithe leasmhara lena n–áirítear eagraíochtaí daoine faoi mhíchumas chun:
    • malartú faisnéise agus dea-chleachtais a chur chun cinn,
    • comhar a chothú idir na húdaráis agus na páirtithe leasmhara,
    • comhairle a sholáthar;
  • cuirfidh sé tuarascáil isteach, faoin 28 Meitheamh 2030 agus gach 5 bliana ina dhiadh sin, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin Dé Máirt 28 Meitheamh 2022. Ní mór do thíortha AE na bearta a chur i bhfeidhm ón 28 Meitheamh 2025.

Féadfaidh tíortha AE, áfach, an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhlíonadh maidir leis an uimir éigeandála Eorpach 112 a chur siar go dtí an 28 Meitheamh 2027;
  • 5 bliana eile (go dtí an 28 Meitheamh 2030) a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse a mbeidh a saoráidí in úsáid go dleathach cheana féin faoin 28 Meitheamh 2025;
  • a cheadú gur féidir stáisiúin féinseirbhíse a fheidhmiú go dtí deireadh a saolré eacnamaíche fónta, ach ní tréimhse níos faide ná 20 bliain i ndiaidh iad a chur i seirbhís.

CÚLRA

  • Tá os cionn 80 milliún duine in AE atá faoi mhíchumas de chineál éigin. Agus sochaí atá ag dul in aois, tá an líon sin ag méadú.
  • I gCairt um Chearta Bunúsacha AE, aithnítear agus urramaítear cearta daoine faoi mhíchumas chun leas a bhaint as bearta atá deartha lena neamhspleáchas, lena lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus lena rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.
  • Leis an treoir sainítear daoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas atá daingnithe ag gach tír AE.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Inrochtaineacht: dearadh táirgi, gléasanna, seirbhísí nó timpeallachtaí lena n–úsáid ag daoine faoi mhíchumas ar bhonn cothrom le daoine eile.
Táirgí: substaint, ullmhóid nó earra a tháirgtear trí phróiseas monaraíochta (seachas bia, beatha, plandaí agus ainmhithe beo nó táirgí de bhunadh an duine, de bhunadh plandaí agus de bhunadh ainmhíoch lena n–atáirgeadh amach anseo).
Daoine faoi mhíchumas: duine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach air nó uirthi lena bhféadfaí, i gcás bacainní éagsúla, bac a chur ar a rannpháirtíocht iomlán éifeachtach inár sochaí ar bhonn cothrom le daoine eile.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineacht le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lgh 70-115)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 36-214)

Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann le haghaidh margaíocht táirgí, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 82-128)

Nuashonraithe 10.09.2019

Top