This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0755
Case T-755/22: Action brought on 5 December 2022 — TG v Commission
Cás T-755/22: Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – TG v an Coimisiún
Cás T-755/22: Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – TG v an Coimisiún
IO C 24, 23.1.2023, p. 82–83
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/82 |
Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – TG v an Coimisiún
(Cás T-755/22)
(2023/C 24/110)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: TG (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis; dá bharr sin: |
— |
cinneadh an 11 Márta 2022, lena ndiúltaítear breoiteacht an iarratasóra a aithint mar bhreoiteacht thromchúiseach, de réir bhrí Airteagal 72(l), de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a neamhniú; |
— |
cinneadh an 25 Lúnasa 2022, lena ndiúltaítear do ghearán an iarratasóra an 29 Aibreán 2022, a neamhniú: |
— |
a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir, arna mheasúnú ex aequo et bono ag méid 5,000 euro; |
— |
a ordú don cosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar shárú ar Airteagal 72(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar na forálacha ginearálta cur chun feidhme a bhaineann le haisíoc costais leighis arna nglacadh le Cinneadh C(2007) 3195 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2007, agus arna leasú le cinneadh an 12 Bealtaine 2020.