Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0625

    Cás T-625/22: Caingean arna tabhairt an 7 Deireadh Fómhair 2022 – an Ostair v an Coimisiún

    IO C 24, 23.1.2023, p. 43–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/43


    Caingean arna tabhairt an 7 Deireadh Fómhair 2022 – an Ostair v an Coimisiún

    (Cás T-625/22)

    (2023/C 24/59)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: A. Posch, M. Klamert, F. Koppensteiner, S. Lünenbürger, K. Reiter agus M. Kottmannn, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 15 Iúil 2022, L 188, lch. 1-45, a chur ar neamhní;

    a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Ardaíonn an t-iarratasóir 16 shaincheist dlí. Baineann na chéad ocht saincheist dlí le fuinneamh núicléach, agus na hocht gcinn eile le gás iontaise.

    Saincheisteanna dlí a bhaineann le fuinneamh núicléach

    1.

    An chéad saincheist dlí: Tríd an Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh, sháraigh an Coimisiún na prionsabail agus na rialacha nós imeachta a eascraíonn ó Rialachán (AE) 2020/852 (1) agus ón gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Ní dhearnadh measúnú tionchair agus comhairliúchán poiblí, rud atá míchuí. Ní raibh rannpháirtíocht leordhóthanach ag an ngrúpa saineolaithe de chuid na mBallstát agus ag an Ardán. Ina theannta sin, ní dhearnadh measúnú an bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid i gcomhréir le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4) den Dlí sin.

    2.

    An dara saincheist dlí: Sáraítear leis an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ina sonraítear go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin ag an tús maidir le gníomhaíochtaí ar mó a lorg carbóin agus, dá bhrí sin, nach gclúdaíonn fuinneamh núicléach atá íseal ar CO2. In aon chás, ní thagann fuinneamh núicléach le ceanglais shonracha Airteagal 10(2) de Rialachán 2020/852. Ar a laghad ar bith, tá an Rialachán lochtach mar gheall ar an easpa iniúchta agus an easpa cúiseanna i ndáil leis sin. Ina leith sin, sáraítear leis freisin Airteagal 19(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim faoin dlí príomha.

    3.

    An tríú saincheist dlí: Sáraítear an critéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” in Airteagal 17 agus Airteagal 19(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúram faoin dlí príomha le haicmiú an fhuinnimh núicléach mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní shásaíonn an Coimisiún an leibhéal cosanta a éilítear le Rialachán (AE) 2020/852 agus na ceanglais ó thaobh fianaise de. Mainníonn air an riosca a bhaineann le dochar suntasach do roinnt de na cuspóirí comhshaoil cosanta de bharr tionóisc imoibreoirí agus dramhaíl ard-radaighníomhach a shainaithint. Ní chuirtear cosc ar dhochar suntasach don chuspóir comhshaoil maidir le hoiriúnú don athrú aeráide go sách cinntitheach. Ar a laghad ar bith, an Rialachán lochtach de bharr easnaimh a bhaineann le himscrúdú agus cúiseanna i dtaca leis na pointí thuasluaite.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí: Ní féidir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Rialachán atá faoi chonspóid dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil a chosc. Sáraíonn na critéir scagtha theicniúla an critéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” a leagtar síos in Airteagal 17 agus Airteagal 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúram faoin dlí príomha. I ndáil leis sin, freisin, tá míthuiscint ar an leibhéal cosanta agus na ceanglais maidir le fianaise, ní hamháin maidir le tionóiscí tromchúiseacha imoibreora agus dramhaíl ard-radaighníomhach, ach freisin i dtaca le gnáthoibriú. Ní chuirtear cosc ar dhochar suntasach don chuspóir comhshaoil maidir le hoiriúnú don athrú aeráide go sách cinntitheach. Thairis sin, tá na critéir scagtha theicniúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II den Rialachán atá faoi chonspóid níos ísle ná na critéir in Iarscríbhinn I, gan aon údar a thabhairt ina leith sin. Maidir leis na critéir scagtha theicniúla, tá an Rialachán atá faoi chonspóid lochtach, ar a laghad ar bith, de bharr na n-easnamh ó thaobh imscrúdú agus cúiseanna.

    5.

    An cúigiú saincheist dlí: A mhéid a aicmítear fuinneamh núicléach mar ní a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide, sáraítear Airteagal 11 agus Airteagal 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim.

    6.

    An séú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 19(1)(k) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ní chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla an ceanglas go mbeidh sé furasta iad a úsáid agus a dheimhniú go gcomhlíontar iad.

    7.

    An seachtú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid cuspóir Rialachán (AE) 2020/852 agus an ceanglas maidir le héifeacht phraiticiúil an Rialacháin a chosaint, de bharr ilroinnt na margaí a bhaineann le rangú fuinnimh núicléach mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

    8.

    An ochtú saincheist dlí: Leis an léiriú ar Rialachán (AE) 2020/852 ar a bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid bunaithe, is é sin gur fhág reachtóir an Aontais an cheist oscailte agus gur fhág sé sin faoin gCoimisiún é, sáraítear an ceanglas ábharthachta faoi Airteagal 290 CFAE. Ceanglaítear leis sin go nglacfadh reachtóir an Aontais féin cinneadh maidir le fuinneamh núicléach a áireamh san aicmiú. Chloígh reachtóir an Aontais leis sin agus chuir sé as an áireamh go bhféadfaí fuinneamh núicléach a aicmiú mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

    Saincheisteanna dlí maidir le gás iontaise

    9.

    An chéad saincheist dlí: Maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le gás iontaise, sháraigh an Coimisiún, agus an Rialachán atá faoi chonspóid á ghlacadh, na prionsabail agus na rialacha nós imeachta a eascraíonn ó Rialachán (AE) 2020/852 agus ón gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Tá feidhm ag na barúlacha maidir le fuinneamh núicléach mutatis mutandis.

    10.

    An dara saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 10(2) agus Airteagal 19(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim faoin dlí príomha, ar a laghad a mhéid a fhoráiltear do thairsí choibhéis 270 g CO2 in aghaidh an kWh agus coibhéis 550 kg CO2 in aghaidh an kW in aghaidh na bliana ar an meán thar 20 bliain le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le gás iontaise. Tá an Rialachán atá faoi chonspóid bunaithe ar mhaolú ar an gcoinníoll nár chóir go mbeadh aon rogha mhalartach atá indéanta ó thaobh teicneolaíochta agus ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de ar na gníomhaíochtaí idirthréimhseacha de réir bhrí Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852. Ina theannta sin, ní bheadh na tairsí sin i gcomhréir leis an sprioc 1,5 oC i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus cuspóirí aeráide an Aontais. De bharr nach mbaineann na tairsí ach le hastaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa, sáraítear an ceanglas maidir le hanailís ar an tsaolré. Tá na tairsí níos ísle ná an fheidhmíocht is fearr san earnáil nó sa tionscal, cuireann siad isteach ar roghanna malartacha a fhorbairt, agus eascraíonn éifeachtaí gaibhnithe astu nach bhfuil inghlactha. Ar a laghad ar bith, tá an Rialachán atá faoi chonspóid lochtach de bharr easnaimh a bhaineann le himscrúdú agus cúiseanna.

    11.

    An tríú saincheist dlí: Sáraíonn na teorainneacha 270 g agus 550 kg sa Rialachán atá faoi chonspóid an ceanglas maidir le neodracht ó thaobh na teicneolaíochta de a leagtar síos in Airteagal 19(1)(a) agus (j) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

    12.

    An ceathrú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid an critéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” in Airteagal 17 agus Airteagal 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim faoin dlí príomha. Mar gheall ar na tairsí 270 g agus 550 kg, ní hamháin nach rannchuidítear go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, ach déantar dochar suntasach dó sin freisin.

    13.

    An cúigiú saincheist dlí: A mhéid a aicmítear gás iontaise sa Rialachán atá faoi chonspóid mar ní a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide, sáraítear Airteagail 11 agus 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim.

    14.

    An séú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 19(1)(i) de Rialachán (AE) 2020/852. I bhfianaise an bhrú eacnamaíoch mhéadaithigh ar ghás iontaise mar fhoinse fuinnimh, tá riosca suntasach ann ar a laghad go gcruthófar sócmhainní gan luach.

    15.

    An seachtú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 19(1)(k) de Rialachán (AE) 2020/852. Ní shásaíonn na critéir scagtha theicniúla an ceanglas maidir le gás iontaise a bheith furasta lena úsáid agus lena dheimhniú go gcomhlíontar iad.

    16.

    An ochtú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid cuspóir Rialachán (AE) 2020/852 agus an ceanglas maidir lena héifeachtacht phraiticiúil a chosaint de bharr ilroinnt na margaí a bhaineann le rangú gáis iontaise mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.


    (1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO 2020, L 198, lch. 13).


    Top