This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TB0161
Case T-161/22: Order of the General Court of 7 November 2022 — Ortega Montero v Parliament (Civil service — Staff representation — Amendment to the Rules of Procedure of the Staff Committee of Parliament — Appointment of staff representatives to bodies established under the Staff Regulations and to administrative bodies — Article 90(2) of the Staff Regulations — Failure to take a measure required by the Staff Regulations — Prior complaint to the appointing authority — Time limits for instituting proceedings — Out of time — Inadmissibility)
Cás T-161/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Samhain 2022 – Ortega Montero v an Pharlaimint (Seirbhís Shibhialta – Ionadaíocht na Foirne – Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte – Ionadaithe foirne a cheapadh chuig comhlachtaí reachtúla agus riaracháin – Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne – Staonadh ó ghlacadh na mbeart arna bhforchur ag na Rialacháin Foirne – Gearán roimh ré os comhair an údaráis ceapacháin – Teorainneacha ama le haghaidh achomharc – Moille – Neamh-inghlachtacht)
Cás T-161/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Samhain 2022 – Ortega Montero v an Pharlaimint (Seirbhís Shibhialta – Ionadaíocht na Foirne – Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte – Ionadaithe foirne a cheapadh chuig comhlachtaí reachtúla agus riaracháin – Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne – Staonadh ó ghlacadh na mbeart arna bhforchur ag na Rialacháin Foirne – Gearán roimh ré os comhair an údaráis ceapacháin – Teorainneacha ama le haghaidh achomharc – Moille – Neamh-inghlachtacht)
IO C 24, 23.1.2023, p. 39–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/39 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Samhain 2022 – Ortega Montero v an Pharlaimint
(Cás T-161/22) (1)
(Seirbhís Shibhialta - Ionadaíocht na Foirne - Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte - Ionadaithe foirne a cheapadh chuig comhlachtaí reachtúla agus riaracháin - Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne - Staonadh ó ghlacadh na mbeart arna bhforchur ag na Rialacháin Foirne - Gearán roimh ré os comhair an údaráis ceapacháin - Teorainneacha ama le haghaidh achomharc - Moille - Neamh-inghlachtacht)
(2023/C 24/54)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Maria Del Carmen Ortega Montero (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: K. Zejdová agus M. Windisch, Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhnófar, ar an gcéad dul síos, an Cinneadh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 lenar diúltaíodh dá ghearán den 19 Eanáir 2021, ar an dara dul síos, an Cinneadh an 21 Nollaig 2021 lenar dhiúltaigh Ardrúnaí na Parlaiminte dá dara gearán an 18 Lúnasa 2021, ar an tríú dul síos, an leasú ar Airteagal 22 de Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte a glacadh an 10 Samhain 2020 agus, ar an gceathrú dul síos, vótá an Choiste Foirne den 10 Samhain 2020 a bhaineann le hionadaí a chur in ionad don choiste sin arna cheapadh ar bhord roghnúcháin mar aon leis na gníomhartha agus na cinntí go léir arna nglacadh de bhun Airteagal 22 de Rialacha Nós Imeachta an Choiste Foirne, lena n-áirítear torthaí an vóta, den 10 Samhain 2020 freisin, maidir lena ionadaithe a cheapadh ar choistí agus toscaireachtaí éagsúla.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha. |
2) |
Ordaítear do Maria Del Carmen Ortega Montero a costais féin agus na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa a íoc. |