Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0633

    Cás C-633/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Real Madrid Club de Fútbol, AE v EE, Société Éditrice du Monde SA

    IO C 24, 23.1.2023, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/26


    Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Real Madrid Club de Fútbol, AE v EE, Société Éditrice du Monde SA

    (Cás C-633/22)

    (2023/C 24/34)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Cour de cassation

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Real Madrid Club de Fútbol, AE

    Cosantóirí: EE, Société Éditrice du Monde SA

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1)

    An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagail 34 agus 36 de Rialachán An Bhruiséil I (1) agus ar Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ná gur féidir dochar a dhéanamh don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh le ciontú as damáiste a dhéanamh do chlú club spóirt le scéal arna fhoilsiú i nuachtán agus gur féidir leis a bheith ina fhoras le haithint agus forghníomhú a dhiúltú mar sin?

    2)

    I gcás freagra dearfach, an é an léiriú atá le déanamh ar na forálacha sin ná nach bhféadfadh an chúirt iarrtha a chinneadh go bhfuil an ciontú díréireach ach amháin i gcás ina n-aicmíonn an chúirt tionscnaimh nó an chúirt iarrtha na damáistí mar dhamáistí pionósacha agus ní i gcás ina mbronntar iad chun damáiste neamhábhartha a chúiteamh?

    3)

    An é an léiriú atá le déanamh ar na forálacha seo ná nach bhféadfadh an chúirt iarrtha brath ach ar éifeacht dhíspreagthach an chiontaithe i bhfianaise acmhainní an chiontaigh nó go bhféadfadh sí tosca eile ar nós tromchúis an chiona nó méid an damáiste a chur san áireamh?

    4)

    An féidir gurb ionann an éifeacht dhíspreagthach féin i bhfianaise na n-acmhainní atá ag an gcuideachta nuachtáin agus foras le haithint nó forghníomhú a dhiúltú mar gheall ar shárú follasach a dhéanamh ar bhunphrionsabal shaoirse an phreasa?

    5)

    An gcaithfear a thuiscint leis an éifeacht dhíspreagthach go gcuirtear cothromaíocht airgeadais na cuideachta a fhoilsíonn an nuachtán i mbaol léi nó an féidir léi a bheith ina héifeacht imeaglaithe amháin?

    6)

    An bhfuil measúnú le déanamh ar an éifeacht dhíspreagthach ar aon dul amháin i ndáil le cuideachta foilsitheoireachta nuachtáin agus i ndáil le hiriseoir, ar duine nadúrtha é nó í?

    7)

    An bhfuil staid eacnamaíoch lucht na meán cloíte i gcoitinne ábhartha agus measúnú á dhéanamh, taobh amuigh de chinniúint na cuideachta nuachtáin i gceist, ar cé acu an féidir leis an gciontú éifeacht imeaglaithe a bheith aige ar lucht na meán go léir nó nach féidir?


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2001, L 12, lch. 1).


    Top