EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0235

Cás C-235/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) an 5 Aibreán 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Abel

IO C 24, 23.1.2023, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) an 5 Aibreán 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Abel

(Cás C-235/22)

(2023/C 24/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Nacional

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir: Abel

Tríú páirtí: Ministerio Fiscal

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [Comhaontú um Tharraingt Siar] (1) agus Airteagail 18.1 agus 21.1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm acu i leith iarratais ar eiseachadadh ó thríú stát a rinneadh i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i leith saoránach den Ríocht Aontaithe a bhí ina chónaitheoir i mBallstát i rith agus i ndiaidh dheireadh an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar i leith gníomhartha arna ndéanamh roimh agus le linn bhailíocht an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar?

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin,

2)

an gcaithfear Airteagail 10, 12, 13, 14, 15, 126 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [Comhaontú um Tharraingt Siar] agus Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an gcásdlí i mbreithiúnais na Cúirte Breithiúnais i gcásanna C-182/15 (Petruhhin) (2) , Pisciotti (C-191/16) (3) agus C-897/19 PPU (I.N.) (4) i leith iarratais ar eiseachadadh ó thríú tír i leith náisiúnaigh Bhriotanaigh a bhí ina saoránach den Aontas Eorpaigh tráth na ngníomhartha is cúis leis an iarratas ar eiseachadadh agus a bhí ina chónaí go leanúnach ar chríoch Ballstát eile roimh agus le linn bhailíocht an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar?

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin,

3)

an bhfuil feidhm ag an gcásdlí i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcásanna C-182/15 (Petruhhin), C-191/16 (Pisciotti) agus C-897/19 PPU (I.N.) i bhfianaise an chreata i leith chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla dá bhforáiltear in Airteagail 62 go 65 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Teideal VII den tríu Páirt den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i leith iarratais ar eiseachadadh i leith náisiúnaigh Bhriotanaigh a bhí ina saoránach den Aontas Eorpaigh tráth na ngníomhartha is cúis leis an iarratas ar eiseachadadh agus a bhí ina chónaí go leanúnach ar chríoch Ballstát eile roimh agus le linn bhailíocht an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar?


(1)  IO 2020 L 29, lch. 7.

(2)  Breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, EU:C:2016:630

(3)  Breithiúnas an 10 Aibreán 2018, EU:C:2018:222

(4)  Breithiúnas an 2 Aibreán 2020, EU:C:2020:262


Top