EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0512

Cás T-512/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Epsilon Data Management v EUIPO – Epsilon Technologies (EPSILON TECHNOLOGIES) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cúlghairm – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh EPSILON TECHNOLOGIES – Fíorúsáid an mhairc – Airteagal 18(1), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cineál na húsáide – Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc – Úsáid i dtaca leis na seirbhísí ar cláraíodh an marc ina leith)

IO C 24, 23.1.2023, p. 37–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/37


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Epsilon Data Management v EUIPO – Epsilon Technologies (EPSILON TECHNOLOGIES)

(Cás T-512/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le cúlghairm - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh EPSILON TECHNOLOGIES - Fíorúsáid an mhairc - Airteagal 18(1), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cineál na húsáide - Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc - Úsáid i dtaca leis na seirbhísí ar cláraíodh an marc ina leith)

(2023/C 24/50)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Epsilon Data Management LLC (Plano, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: J. Bussé agus C. De Preter, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: I. Harrington, D. Gája agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Epsilon Technologies, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J. Carbonell Callicó agus E. Felip Corrius, Dlíodóirí)

Maidir le:

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Meitheamh 2021 (Cásanna Uamtha R 1611/2020-5 agus R 1839/2020-5) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Epsilon Data Management LLC a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Epsilon Technologies, SL a íoc.


(1)  IO C 412, 11.10.2021.


Top