Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CB0307

    Cás C-307/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Kleve – an Ghearmáin) – AB agus páirtithe eile v Ryanair DAC (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás cealú nó moille fada ar eitiltí – Airteagal 5(1)(c) – Ceart chun cúitimh má chuirtear eitilt ar ceal – Conradh iompair tugtha i gcrích trí ghníomhaire taistil ar líne – Faisnéis faoi chealú na heitilte a chuirtear in iúl trí sheoladh ríomhphoist a ghineann an gníomhaire taistil go huathoibríoch – Teip a chinntiú gur cuireadh an paisinéir ar an eolas i gceart)

    IO C 24, 23.1.2023, p. 16–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/16


    Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Kleve – an Ghearmáin) – AB agus páirtithe eile v Ryanair DAC

    (Cás C-307/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás cealú nó moille fada ar eitiltí - Airteagal 5(1)(c) - Ceart chun cúitimh má chuirtear eitilt ar ceal - Conradh iompair tugtha i gcrích trí ghníomhaire taistil ar líne - Faisnéis faoi chealú na heitilte a chuirtear in iúl trí sheoladh ríomhphoist a ghineann an gníomhaire taistil go huathoibríoch - Teip a chinntiú gur cuireadh an paisinéir ar an eolas i gceart)

    (2023/C 24/21)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Landgericht Kleve

    Páirtithe

    Iarratasóirí: AB agus páirtithe eile

    Cosantóir: Ryanair DAC

    An chuid oibríochtúil

    Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91

    ní mór é a léiriú go gcaithfidh an t-aeriompróir oibríochta an cúiteamh dá bhforáiltear leis na forálacha sin a íoc i gcás cealaithe eitilte nár cuireadh an paisinéir ar an eolas ina thaobh coicís ar a laghad roimh an am imeachta sceidealaithe inar sheol an t-iompróir sin an fhaisnéis in am trátha chuig an t-aon seoladh ríomhphoist a cuireadh in iúl dó le linn na háirithinte, gan a bheith feasach, áfach, nach bhféadfaí an seoladh sin a úsáid ach amháin chun teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaire taistil, trína ndearnadh an áirithint, agus ní leis an bpaisinéir go díreach agus nár sheol an gníomhaire taistil sin an fhaisnéis chuig an bpaisinéir in am trátha.


    (1)  IO C 310, 2.8.2021.


    Top