Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CB0035

    Cás C-35/21: Ordú na Cúirte Breithiúnas (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad – an Bhulgáir) – “Konservinvest”OOD v “Bulkons Parvomay” OOD (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí – Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 – Ainmniúchán tionscnaimh agus tásca geografacha – Airteagal 9 – Cosaint náisiúnta idirthréimhseach – Tásc geografach lena n-ainmnítear táirge talmhaíochta, atá cláraithe faoi reachtaíocht Ballstáit agus a bhfuil cosaint aige ar an leibhéal náisiúnta)

    IO C 222, 7.6.2022, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 222/5


    Ordú na Cúirte Breithiúnas (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad – an Bhulgáir) – “Konservinvest”OOD v “Bulkons Parvomay” OOD

    (Cás C-35/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí - Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 - Ainmniúchán tionscnaimh agus tásca geografacha - Airteagal 9 - Cosaint náisiúnta idirthréimhseach - Tásc geografach lena n-ainmnítear táirge talmhaíochta, atá cláraithe faoi reachtaíocht Ballstáit agus a bhfuil cosaint aige ar an leibhéal náisiúnta)

    (2022/C 222/06)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir)

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir:“Konservinvest”OOD

    Cosantóir:“Bulkons Parvomay” OOD

    An chuid obríochtúil

    Ní mór Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Ballstáit lena bhforáiltear do chóras náisiúnta clárúcháin agus cosanta maidir le hainmniúcháin gheografacha cáilithe a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a thagann faoi raon feidhme an rialacháin sin, nach bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith aige ach amháin maidir le díospóidí a bhaineann le sáruithe ar na cearta a eascraíonn as na hainmniúcháin sin idir trádálaithe sa Bhallstát sin a tháirgeann, ar chríoch an Bhallstáit sin, na táirgí ar cláraíodh na hainmniúcháin sin ina leith faoi na rialacha sin.


    (1)  IO C 98, 22.03.2021


    Top