This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021CA0658
Case C-658/21: Judgment of the Court (Eighth Chamber) of 24 November 2022 (request for a preliminary ruling from the Raad van State — Belgium) — VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), formerly VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) v Vlaams Gewest (Reference for a preliminary ruling — Procedure for the provision of information in the field of technical regulations and of rules on Information Society services — Directive (EU) 2015/1535 — Concept of ‘technical regulation’ — Article 1(1) — National legislation prohibiting individuals from using pesticides containing glyphosate on land in private use — Article 5(1) — Obligation on Member States to communicate to the European Commission any draft technical regulation)
Cás C-658/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Bheilg) – VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) roimhe seo v Vlaams Gewest (Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise – Treoir (AE) 2015/1535 – An coincheap “rialachán teicniúil” – Airteagal 1(1) – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmeasctar daoine aonair lotnaidicídí ina bhfuil gliofosáit a úsáid ar thalamh a úsáidtear go príobháideach – Airteagal 5(1) – Oibleagáid ar Bhallstáit aon dréachtrialachán teicniúil a chur in iúl don Choimisiún Eorpach)

IO C 24, 23.1.2023, p. 12–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/12 |
Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Bheilg) – VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) roimhe seo v Vlaams Gewest
(Cás C-658/21) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise - Treoir (AE) 2015/1535 - An coincheap “rialachán teicniúil” - Airteagal 1(1) - Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmeasctar daoine aonair lotnaidicídí ina bhfuil gliofosáit a úsáid ar thalamh a úsáidtear go príobháideach - Airteagal 5(1) - Oibleagáid ar Bhallstáit aon dréachtrialachán teicniúil a chur in iúl don Choimisiún Eorpach)
(2023/C 24/16)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Raad van State
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) roimhe seo.
Cosantóir: Vlaams Gewest
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 5 díobh,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
d’fhéadfadh reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar dhaoine nach bhfuil údarú náisiúnta acu atá beartaithe do ghairmithe lotnaidicídí ina bhfuil gliofosáit a úsáid ar thalamh a úsáidtear go príobháideach a bheith ina “rialachán teicniúil” de réir bhrí Airteagal 1(1)(d) agus (f) den Treoir sin, nach mór a chur in iúl don Choimisiún Eorpach faoi réir Airteagal 5 den Treoir sin, a mhéid a d'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag cur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta sin ar mhargaíocht na dtáirgí lena mbaineann, a bhfuil faoin gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú.