Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0486

    Cás C-486/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil – an tSlóivéin) – SHARENGO najem in zakup vozil d.o.o. v Mestna občina Ljubljana (Tarchur chun réamhrialú – Córas poiblí chun mótarfheithiclí leictreacha a fháil ar cíos agus a roinnt – Idirdhealú idir na coincheapa “lamháltais seirbhísí” agus “conarthaí soláthair phoiblí” – Treoir 2014/23/AE – Airteagal 5, pointe 1(b) – Airteagal 20(4) – An coincheap “conarthaí measctha” – Airteagal 8 – Luach lamháltais seirbhísí a chinneadh – Critéir – Airteagal 27 – Airteagal 38 – Treoir 2014/24/AE – Pointí 5 agus 8 d’Airteagal 2(1) – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 – Iarscríbhinn XXI – An fhéidearthacht chun coinníoll a bhaineann le clárú gníomhaíochta gairmiúla arna cinneadh de bhun an dlí náisiúnta a fhorchur – Ní féidir an coinníoll sin a fhorchur ar gach ball de chomhlachas sealadach gnóthas – Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 – Airteagal 1(1) – Oibleagáid chun tagairt go heisiach don “Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar” sna doiciméid lamháltais – Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 – Airteagal 1(2) – Ní féidir tagairt don aicmiú “NACE Athbhreithniú 2” i ndoiciméid an lamháltais)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 10–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/10


    Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil – an tSlóivéin) – SHARENGO najem in zakup vozil d.o.o. v Mestna občina Ljubljana

    (Cás C-486/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Córas poiblí chun mótarfheithiclí leictreacha a fháil ar cíos agus a roinnt - Idirdhealú idir na coincheapa “lamháltais seirbhísí” agus “conarthaí soláthair phoiblí” - Treoir 2014/23/AE - Airteagal 5, pointe 1(b) - Airteagal 20(4) - An coincheap “conarthaí measctha” - Airteagal 8 - Luach lamháltais seirbhísí a chinneadh - Critéir - Airteagal 27 - Airteagal 38 - Treoir 2014/24/AE - Pointí 5 agus 8 d’Airteagal 2(1) - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 - Iarscríbhinn XXI - An fhéidearthacht chun coinníoll a bhaineann le clárú gníomhaíochta gairmiúla arna cinneadh de bhun an dlí náisiúnta a fhorchur - Ní féidir an coinníoll sin a fhorchur ar gach ball de chomhlachas sealadach gnóthas - Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 - Airteagal 1(1) - Oibleagáid chun tagairt go heisiach don “Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar” sna doiciméid lamháltais - Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 - Airteagal 1(2) - Ní féidir tagairt don aicmiú “NACE Athbhreithniú 2” i ndoiciméid an lamháltais)

    (2023/C 7/12)

    Teanga an cháis: an tSlóivéinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Državna revizijska komisija za revizijo postopkov oddaje javnih naročil

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: SHARENGO najem in zakup vozil d.o.o.

    Cosantóir: Mestna občina Ljubljana

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Maidir le hAirteagal 5, pointe (1)(b), de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1827 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2019,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    is “lamháltas seirbhísí” é oibríocht ina bhfuil i gceist ag údarás conarthach cruthú agus bainistiú seirbhís chun feithiclí leictreacha a chur ar cíos agus a roinnt a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch a bhfuil a ranníocaíocht airgeadais sannta den chuid is mó chun na feithiclí sin a cheannach, agus ina dtagann ioncam an oibreora eacnamaíoch sin, go bunúsach, ó tháillí a íocann úsáideoirí na seirbhíse sin, sa chás go bhfuil na saintréithe sin de chineál go léirítear gur aistríodh an riosca a bhaineann le hoibriú na seirbhísí lamháltais sin chuig an oibreoir eacnamaíoch sin.

    2)

    Maidir le hAirteagal 8 de Threoir 2014/23, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2019/1827,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    chun a chinneadh an mbaintear amach an tairseach chun go mbeidh feidhm ag an Treoir sin, ní mór don údarás conarthach “láimhdeachas iomlán an lamháltóra a ghintear le linn an chonartha a chur san áireamh, glan ó [cháin bhreisluacha (CBL)]”, agus na táillí a íocfaidh na húsáideoirí leis an lamháltóir, chomh maith leis na ranníocaíochtaí agus na costais a leagtar ar an údarás conarthach, á gcur san áireamh. Mar sin féin, is féidir leis an údarás conarthach a mheas freisin go mbaintear amach an tairseach dá bhforáiltear le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir 2014/23, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2019/1827, sa chás go sáraítear go soiléir an tairseach infheidhmeachta sin leis na hinfheistíochtaí agus na costais a leagtar ar an lamháltóir féin nó ar an lamháltóir agus ar an údarás conarthach le chéile, ar feadh na tréimhse ina bhfuil feidhm ag an gconradh lamháltais.

    3)

    Maidir le hAirteagal 38(1) de Threoir 2014/23, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2019/1827, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn V, pointe 7(b) agus aithris 4 den Treoir sin agus le hAirteagal 4 agus Iarscríbhinn XXI, pointe III.1.1. de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2015 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 842/2011,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    féadfaidh údarás conarthach a éileamh, mar chritéir roghnúcháin agus meastóireachta cáilíochta ar na hiarrthóirí go mbeidh na hoibreoirí eacnamaíocha cláraithe le clár trádála nó le clár gairmiúil, ar choinníoll gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch a agairt go bhfuil sé cláraithe le clár comhchosúil sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

    4)

    Maidir le hAirteagal 38(1) de Threoir 2014/23, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2019/1827, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 27 den Treoir sin agus Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir leis an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV),

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar údarás conarthach, a chuireann d’oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha a bheith cláraithe le clár trádála nó le clár gairmiúil i mBallstát den Aontas Eorpach, tagairt a dhéanamh, ní don Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV), comhdhéanta de Chóid CPV, ach d’aicmiú NACE Athbhreithniú 2, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle agus Rialacháin (CE) áirithe a bhaineann le réimsí sonracha staidrimh.

    5)

    Maidir le hAirteagal 38(1) agus (2) de Threoir 2014/23, arna leasú le Rialachán Tarmligthe 2019/1827, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 26(2) den Treoir sin,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    ní fhéadfaidh údarás conarthach a cheangal ar gach ball de chomhlachas sealadach gnóthas a bheith cláraithe, i mBallstát, i gclár trádála nó i gclár gairmiúil chun an ghníomhaíocht de ghluaisteáin agus mótarfheithiclí éadroma a chur ar cíos agus a léasú a shaothrú, nó bheadh sin ina shárú ar phrionsabal na comhréireachta arna ráthú leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3(1) den Treoir sin.


    (1)  IO C 471 an 22.11.2021


    Top