Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0475

    Cás T-475/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – LE v an Coimisiún (Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) – Nótaí dochair eisithe ag an gCoimisiún chun aisghabháil a fháil ar fhóirdheontais a deonaíodh ar bhonn conarthach – Cinneadh maidir le forfheidhmiú – Airteagal 299 CFAE)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/22


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – LE v an Coimisiún

    (Cás T-475/20) (1)

    (Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) - Nótaí dochair eisithe ag an gCoimisiún chun aisghabháil a fháil ar fhóirdheontais a deonaíodh ar bhonn conarthach - Cinneadh maidir le forfheidhmiú - Airteagal 299 CFAE)

    (2023/C 7/27)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: LE (ionadaí: M. Straus, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. André, J. Estrada de Solà agus S. Romoli, i gcáil Gníomhairí))

    Ábhar

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar Cinneadh C(2020) 3988 final ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2020 maidir le haisghabháil na príomhshuime EUR 275 915,12 a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1

    Déantar an chaingean a dhíbhe;

    2

    Ordaítear do LE na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta eatramhach.


    (1)  IO C 414, 30.11.2020.


    Top