EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1012

Cinneadh (AE) 2023/1012 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Poblacht Pheiriú le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Pheiriú atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac

ST/8527/2023/INIT

IO L 136, 24.5.2023, p. 67–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1012/oj

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 136/67


CINNEADH (AE) 2023/1012 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2023

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Poblacht Pheiriú le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Pheiriú atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 16(2) agus 88, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), glacadh é an 11 Bealtaine 2016, tá sé infheidhme ón 1 Bealtaine 2017 agus leasaíodh é le Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Maidir le forálacha Rialachán (AE) 2016/794, go háirithe na forálacha a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déantar foráil leo go bhféadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an tríú tír sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena dtugtar ar aird coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideachas agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint.

(3)

Ba cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú a thabhairt i gcrích, comhaontú maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Europol agus údaráis Phoblacht Pheiriú atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac (‘an Comhaontú’).

(4)

Mar a luaitear in Aithris 35 de Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) i rith na caibidlíochta le haghaidh an Chomhaontaithe, agus in aon chás sula dtabharfar an Comhaontú i gcrích.

(5)

Leis an gComhaontú ba cheart na cearta bunúsacha a urramú, agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a chomhlíonadh, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, ceart a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, ceart a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, ceart a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(6)

Níor cheart don Chomhaontú difear a dhéanamh d’aistriú sonraí pearsanta ná do chineálacha eile comhair idir na húdaráis atá freagrach as an tslándáil náisiúnta a chosaint, agus ba cheart dó a bheith gan dochar don aistriú sin.

(7)

Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2016/794 agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo.

(8)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CFAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Chuathas i gcomhairle le MECS maidir leis an gCinneadh seo agus maidir leis an Aguisín a ghabhann leis, agus d’eisigh sé tuairim an 3 Bealtaine 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Poblacht Pheiriú le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú, maidir le sonraí pearsanta a mhalartú idir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus údaráis Phoblacht Pheiriú atá inniúil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déantar an Coimisiún a ainmniú leis seo mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

1.   Seolfar an chaibidlíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcomhairle leis an Meitheal um Fhorfheidhmiú an Dlí – Póilíní (LEWP-Póilíní), faoi réir aon treoir a d’fhéadfadh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin don Choimisiún.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le seoladh agus toradh na caibidlíochta ar bhonn rialta agus aon uair a iarrfaidh an Chomhairle air, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar aghaidh chuig an gComhairle a luaithe is féidir chun go mbeidh tréimhse ama réasúnta ag comhaltaí de chuid na Comhairle chun iad féin a ullmhú i gceart le haghaidh na caibidlíochta a bheidh ann amach anseo.

I gcás inarb iomchuí, nó arna iarraidh sin don Chomhairle, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn ar fáil.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. FORSSMED


(1)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(2)  Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).


Top