Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0746

    Cinneadh (AE) 2023/746 ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a bhunú a mhéid a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh, nó a leasú, agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh

    ST/7055/2023/INIT

    IO L 99, 12.4.2023, p. 7–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/746/oj

    12.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 99/7


    CINNEADH (AE) 2023/746 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Márta 2023

    lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a bhunú a mhéid a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh, nó a leasú, agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”), i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) leis agus rialaítear aeriompar idirnáisiúnta leis.

    (2)

    Is Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad na Ballstáit, agus is Stáit Chonarthacha ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO.

    (3)

    De bhun Airteagal 54(l) de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO (“Comhairle ICAO”) caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta (“SARPanna”) le haghaidh eitlíocht shibhialta a ghlacadh agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (“Iarscríbhinní ICAO”).

    (4)

    De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, beidh éifeacht le haon Iarscríbhinn de chuid ICAO nó aon leasú ar Iarscríbhinn de chuid ICAO laistigh de 3 mhí tar éis an Iarscríbhinn sin nó an leasú sin a chur faoi bhráid Stáit Chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláróidh tromlach Stáit Chonarthacha ICAO a mhíshástacht idir an dá linn. A luaithe a ghlacfaidh Comhairle ICAO iad agus a thiocfaidh siad chun a bheith éifeachtach, beidh na caighdeáin idirnáisiúnta ina gceangail ar gach Stát Conarthach ICAO, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún Chicago, agus laistigh de na teorainneacha sin, go háirithe in Airteagail 37 agus 38 de.

    (5)

    De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát Conarthach ICAO aon chaighdeán idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán idirnáisiúnta tar éis leasú a bheidh déanta ar an gcaighdeán sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán idirnáisiúnta, tá an Stát sin le fógra láithreach a thabhairt do ICAO faoi na difríochtaí idir a rialacháin nó a chleachtais féin agus na cinn arna mbunú leis an gcaighdeán idirnáisiúnta. I gcás ina ndéanfar leasuithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta, ní mór d’aon Stát nach ndéanfaidh na leasuithe iomchuí ar a rialacháin nó ar a chleachtais féin fógra a thabhairt do ICAO laistigh de 60 lá ón leasú ar an gcaighdeán idirnáisiúnta a bheith glactha, nó an ghníomhaíocht a bheartaíonn sé a dhéanamh a chur in iúl.

    (6)

    Maidir le rialacha inmheánacha ICAO, go háirithe na cinn sin a chuireann faoi deara na leaganacha is déanaí de na doiciméid le haghaidh cinntí maidir le SARPanna nua nó leasuithe ar SARPanna a bheith ar fáil do Chomhairle ICAO go déanach, nó na sprioc-amanna arna socrú ag ICAO le haghaidh Stáit Chonarthacha ICAO maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta, chomh maith le líon na ndifríochtaí i réimsí na sábháilteachta eitlíochta sibhialta, na haerloingseoireachta agus an bhainistithe aerthráchta a bhfuil fógra le tabhairt fúthu gach bliain, is deacair an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCinneadh ón gComhairle arna bhunú ar Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhunú go tráthúil i dtaca le SARPanna nua nó le gach leasú ar SARPanna atá le glacadh nó le gach difríocht faoina bhfuil fógra le tabhairt.

    (7)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, na critéir agus an nós imeachta a bhunú atá le leanúint chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú maidir le SARPanna a ghlacadh, nó maidir le leasuithe ar SARPanna a ghlacadh, a mhéid a d’fhéadfadh na SARPanna sin tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais i réimse na heitlíochta sibhialta, agus maidir le cinntí i ndáil le míshástacht i dtaca le SARPanna a chur in iúl nó gan í a chur in iúl de bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago.

    (8)

    I bhfianaise shainiúlacht na sábháilteachta eitlíochta sibhialta, na haerloingseoireachta agus na bainistíochta aerthráchta i gcomparáid le réimsí eile a ndéileálann ICAO leo, go háirithe líon ard na SARPanna a ghlactar sna réimsí sin ag Comhairle ICAO gach bliain agus líon na ndifríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu gach bliain, níor cheart baint a bheith ag an gCinneadh seo ach le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta, leis an aerloingseoireacht agus le bainistiú aerthráchta chun próisis a chuíchóiriú chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú go pras chun SARPanna nua agus leasuithe ar SARPanna a ghlacadh, na cinntí maidir le míshástacht i dtaca le SARPanna nó leasuithe ar SARPanna arna nglacadh ag Comhairle ICAO a chur in iúl nó gan í a chur in iúl agus déileáil leis na fógraí iomadúla ar bhealach éifeachtúil.

    (9)

    Féadfaidh baint a bheith ag na SARPanna arna nglacadh ag Comhairle ICAO i réimse na sábháilteachta eitlíochta sibhialta, na haerloingseoireachta agus na bainistithe aerthráchta le hábhair a bhaineann le hinniúlacht eisiach an Aontais agus d’fhéadfadh siad tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé éifeachtúil agus iomchuí, trí bhíthin cinnidh, na critéir agus an nós imeachta a bhunú atá le leanúint chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil le SARPanna sna réimsí sin a bhunú, gan dochar do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát mar Stáit Chonarthacha ICAO faoi Choinbhinsiún Chicago. Ar leibhéal ICAO, tá SARPanna maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta, aerloingseoireacht agus bainistiú aerthráchta le fáil go príomha in Iarscríbhinní 1, 2, 3, 4, 6, 8, 10, 11, 14, 15, 18 agus 19 a ghabhann le ICAO.

    (10)

    Ar leibhéal an Aontais, léirítear go príomha na ceanglais atá sna SARPanna maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta agus déantar tagairt dóibh i Rialachán (AE) 2018/1139 (1), Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar an mbonn sin, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 (3), (AE) Uimh. 748/2012 (4), (AE) Uimh. 965/2012 (5), (AE) Uimh. 139/2014 (6), (AE) Uimh. 452/2014 (7), (AE) Uimh. 1321/2014 (8), (AE) 2015/640 (9) ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 (10) ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 (11) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 (12) ón gCoimisiún.

    (11)

    Ar leibhéal an Aontais, maidir leis an aerloingseoireacht agus an bhainistithe aerthráchta, léirítear na ceanglais atá sna SARPanna go príomha i Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004 (13), (CE) Uimh. 550/2004 (14), (CE) Uimh. 551/2004 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh ar an mbonn sin, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 (16) ón gCoimisiún, Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 (17) ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 (18) ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2015/340 (19) ón gCoimisiún agus déantar tagairt dóibh iontu sin.

    (12)

    Níor cheart baint a bheith ag an gCinneadh seo ach leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO i réimsí a bhaineann le hinniúlacht eisiach an Aontais. Tá an Cinneadh seo gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gComhairle cinntí a ghlacadh, ar thogra ón gCoimisiún, bunaithe ar Airteagal 218(9) CFAE lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO, go háirithe i réimsí nach dtagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo, lena n-áirítear i gcás nár feidhmíodh inniúlacht chomhroinnte an Aontais go fóill.

    (13)

    Ach amháin i gcásanna áirithe maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí áirithe a eascraíonn as bearta náisiúnta a ghlacadh de bhun Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139, ba cheart an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bheith bunaithe ar dhoiciméad a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle in am trátha phlé agus lena fhormheas. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh tús a chur le hullmhú an doiciméid sin a luaithe is féidir ionas go mbeidh am leordhóthanach ann chun é a ullmhú, lena n-áirítear aon chomhairliúchán iomchuí a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart a léiriú sa doiciméad ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, agus ar bhonn cás ar chás, ar cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le SARPanna nua nó leasuithe ar SARPanna a bheith á nglacadh ag Comhairle ICAO, agus, i gcásanna den sórt sin, méid na solúbthachta sin agus na coinníollacha chun teacht ar chomhaontú maidir le solúbthacht den sórt sin nó a mhéid a bhaineann le foirm an fhógra faoi na difríochtaí atá i gceist. I gcás ina n-éilíonn ICAO é, ba cheart don fhógra faoi dhifríochtaí an fhormáid arna sainiú ag ICAO sa Chóras um Dhifríochtaí a Chomhdú go Leictreonach a leanúint.

    I gcás ina mbunaítear, de bhun an Chinnidh seo, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndoiciméad a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle lena phlé agus lena fhormheas, ba cheart a léiriú sa doiciméad sin, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cás ar chás, ar cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm ina dtugtar fógra faoi na difríochtaí atá i gceist. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh tús a chur le hullmhú an doiciméid sin a luaithe is féidir chun am leordhóthanach a thabhairt dó a ullmhú, lena n-áirítear aon chomhairliúchán iomchuí a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe.

    (14)

    A mhéid a bhaineann le SARPanna nua nó leasuithe ar SARPanna a ghlacadh agus le cinntí chun míshástacht a chur in iúl nó gan í a chur in iúl maidir le SARPanna nó leasuithe ar SARPanna arna nglacadh ag Comhairle ICAO, ba cheart an doiciméad a thíolaic an Coimisiún a bheith bunaithe ar na cuspóirí agus ar na treoirlínte a leagtar amach san Iarscríbhinn agus ba cheart na hábhair a chuir ICAO ar fáil roimh aon phlé maidir le SARPanna nua nó aon leasuithe ar SARPanna ag Comhairle ICAO a chur san áireamh ann chomh maith leis an bhfaisnéis arna soláthar ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás inarb infheidhme.

    (15)

    Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh a mhéid a bhaineann le Comhairle ICAO a bheith ag glacadh SARPanna nua nó na leasuithe ar SARPanna a chur in iúl.

    (16)

    Maidir leis an seasamh a mhéid a bhaineann le cinntí chun míshástacht a chur in iúl nó gan í a chur in iúl maidir le SARPanna nua nó leasuithe ar SARPanna arna nglacadh ag Comhairle ICAO, ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de ICAO é sin a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.

    (17)

    Na difríochtaí maidir leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh, a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO, ba cheart dóibh a bheith bunaithe go háirithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag EASA i gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás inarb infheidhme.

    (18)

    Is féidir le difríochtaí i ndáil leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag Comhairle ICAO eascairt as dlí an Aontais mar gheall ar chaighdeán idirnáisiúnta nua nó leasaithe a bheith glactha ag Comhairle ICAO nó mar gheall ar athrú ar dhlí an Aontais. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann leis na difríochtaí sin, ba cheart é a bheith bunaithe ar dhoiciméad a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle in am trátha lena phlé agus lena fhormheas.

    (19)

    Is féidir le difríochtaí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag Comhairle ICAO eascairt as bearta náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139 i gcás cúinsí práinneacha neamh-intuartha, i gcás ina bhfuil na bearta sin éagsúil le caighdeáin idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, ina n-éilítear fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí do ICAO de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago. Dá bhrí sin, is iomchuí a bhunú sa Chinneadh seo freisin na critéir agus an nós imeachta a bheidh le leanúint chun na difríochtaí sin a shainiú. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith ag brath ar raon feidhme agus ar fhad na mbeart náisiúnta arna nglacadh agus ba cheart dó é a chur ar a gcumas do na Ballstáit a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago a chomhlíonadh gan mhoill. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith gan dochar do na coinníollacha agus don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (20)

    Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh a mhéid a bhaineann le difríochtaí i ndáil leis na caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh a bhfuil fógra le tabhairt fúthu, a chur in iúl do ICAO.

    (21)

    Níor cheart sárú ar oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais ná a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún Chicago a bheith i gceist le cur chun feidhme an Chinnidh seo.

    (22)

    Chun críocha chur chun feidhme an Chinnidh seo, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, i gcomhréir le stádas breathnóra an Aontais, gníomhú i ndlúthchomhar le chéile i gcomhréir lena ndualgas maidir le comhar dílis.

    (23)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse theoranta, eadhon go dtí tar éis sheisiún Chomhairle ICAO i ndiaidh 42ú Tionól ICAO. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht i scríbhinn ar chur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur faoi bhráid na Comhairle, meastóireacht a bheidh mar bhonn d’aon síneadh a d’fhéadfaí a chur leis an gCinneadh seo, nó d’aon leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh air.

    (24)

    Is iomchuí na critéir agus an nós imeachta a bhunú chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO a bhunú a mhéid a bhaineann le caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh, nó leasuithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar chleachtais mholta idirnáisiúnta a ghlacadh, agus maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (Comhairle ICAO), nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta (“SARPanna”) nua nó leasuithe ar SARPanna a ghlacadh i réimsí na sábháilteachta eitlíochta sibhialta, na haerloingseoireachta agus an bhainistithe tráchta a bhaineann le hIarscríbhinní 1, 2, 3, 4, 6, 8, 10, 11, 14, 15, 18 agus 19 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”), a mhéid a thagann na SARPanna sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE, bunófar é i gcomhréir leis na critéir agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 2den Chinneadh seo.

    Airteagal 2

    1.   I gcás ina nglacfaidh Comhairle ICAO SARPanna nua nó leasuithe ar SARPanna dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

    (a)

    in am trátha agus ar a laghad mí amháin roimh dháta an chruinnithe de Chomhairle ICAO ina bhfuil SARPanna nua nó leasuithe ar SARPanna le glacadh, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, doiciméad ina leagtar amach a bhfuil i gceist le dréachtsheasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais; in imthosca eisceachtúla, i gcás ina nglacfar SARPanna nua nó leasú go práinneach, nó ina gcuirfear ar fionraí go sealadach teacht i bhfeidhm SARPanna nó leasú, i gcás ina mbeidh téacs na ndréacht-SARPanna ábhartha nó na leasuithe ábhartha ar fáil tráth is lú ná mí roimh dháta an chruinnithe de Chomhairle ICAO ina bhfuil na SARPanna nó na leasuithe sin le glacadh, féachfaidh an Coimisiún leis an doiciméad a chur faoi bhráid na Comhairle i gcás ar bith, gan moill mhíchuí cúig lá ar a dhéanaí tar éis dó na dréacht-SARPanna nua nó na dréachtleasuithe a fháil ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) agus;

    (b)

    in am trátha agus ar a laghad mí amháin roimh an spriocdháta arna shocrú ag ICAO do chlárú míshástachta ag Stáit chonarthacha de bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, doiciméad ina leagtar amach dréachtsheasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a chur faoi bhráid na Comhairle lena phlé agus lena fhormheas.

    I gcás inarb iomchuí, féadfar an seasamh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a áireamh sa doiciméad a chuirfear faoi bhráid na Comhairle de bhun phointe (a) den chéad fhomhír.

    2.   Beidh na doiciméid a thíolacfaidh an Coimisiún de bhun mhír 1, pointí (a) agus (b), bunaithe ar na cuspóirí agus ar na treoirlínte a leagtar amach san Iarscríbhinn agus cuirfear san áireamh ann nó iontu an fhaisnéis agus na hábhair ábhartha uile a chuirfidh ICAO ar fáil roimh aon phlé agus, de réir mar is iomchuí, an fhaisnéis arna soláthar ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 90(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1139 i gcás inarb infheidhme.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit mionathruithe neamhshubstainteacha ar an seasamh a fhormheasann an Chomhairle de bhun mhír 1, pointe (a), a chomhaontú ar an láthair, i bhfianaise na bhforbairtí ag seisiún de Chomhairle ICAO, i gcomhar leis an ionadaí ón Aontas i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis a bhunaítear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Léireofar sna doiciméid lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais de bhun mhír 1, pointe (a), an bhféadfar tuilleadh coigeartuithe ar an seasamh sin a chomhaontú ar an láthair, i bhfianaise an mhéid a tharlóidh ag an gcruinniú de Chomhairle ICAO. Ní dhéanfaidh na coigeartuithe sin difear do bhunbhrí ná do chuspóir an tseasaimh.

    4.   Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de Chomhairle ICAO, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, a chuirfidh in iúl i gComhairle ICAO an seasamh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

    Déanfaidh na Ballstáit uile, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a chur in iúl.

    Airteagal 3

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá in Iarscríbhinní 1, 2, 3, 4, 6, 8, 10, 11, 14, 15, 18 agus 19 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, a mhéid a thagann na caighdeáin idirnáisiúnta sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, bunófar é de réir na gcritéar agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Chinneadh seo.

    Airteagal 4

    I gcás ina bhfuil difríocht idir dlí an Aontais agus na caighdeáin idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh seo agus go gceanglaítear dá bhrí sin fógra a thabhairt do ICAO maidir leis na difríochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon sprioc-am a shocróidh ICAO chun fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí, doiciméad a chur faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, ar doiciméad é a bheidh bunaithe go háirithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh EASA i gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás inarb infheidhme, ina leagfar amach sonraí na ndifríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO, agus i gcás inarb iomchuí, ina léirítear cén tsolúbthacht atá ar fáil do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le foirm an fhógra.

    Déanfaidh na Ballstáit uile, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh atá le glacadh de bhun an Airteagail seo a chur in iúl.

    Airteagal 5

    1.   I gcás ina nglacfaidh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139, bearta náisiúnta lena ndeonaítear díolúintí a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha aonair nó nach faide ná 8 mí a ré iomlán, agus i gcás gur bearta náisiúnta iad atá éagsúil leis na caighdeáin idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 den chinneadh seo agus a éilíonn go dtabharfar fógra faoi dhifríochtaí idir na caighdeáin sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, cuirfidh an Ballstáit sin an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon difríocht a bhfuil fógra le tabhairt fúithi.

    2.   I gcás ina mbeidh feidhm ghinearálta ag na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139 agus gur faide a ré iomlán ná 8 mí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis don Bhallstáit lena mbaineann fógra a thabhairt dó faoi na díolúintí sin i gcomhréir le hAirteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2018/1139 agus, i gcás inarb infheidhme, tar éis dó moladh EASA a fháil i gcomhréir le hAirteagal 71(2) den Rialachán sin, doiciméad a chur faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, agus an fhaisnéis a sholáthróidh an Ballstát lena mbaineann agus, nuair is infheidhme, an fhaisnéis a sholáthróidh EASA i gcomhréir le hAirteagal 90(4) den Rialachán sin á cur san áireamh, ar doiciméad é ina leagfar amach sonraí na ndifríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO.

    Is iad na Ballstáit, ag gníomhú dóibh chun leas an Aontais, a bhfuil bearta náisiúnta glactha acu faoi Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139 lena gceanglaítear fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí a chuirfidh in iúl an seasamh atá le glacadh de bhun na míre seo.

    Airteagal 6

    Ní bheidh sárú ar oibleagáidí na mBallstát faoi dhlí an Aontais ná a n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Chicago i gceist le cur chun feidhme an Chinnidh seo.

    Airteagal 7

    1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2025.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle ina ndéanfar anailís ar chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus go háirithe ar a éifeachtacht agus ar mhinicíocht a úsáide, 4 mhí ar a laghad roimh a dháta éaga.

    3.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a leathnú nó a leasú ar shlí eile.

    Airteagal 8

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Márta 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    E. BUSCH


    (1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle. (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (IO L 344, 27.12.2005, lch. 15).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, páirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18).

    (10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 45).

    (11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152,11.6.2019, lch. 1).

    (12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás (IO L 139, 23.4.2021, lch. 161)

    (13)  Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creat-Rialachán) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1).

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 10).

    (15)  Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le haerspás) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 20).

    (16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1).

    (17)  Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh seachaint imbhuailtí san aer (IO L 336, 20.12.2011, lch. 20).

    (18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibríochta a bhaineann le loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe (IO L 189, 26.7.2018, lch. 3)

    (19)  Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (IO L 63, 6.3.2015, lch. 1)


    IARSCRÍBHINN

    CUSPÓIRÍ AGUS TREOIRLÍNTE MAIDIR LEIS NA SEASAIMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS SAN EAGRAÍOCHT EITLÍOCHTA SIBHIALTA IDIRNÁISIÚNTA A BHUNÚ

    Cuspóirí

    1.

    Córas aeriompair atá sábháilte, éifeachtúil, feidhmiúil, oscailte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 maidir leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí;

    2.

    Chun forbairt an chomhair réigiúnaigh agus na gcóras eitlíochta réigiúnach a chur chun cinn, agus tacú lena n-aithint ag ICAO agus a Stáit Chonarthacha, chomh maith lena gcomhtháthú i gcreat ICAO.

    3.

    Chun forbairt rialacha agus beartas a chur chun cinn lena n-áiritheofar oibríochtaí aeriompair sábháilte agus maoirseacht chuí ar rialacha sábháilteachta, i gcomhréir le creat rialála sábháilteachta eitlíochta an Aontais, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2018/1139 (1) agus an tuarascáil ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta á cur san áireamh.

    4.

    Chun forbairt agus imscaradh córas aerloingseoireachta atá éifeachtúil, feidhmiúil agus idir-inoibritheach a chur chun cinn, i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004 (2), (CE) Uimh. 550/2004 (3) agus (CE) Uimh. 551/2004 (4) agus an Plean Domhanda Aerloingseoireachta agus uasghráduithe bloic ar chórais eitlíochta á gcur san áireamh.

    5.

    Chun leanúint de thacaíocht a thabhairt, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha trí chúnamh teicniúil agus trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, do chórais aeriompair dhomhanda atá sábháilte, éifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt i ngach Stát Conarthach ICAO, e.g. trí thionscadail Ionstraimí Beartais Eachtraigh an Aontais.

    Treoirlínte

    Féachfaidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, le tacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanfaidh ICAO:

    1.

    chun a áirithiú go bhforbrófar rialacha agus beartais lena n-áiritheofar oibríochtaí aeriompair sábháilte agus maoirseacht chuí ar rialacha maidir le sábháilteacht:

    (a)

    tacú le forbairt agus cur chun feidhme an Phlean Domhanda Sábháilteachta Eitlíochta (GASP);

    (b)

    tacú le caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta idirnáisiúnta (“SARPanna”) a fhorbairt don eitlíocht shibhialta arna nglacadh de bhun Airteagal 37 agus Airteagal 54(l) de Choinbhinsiún Chicago, go háirithe i gcás inar gá iad chun paisinéirí agus sábháilteacht eitiltí a chosaint;

    (c)

    tacú le forbairt agus cur chun feidhme córas réigiúnach sábháilteachta eitlíochta agus creataí eile le haghaidh comhar réigiúnach sábháilteachta idir Stáit, agus iad a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcomhthéacs ICAO;

    2.

    chun a áirithiú go ndéanfar córais aerloingseoireachta atá éifeachtúil, feidhmiúil agus idir-inoibritheach a fhorbairt agus a imscaradh:

    (a)

    tacú le forbairt agus cur chun feidhme an Phlean Dhomhanda Aerloingseoireachta (GANP) agus a nósanna imeachta faireacháin trí mhéadrachtaí feidhmíochta oiriúnacha a usáid;

    (b)

    tacú le forbairt agus cur chun feidhme an méid a leanas: caighdeáin bainistithe aerthráchta (ATM), idir-inoibritheacht dhomhanda teicneolaíochtaí agus córas nua agus comhordú nó gníomhú ar bhealach níos cóngaraí in ATM, amhail rannchuidiú leis an obair chun an tionscnamh le haghaidh creat iontaoibhe agus gníomhaíochtaí gaolmhara eile;

    (c)

    tacú le forbairt agus cur chun feidhme rialacha, beartas agus gníomhaíochtaí i réimse an bhainistithe aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta (ATM/ANS) go háirithe i gcomhréir le Rún A41-6, Rún A41-7 agus Rún A41-8 a glacadh ag an 41ú seisiún den Chomhthionól;

    3.

    chun leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt córais dhomhanda aeriompair atá sábháilte, éifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, i ngach Stát Conarthach ICAO:

    (a)

    tacú leis an tionscnamh No Country Left Behind [Gan aon Tír a Fhágáil ar Lár];

    (b)

    tacú leis an rannchuidiú eitlíochta le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe;

    (c)

    tacú, i gcás inarb iomchuí, le tuilleadh cúnamh teicniúil agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta.


    (1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle(IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creat-Rialachán) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 10)

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 20).


    Top