EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2434

Rialachán (AE, Euratom) 2022/2434 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta

PE/62/2022/REV/1

IO L 319, 13.12.2022, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2434/oj

13.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 319/1


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2022/2434 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar mhodh ginearálta iasachtaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“an Rialachán Airgeadais”), foráiltear go dtugtar de chumhacht don Choimisiún, sa bhunghníomh ábhartha, cistí a fháil ar iasacht thar ceann an Aontais nó Euratom chun na méideanna comhfhreagracha a thabhairt ar aghaidh ar iasacht do na Ballstáit is tairbhithe nó do na tríú tíortha is tairbhithe faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis na hiasachtaí. I ndáil leis sin, déantar na sreafaí airgid idir na cistí a fhaightear ar iasacht agus na hiasachtaí a mheaitseáil ina gceann agus ina gceann. Ciallaíonn sé sin nach mór don Aontas oibríochtaí margaidh a dhéanamh atá bunaithe ar riachtanais eisíocaíochta le haghaidh gach cáis shonraigh ina dtugtar iasachtaí, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht oibríochtaí iasachtaíochta éagsúla a phleanáil go comhleanúnach agus struchtúr a chur ar aibíochtaí éagsúla chun na costais is fearr a bhaint amach.

(2)

Cruthaítear costas agus castacht nuair a mhaoinítear cláir cúnaimh airgeadais trí mhodhanna cistiúcháin ar leithligh toisc go mbíonn cláir cúnaimh airgeadais éagsúla in iomaíocht le haghaidh líon teoranta deiseanna cistiúcháin. Leis sin, déantar soláthar urrús fiachas an Aontais a ilroinnt agus laghdaítear leachtacht agus spéis infheisteoirí sna cláir ar leithligh, cé go bhfuil an seasamh ard creidmheasa céanna ag urrúis fiachais uile an Aontais. Ba cheart cúnamh airgeadais a eagrú faoi mhodh cistiúcháin aonair lena gcuirtear le leachtacht bhannaí an Aontais agus le tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(3)

Cuirtear béim ar an ngá atá le modh cistiúcháin aonair go háirithe i gcomhthéacs na tacaíochta airgeadais don Úcráin i bhfianaise a riachtanas práinneach maoiniúcháin. Léiríodh na míbhuntáistí a bhaineann le cur chuige ilroinnte maidir le fiachas an Aontais a eagrú leis an taithí a fuarthas le déanaí maidir leis na riachtanais chistiúcháin atá ann i ndáil leis an Úcráin. Chun seasamh an Aontais mar eisitheoir fiachais arna sloinneadh in euro a neartú, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí gach eisiúint nua a eagrú trí mhodh cistiúcháin aonair.

(4)

Le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (4), bunaíodh cheana an tsamhail le haghaidh modh cistiúcháin aonair, agus an chuid is mó de ghnéithe an bhonneagair a bhfuil gá leis chun an modh sin a chur chun feidhme, i bhfoirm straitéis cistiúcháin éagsúlaithe. Leis an straitéis sin, éascaíodh slógadh rathúil cistí le haghaidh deontas agus iasachtaí faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus raon clár eile de chuid an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (6). I bhfianaise na castachta a mheastar a bheidh i gceist leis na hoibríochtaí is gá chun riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine a shásamh, agus chun oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe amach anseo a réamh-mheas, is iomchuí straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a bhunú mar an modh cistiúcháin aonair chun oibríochtaí iasachtaíochta a chur chun feidhme.

(5)

Ba cheart a cheadú le húsáid straitéise cistiúcháin éagsúlaithe go ndéanfaí an clár cistiúcháin a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha, agus prionsabail na neodrachta buiséadaí agus an chomhardaithe bhuiséadaigh á n-urramú go hiomlán ag an am céanna mar a leagtar amach in Airteagal 310(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart gurb ar na tairbhithe a thitfidh costais an chláir cistiúcháin ina n-iomláine bunaithe ar mhodheolaíocht aonair maidir le leithdháileadh costas lena n-áirithítear go leithdháiltear na costais ar bhealach trédhearcach comhréireach. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid fós ar thairbhithe an chúnaimh airgeadais na haisíocaíochtaí a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais.

(6)

Dá gcuirfí straitéis cistiúcháin éagsúlaithe chun feidhme, cheanglófaí go gcloífí le tacar amháin rialacha i leith gach cláir iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhíonn ag brath uirthi. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha sin a chur le rialacha airgeadais cothrománacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE.

(7)

Le straitéis cistiúcháin éagsúlaithe, ba cheart níos mó solúbthachta a bheith ag an gCoimisiún, ar solúbthacht í a bhaineann le huainiú agus aibíocht na n-idirbheart cistiúcháin aonair agus ba cheart eisíocaíochtaí rialta seasta chuig tíortha éagsúla is tairbhithe a éascú. Ba cheart straitéis den sórt sin a bheith bunaithe ar chomhthiomsú ionstraimí cistiúcháin. Leis sin, thabharfaí solúbthacht don Choimisiún íocaíochtaí leis na tairbhithe a eagrú go neamhspleách ar dhálaí an mhargaidh tráth na heisíocaíochta, agus sheachnófaí, a mhéid is féidir, an cás ina mbeadh ar an gCoimisiún méideanna socraithe a chruinniú i ndálaí luaineacha nó díobhálacha.

(8)

Chun an tsolúbthacht sin a thabhairt don Choimisiún, bheadh gá le comhthiomsú coiteann leachtachta a chur ar bun. Bheadh acmhainneacht chistiúcháin an Aontais níos athléimní mar thoradh ar fheidhm leachtachta láraithe den sórt sin, agus bheadh sí in ann neamhréireanna sealadacha idir na hinsreafaí agus na heis-sreafaí a sheasamh, bunaithe ar acmhainneacht láidir réamhaisnéise.

(9)

Ba cheart don Choimisiún na hidirbhearta uile is gá a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh láithreacht rialta sa mhargadh caipitil a áirithiú, na costais chistiúcháin is fearr a bhaint amach agus idirbhearta urrús fiachais an Aontais agus Euratom a éascú.

(10)

Agus an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe á leathnú chuig raon níos leithe clár, is iomchuí, dá bhrí sin, don Coimisiún na socruithe is gá a bhunú chun í a chur chun feidhme. Ba cheart creat rialachais, nósanna imeachta um bainistíocht riosca agus modheolaíocht maidir le leithdháileadh costas a bheith sna socruithe sin, agus ba cheart Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais a urramú leo. Chun an trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta agus go cuimsitheach faoi gach gné dá straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán Airgeadais a leasú.

(12)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire i leith cúnamh airgeadais a deonaíodh cheana agus i leith cúnamh airgeadais faoi Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (7), níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach maidir le cláir cúnaimh airgeadais nua a dtagann a mbunghníomhartha i bhfeidhm an 9 Samhain 2022 nó dá éis sin.

(13)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(14)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 220, scriostar míreanna 2 agus 7.

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 220a

Straitéis cistiúcháin éagsúlaithe

1.   Seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh an Coimisiún straitéis cistiúcháin éagsúlaithe chun feidhme arb á atá inti oibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais chun cláir cúnaimh airgeadais a chistiú, agus na hiasachtaí a údaraítear faoi Airteagal 5(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (*1). Cuirfear an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe i bhfeidhm trí na hidirbhearta uile is gá lena ndírítear ar láithreacht tráthrialta sa mhargadh caipitil, beidh sí bunaithe ar chomhthiomsú ionstraimí cistiúcháin agus leis an straitéis, bainfear úsáid as comhthiomsú coiteann leachtachta.

2.   Bunóidh an Coimisiún na socruithe is gá ar mhaithe leis an straitéis cistiúcháin éagsúlaithe a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta agus go cuimsitheach faoi gach gné dá straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais.

(*1)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhme aige maidir le cláir cúnaimh airgeadais a dtagann na bunghníomhartha a bhaineann leo i bhfeidhm an 9 Samhain 2022 nó dá éis sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Tuairim an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2022.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(6)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).

(7)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil


Top