Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1039

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1039 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le fabhair taraife áirithe a dheonaítear do thíortha áirithe is tairbhithe GSP a chur ar fionraí le haghaidh na bliana 2023

    C/2022/4332

    IO L 173, 30.6.2022, p. 58–60 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 16/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1039/oj

    30.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 173/58


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1039 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Meitheamh 2022

    lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le fabhair taraife áirithe a dheonaítear do thíortha áirithe is tairbhithe GSP a chur ar fionraí le haghaidh na bliana 2023

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,

    Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na bhFabhar Ginearálaithe, de réir bhrí Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, maidir le fabhair taraife i dtaca le socrú ginearálta na scéime ginearálaithe um fhabhair ghinearálaithe (GSP), cuirfear ar fionraí iad i leith táirgí ó roinn GSP de thionscnamh tíre is tairbhí GSP nuair a sháraíonn meánluach allmhairithe an Aontais de tháirgí den sórt sin ón tír is tairbhí GSP sin thar thrí bliana as a chéile na tairseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 agus bunaithe ar staidreamh trádála a bhaineann leis na blianta féilire 2015-2017, leagadh síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/249 ón gCoimisiún (2) an liosta de ranna táirgí ar cuireadh na fabhair taraife dóibh ar fionraí ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022.

    (3)

    De bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, déanfaidh an Coimisiún an liosta sin a athbhreithniú, gach trí bliana, agus glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun na fabhair taraife a chur ar fionraí nó a athbhunú.

    (4)

    Ós rud é go bhfuil Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 le dul in éag an 31 Nollaig 2023, ba cheart feidhm a bheith ag an liosta athbhreithnithe ar feadh bliana amháin ón 1 Eanáir 2023. Tá an liosta bunaithe ar staidreamh trádála a bhaineann leis na blianta féilire 2018-2020 mar a bhí ar fáil an 1 Meán Fómhair 2021 agus cuirtear san áireamh ann allmhairí ó thíortha is tairbhithe GSP atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 de réir mar is infheidhme ar an dáta sin. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh luach na n-allmhairithe ó thairbhithe GSP nach mbainfidh tairbhe, ón 1 Eanáir 2023, as na fabhair taraife faoi phointe (b) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear na fabhair taraife dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ar fionraí i leith na dtíortha is tairbhithe GSP lena mbaineann, don liosta táirgí ó na ranna GSP a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/249 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2019 lena gcuirtear na fabhair taraife le haghaidh tíortha is tairbhithe GSP áirithe ar fionraí i leith ranna GSP áirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim fabhar taraife ginearálaithe (IO L 42, 13.2.2019, lch. 6).


    IARSCRÍBHINN

    Liosta na ranna GSP ar ina dtaobh atá na fabhair tharaife dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 curtha ar fionraí i leith tír is tairbhí de GSP lena mbaineann:

    Colún A: ainm na tíre

    Colún B: Roinn GSP (Airteagal 2(j) den Rialachán GSP)

    Colún C: tuairisc

    A

    B

    C

    An India

    S-6a

    Ceimiceáin neamhorgánacha agus orgánacha

    S-7a

    Plaistigh agus earraí díobh

    S-8b

    Earraí leathair; Seithí fionnaidh agus fionnadh saorga

    S-11a

    Teicstílí

    S-13

    Earraí cloiche, plástair, stroighne, aispeiste, míoca nó ábhair chomhchosúla; táirgí ceirmeacha; gloine agus earraí gloine

    S-14

    Péarlaí agus miotail lómhara

    S-15a

    Iarann, cruach agus earraí iarainn agus cruach

    S-15b

    Miotail neamhlómhara (seachas iarann agus cruach), earraí de mhiotail neamhlómhara (seachas iarann agus cruach)

    S-16

    Innealra agus fearais mheicniúla; Innealra agus trealamh leictreach agus páirteanna de

    S-17a

    Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc

    An Indinéis

    S-1a

    Ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe seachas éisc

    S-3

    Olaí, saillte agus céaracha ainmhíocha nó plandúla

    S-5

    Táirgí mianracha

    S-9a

    Adhmad agus earraí adhmaid; fioghual

    An Chéinia

    S-2a

    Plandaí beo agus táirgí bláthanna


    Top