Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L2041

Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

PE/28/2022/REV/1

IO L 275, 25.10.2022, p. 33–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2041/oj

25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/33


TREOIR (AE) 2022/2041 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is iad cuspóirí an Aontais, inter alia, dea-bhail a phobal a chur chun cinn agus oibriú ar mhaithe leis an Eoraip a fhorbairt go hinbhuanaithe bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, ardleibhéal cosanta agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a áirithiú, agus ceartas sóisialta agus comhionannas idir mná agus fir á gcur chun cinn. De bhun Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an tAontas le cur san áireamh, inter alia, ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, agus leis an gcomhrac i gcoinne an eisiata shóisialta.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 151 CFAE go bhfuil sé de chuspóir ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa (CSE), inter alia, an fhostaíocht a chur chun cinn, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsú á choimeád ar bun, cosaint chuí shóisialta a bheith ann, agus idirphlé a bheith ann idir lucht bainistíochta agus lucht saothair.

(3)

Déantar foráil in Airteagal 31 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (4) (“an Chairt”) maidir leis an gceart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre, lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. Déantar foráil in Airteagal 27 den Chairt maidir leis an gceart atá ag oibrithe faisnéis a fháil agus comhairliúchán a dhéanamh. Déantar foráil in Airteagal 28 den Chairt maidir leis an gceart atá ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí. Déantar foráil in Airteagal 23 den Chairt maidir leis an gceart chun comhionannais idir mná agus fir i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

(4)

Bunaítear in ESC go bhfuil an ceart ag na oibrithe uile chun dálaí córa oibre. Aithnítear inti an ceart atá ag na hoibrithe uile chun luach saothair cóir atá leordhóthanach le haghaidh caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Aithnítear inti freisin ról na gcomhaontuithe comhchoiteanna a chuirtear i gcrích gan bhac gan bheann agus sásraí socraithe pá íosta, chun feidhmiú éifeachtach an chirt sin a áirithiú, mar aon leis an gceart atá ag gach oibrí agus ag gach fostóir eagrú in eagraíochtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun a leasanna eacnamaíocha agus sóisialta a chosaint, agus an ceart chun cómhargála.

(5)

I gCaibidil II de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (“an Colún”), a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Gothenburg, bunaítear tacar prionsabal mar threoir chun dálaí córa oibre a áirithiú. Athdhearbhaítear le Prionsabal Uimh. 6 den Cholún an ceart atá ag oibrithe chun pá chóir lenar féidir caighdeán sásúil maireachtála a sholáthar. Foráiltear leis freisin go bhfuil pá íosta leordhóthanach le háirithiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais an oibrí agus a theaghlaigh nó a teaghlaigh a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus, ag an am céanna, rochtain ar fhostaíocht agus dreasachtaí chun obair a lorg á gcosaint. Ina theannta sin, meabhraítear ann go bhfuil cosc le cur ar bhochtaineacht lucht oibre agus go bhfuil an pá uile le socrú ar bhealach trédhearcach intuartha de réir cleachtais náisiúnta, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú. Foráiltear le Prionsabal Uimh. 8 den Cholún go bhfuiltear le dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a cheapadh agus a chur chun feidhme de réir na gcleachtas náisiúnta, agus go bhfuil siad le spreagadh chun caibidlíocht a dhéanamh agus comhaontuithe cómhargála a thabhairt i gcrích maidir le hábhair atá ábhartha dóibh, agus, ag an am céanna a neamhspleáchas agus an ceart chun comhghníomhaíochat á n-urramú.

(6)

Le Treoirlíne 5 san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2020/1512 (5) ón gComhairle, iarrtar ar na Ballstáit a bhfuil sásraí náisiúnta um shocrú pá íosta reachtúil i bhfeidhm acu rannpháirtíocht éifeachtúil comhpháirtithe sóisialta i socrú pá a áirithiú, lena ndéanfar foráil maidir le pá cóir lena gcumasófar caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ísealioncaim agus meánioncaim, ar mhaithe le cóineasú aníos. Sa Treoirlíne sin iarrtar freisin ar na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn ar mhaithe le socrú pá. Iarrtar léi freisin ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go bhfuil pá leordhóthanach cóir ag gach oibrí a bhuí le comhaontuithe comhchoiteanna nó le pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus an tionchar atá ag an méid sin ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre a chur san áireamh, agus cleachtais náisiúnta á n-urramú. Luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2021” gur cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun dálaí córa oibre a áirithiú. Thairis sin, meabhraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 dar teideal “Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020”, i gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar bhearnaí sóisialta, go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh pá cóir á shaothrú ag gach oibrí. Eisíodh moltaí tírshonracha chuig roinnt Ballstát i réimse an phá íosta agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar shocrú agus nuashonrú pá íosta.

(7)

Tairbhíonn idir oibrithe agus ghnólachtaí san Aontas, chomh maith leis an tsochaí agus an geilleagair i gcoitinne, de dhálaí maireachtála agus oibre níos fearr, lena n-áirítear trí phá íosta leordhóthanach, agus is réamhriachtanas iad chun fás cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe a bhaint amach. Trí aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí móra maidir le cuimsiú agus leordhóthanacht chosaint an phá íosta, rannchuidítear le feabhas a chur ar chothroime mhargadh saothair an Aontais, agus sa chaoi sin, déantar éagothromaíochtaí pá agus sóisialta a chosc agus a laghdú, agus rannchuidítear le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus an cóineasú aníos a chur chun cinn. Ba cheart iomaíocht sa mhargadh inmheánach a bheith bunaithe ar ardchaighdeáin shóisialta, lena n-áirítear ardleibhéil cosanta d’oibrithe agus cruthú post ardcháilíochta, agus ar nuálaíocht agus feabhsuithe ar tháirgiúlacht chomh maith, agus cothroime iomaíochta á háirithiú.

(8)

Nuair a shocraítear an pá íosta ar leibhéil leordhóthanacha, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, cosnaítear ioncam oibrithe, go háirithe oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus cuidítear le slí bheatha shásúil a áirithiú, agus teorannaítear laghduithe ioncaim le linn drochthréimhsí, mar a shaothraítear le Coinbhinsiún Uimh. 131 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Socrú Pá Íosta (1970), arna leasú. Is féidir le pá íosta a dhéanann foráil do chaighdeán cuibhiúil maireachtála agus a shásaíonn tairseach chuibhiúlachta dá réir sin, rannchuidiú leis an mbochtaineacht a laghdú ar an leibhéal náisiúnta agus rannchuidiú le héileamh intíre agus cumhacht cheannaigh a chothú, dreasachtaí chun oibre a neartú, neamhionannais phá, an bhearna phá idir na hinscní agus bochtaineacht san obair a laghdú, agus teorainn a chur le laghduithe ioncaim le linn cúluithe eacnamaíocha.

(9)

Tá méadú tagtha ar bhochtaineacht lucht oibre san Aontas le 10 mbliana anuas agus tá níos mó oibrithe buailte ag an mbochtaineacht. Le linn cúluithe eacnamaíocha, bíonn ról an-tábhachtach ag an bpá íosta leordhóthanach i gcosaint oibrithe ar phá íseal ós rud é gur leochailí na hoibrithe sin i leith na n-iarmhairtí a bhíonn ag cúluithe den sórt sin, agus bíonn sé bunriachtanach chun tacú le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach ar cheart méadú fostaíocht ardcháilíochta a bheith mar thoradh air. Chun téarnamh inbhuanaithe a áirithiú, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rath ar ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga. I bhfianaise éifeachtaí phaindéim COVID-19, tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an phá sna hearnálacha lena ngabhann pá íseal, arb earnálacha iad ar léiríodh a ríthábhacht agus a mórluach sóisialta le linn na géarchéime.

(10)

Mná, oibrithe óga, oibrithe imirceacha, tuismitheoirí aonair, oibrithe ar bheagán oiliúna, daoine faoi mhíchumas, agus go háirithe daoine a ndéantar iliomad cineálacha idirdhealaithe orthu, is amhlaidh fós is mó an dóchúlacht go mbeidh siad ar phá iosta nó ar phá íseal i gcomparáid le grúpaí eile. I bhfianaise ró-ionadaíocht na mban i bpoist ar phá íseal, rannchuidítear, trí fheabhas a chur ar leordhóthanacht pá íosta, leis an gcomhionannas inscne, leis an mbearna phá agus phinsin idir na hinscní a dhúnadh, agus le mná agus a dteaghlaigh a thabhairt as an mbochtaineacht, agus rannchuidítear le fás eacnamaíoch inbhuanaithe san Aontas.

(11)

Tá tionchar suntasach á imirt ag an ngéarchéim arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi ar an earnáil seirbhísí, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga, ina bhfuil sciar ard de na hoibrithe ar phá íseal agus ar phá íosta. Tá an pá íosta tábhachtach freisin, dá bhrí sin, i bhfianaise na dtreochtaí struchtúracha atá ag athmhúnlú na margaí saothair agus ina bhfuil ag méadú i gcónaí ar na sciartha arda de chineálacha oibre forbhásacha agus neamhchaighdeánacha iontu, lena n-áirítear go minic oibrithe páirtaimseartha, oibrithe séasúracha, oibrithe ardáin agus oibrithe gníomhaireachta sealadacha. Tá méadú tagtha, i mórán cásanna, ar pholarú oibre mar thoradh ar na treochtaí sin agus sciar méadaitheach gairmeacha agus earnálacha ar bheagán oiliúna agus ar bheagán pá i bhformhór na mBallstát dá bharr, agus neamhionannas pá níos airde i roinnt acu chomh maith. Tá sé níos deacra d’oibrithe a bhfuil conarthaí neamhchaighdeánacha acu comhaontuithe comhchoiteanna a eagrú agus dul i mbun caibidlíochta chun iad a bhaint amach.

(12)

Cé gurb ann do chosaint pá íosta i ngach Ballstát, i roinnt Ballstát eascraíonn an chosaint sin as forálacha reachtacha nó riaracháin agus as comhaontuithe comhchoiteanna agus i mBallstáit eile cuirtear ar fáil í go heisiach trí chomhaontuithe comhchoiteanna. Ba cheart na traidisiúin náisiúnta éagsúla sna Ballstáit a urramú.

(13)

Bíonn an chosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna maidir le slite beatha ar phá íseal leordhóthanach agus, dá bhrí sin, soláthraítear caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála léi den chuid is mó, agus tá léirithe gur bealach éifeachtach í chun bochtaineacht lucht oibre a laghdú. I roinnt Ballstát, bíonn an pá íosta reachtúil íseal de ghnáth i gcomparáid leis an bpá eile sa gheilleagar. In 2018 bhí naoi mBallstát nár leor an pá íosta reachtúil iontu mar ioncam chun go mbainfeadh saothraí singil ar phá íosta tairseach riosca na bochtaineachta amach.

(14)

Ní dhéantar gach oibreoir san Aontas a chosaint go héifeachtach trí phá íosta, mar i roinnt Ballstát faigheann roinnt oibrithe, cé go gcumhdaítear iad, luach saothair atá níos ísle i ndáiríre ná an pá íosta reachtúil de bharr neamhchomhlíonadh na rialacha atá ann cheana. Tá tionchar ag neamhchomhlíonadh den sórt sin, go háirithe, ar mhná, ar oibrithe óga, ar oibrithe ar bheagán oiliúna, ar oibrithe imirceacha, ar thuismitheoirí aonair, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar oibrithe a bhfuil cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta acu amhail oibrithe sealadacha agus oibrithe páirtaimseartha, agus ar oibrithe talmhaíochta agus oibrithe fáilteachais, rud a chuireann laghdú ar phá dá dheasca. Sna Ballstáit ina ndéantar foráil maidir le cosaint pá íosta i gcomhaontuithe comhchoiteanna amháin, meastar gur idir 2 % agus 55 % de na hoibrithe uile é sciar na n-oibrithe nach gcumhdaítear.

(15)

Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ceanglaítear go bhfaigheadh oibrithe faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd atá i bhfostaíocht dhídeanach, luach saothair comhionann as obair ar comhionann a luach. Tá an prionsabal sin ábhartha maidir le cosaint pá íosta freisin.

(16)

Cé go gcuidíonn cómhargáil láidir, go háirithe ar leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal trastionscail, le cosaint pá íosta leordhóthanaigh a áirithiú, tá laghdú ag teacht ar struchtúir thraidisiúnta chómhargála le 20 nó 30 bliain anuas de bharr, inter alia, athruithe struchtúracha sa gheilleagar i dtreo earnálacha inar lú an t-eagar ceardchumainn agus laghdú ar bhallraíocht i gceardchumainn, atá mar iarmhairt go háirithe ar chleachtais chun deireadh a chur le ceardchumainn agus ar an méadú ar chineálacha oibre forbhásacha agus neamhchaighdeánacha. Ina theannta sin, cuireadh an chómhargáil ar leibhéal earnála agus trastionscail faoi bhrú i roinnt Ballstát tar éis ghéarchéim airgeadais 2008. Mar sin féin, is gné ríthábhachtach í an chómhargáil earnála agus trastionscail chun cosaint pá íosta leordhóthanaigh a bhaint amach agus is gá, dá bhrí sin, í a chur chun cinn agus a neartú.

(17)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair i bpróiseas dhá chéim maidir le gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cosaint pá íosta leordhóthanaigh san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú, chun dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú, go háirithe leordhóthanacht pá íosta, agus torthaí chomhairliúchán na gcomhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh.

(18)

D’fhonn dálaí maireachtála agus oibre mar aon le cóineasú sóisialta aníos san Aontas a fheabhsú, bunaítear leis an Treoir seo ceanglais íosta ar leibhéal an Aontais agus leagtar amach oibleagáidí nós imeachta maidir le leordhóthanacht pá íosta reachtúil, agus cuirtear le rochtain éifeachtach oibrithe ar chosaint pá íosta, i bhfoirm pá íosta reachtúil i gcás inarb ann dó, nó dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna mar a shainmhínítear chun críocha na Treorach seo. Déantar cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn sa Treoir seo freisin.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 153(5) CFAE, níl sé d’aidhm ag an Treoir seo leibhéal an phá íosta ar fud an Aontais a chomhchuibhiú ná níl sé d’aidhm aici sásra aonfhoirmeach maidir le socrú pá íosta a bhunú. Ní chuireann sé isteach ar shaoirse na mBallstát pá íosta reachtúil a shocrú ná rochtain ar chosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, i gcomhréir leis an dlí agus cleachtas náisiúnta agus le sainiúlachtaí gach Ballstáit agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta agus do cheart na gcomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe a thabhairt i gcrích. Maidir leis na Ballstáit ina n-áirithítear foirmiú pá go heisiach trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna, ní fhorchuirtear oibleagáid orthu leis an Treoir seo pá íosta reachtúil a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a dhearbhú a bheith infheidhme go huilíoch, agus níor cheart í a fhorléiriú mar sin. Thairis sin, ní bhunaítear leis an Treoir seo leibhéal an phá, a thagann faoi cheart na gcomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe a thabhairt i gcrích ar an leibhéal náisiúnta agus faoi inniúlacht ábhartha na mBallstát.

(20)

Cuirtear san áireamh sa Treoir seo, i gcomhréir le Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí EIS (2006) (6), arna leasú, go bhfuil na Ballstáit a dhaingnigh an Coinbhinsiún sin, tar éis dóibh dul i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha longúinéirí agus maraithe, le nósanna imeachta a bhunú chun pá íosta do mharaithe a chinneadh. Tá eagraíochtaí ionadaíocha longúinéirí agus maraithe le páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta sin. I bhfianaise a gcineáil shonraigh, níor cheart gníomhartha na mBallstát a eascraíonn as na nósanna imeachta sin a bheith faoi réir na rialacha maidir le pá íosta reachtúil a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir seo. Níor cheart do ghníomhartha den sórt sin cur isteach ar chómhargáil shaor idir longúinéirí nó a n-eagraíochtaí agus eagraíochtaí maraithe.

(21)

Agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) á chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hoibrithe ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear sa dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus na critéir arna mbunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) maidir le stádas oibrí a chinneadh á gcur san áireamh. Maidir le hoibrithe san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon, chomh maith le hoibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe, printísigh agus oibrithe neamhchaighdeánacha eile, chomh maith le hoibrithe féinfhostaithe bréagacha agus oibrithe neamhdhearbhaithe, d’fhéadfaidís, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Daoine ar fíor go bhfuil siad féinfhostaithe, ní thagann siad faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo ós rud é nach gcomhlíonann siad na critéir sin. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í drochúsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhíonn baint ag obair neamhdhearbhaithe léi. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint. Ba cheart go dtiocfadh na daoine sin faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh.

(22)

Is modh tábhachtach í an chómhargáil dhea-fheidhmiúil maidir le socrú pá chun a áirithiú go gcosnaítear oibrithe le pá íosta leordhóthanach, a fhágann, dá bhrí sin, gur féidir leo caighdeán cuibhiúil maireachtála a bheith acu. Sna Ballstát ina bhfuil pá íosta reachtúil, tacaíonn an chómhargáil le forbairtí ginearálta pá agus mar sin cuidíonn sí le leordhóthanacht an phá íosta, agus le dálaí maireachtála agus oibre, a fheabhsú. Sna Ballstáit ina soláthraítear cosaint pá íosta tríd an gcómhargáil amháin, is le feidhmiú an chórais cómhargála agus an chumhdaigh cómhargála go díreach a chinntear a leibhéal agus sciar na n-oibrithe a chosnaítear. Is le cómhargáil láidir dhea-fheidhmiúil in éineacht le cumhdach ard ar chomhaontuithe comhchoiteanna earnála nó trastionscail a neartaítear leordhóthanacht agus cumhdach an phá íosta.

(23)

Téann cosaint pá íosta trí chomhaontuithe comhchoiteanna chun tairbhe d’oibrithe, d’fhostóirí agus do ghnólachtaí chomh maith. Ní ann do phá íosta reachtúil i roinnt Ballstát. Sna Ballstáit sin, déantar foráil maidir le pá, lena n-áirítear cosaint pá íosta, go heisiach trí chómhargáil idir na comhpháirtithe sóisialta. Tá an meánphá sna Ballstáit sin i measc an mheánphá is airde san Aontas. Is saintréith de na córais sin cumhdach cómhargála an-ard chomh maith le leibhéil arda chleamhnachta leis na cumainn agus ceardchumainn fostóirí araon. Maidir le pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontú comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch gan aon rogha a bheith ag an údarás dearbhaithe maidir le hinneachar na bhforálacha is infheidhme, níor cheart a mheas gur pá íosta reachtúil é.

(24)

I gcomhthéacs lagú ar chumhdach cómhargála, tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit an chómhargáil chun cinn agus, go n-éascóidís feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfidís feabhas ar an socrú pá dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna chun cosaint pá íosta oibrithe a fheabhsú. Tá Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiún Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949) daingnithe ag na Ballstáit. Aithnítear an ceart chun cómhargála faoi na Coinbhinsiúin EIS sin, faoi Choinbhinsiún Uimh. 151 EIS 1978 maidir le Caidreamh Oibreachais (Seirbhísí Poiblí) (1978), agus Coinbhinsiún Uimh. 154 EIS maidir le Cómhargáil (1981), agus faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus faoi CSE freisin. Le hAirteagail 12 agus 28 den Chairt, ráthaítear saoirse comhthionóil agus comhlachais agus an ceart chun cómhargála agus chun caingne, faoi seach. De réir an bhrollaigh, athdhearbhaítear na cearta sin sa Chairt toisc go n-eascraíonn siad, go háirithe, as an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus as na Cairteacha Sóisialta arna nglacadh ag an Aontas agus ag An Chomhairle Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí agus cleachtas náisiúnta, bearta a dhéanamh chun cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn. D’fhéadfadh bearta chun rochtain ionadaithe ceardchumann ar oibrithe a éascú a bheith san áireamh sna bearta sin, i measc nithe eile.

(25)

Is gnách gur sciar beag oibrithe ar phá íseal agus pá íosta ard a bhíonn ag na Ballstáit a bhfuil cumhdach cómhargála ard acu. Ráta cumhdaigh cómhargála os cionn 80 % atá ag na Ballstáit ina bhfuil sciar íseal oibrithe ar phá íseal. Ar an gcaoi chéanna, tá cumhdach cómhargála os cionn 80 % ag formhór na mBallstát a bhfuil leibhéil arda pá íosta acu i gcoibhneas leis an meánphá. Dá bhrí sin, ba cheart do gach Ballstát ag a bhfuil ráta cumhdaigh cómhargála faoi bhun 80 % bearta a ghlacadh d’fhonn cómhargáil den sórt sin a fheabhsú. Ba cheart do gach Ballstát a bhfuil cumhdach cómhargála faoi bhun tairseach 80 % acu creat a sholáthar lena gcumasófar coinníollacha don chómhargáil, agus plean gníomhaíochta a bhunú chun cómhargáil a chur chun cinn ionas go méadófar an ráta cumhdaigh cómhargála de réir a chéile. Chun neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú, lena n-áirítear a gceart chun cómhargála agus lena n-eisiatar aon oibleagáid comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, níor cheart an tairseach 80 % de chumhdach cómhargála a fhorléiriú ach mar tháscaire lena spreagtar an oibleagáid plean gníomhaíochta a bhunú.

Ba cheart an plean gníomhaíochta a athbhreithniú ar bhonn rialta, gach 5 bliana ar a laghad, agus, más gá, ba cheart é a athcheartú. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoin bplean gníomhaíochta agus faoi aon nuashonrú air agus ba cheart é a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart do gach Ballstát a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le foirm iomchuí a phlean gníomhaíochta. D’fhéadfaí a mheas gur plean gníomhaíochta faoin Treoir seo atá i bplean gníomhaíochta arna ghlacadh ag Ballstát roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí ann chun cómhargáil a chur chun cinn go héifeachtach agus go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Treoir seo leis. Ba cheart do gach Ballstát plean gníomhaíochta den sórt sin a bhunú tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, nó, tar éis iarraidh chomhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta, mar a chomhaontaigh siad eatarthu féin. Tá éagsúlacht shuntasach idir rátaí cumhdaigh cómhargála na mBallstát mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear an traidisiún agus an cleachtas náisiúnta chomh maith leis an gcomhthéacs stairiúil. Ba cheart é sin a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar an dul chun cinn i dtreo cumhdach cómhargála níos airde, go háirithe maidir leis an bplean gníomhaíochta dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(26)

Is gá rialacha fónta, nósanna imeachta agus cleachtais éifeachtacha maidir le pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú chun pá íosta leordhóthanach a sholáthar, agus poist atá ann cheana á gcosaint agus deiseanna nua fostaíochta á gcruthú, agus cothroime iomaíochta agus iomaíochas gnóthas á gcosaint, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna). Áirítear ar na rialacha, na nósanna imeachta agus na cleachtais sin roinnt gnéithe chun rannchuidiú le leordhóthanacht an phá íosta reachtúil, lena n-áirítear critéir chun treoir a thabhairt do na Ballstáit agus pá íosta reachtúil á shocrú agus á nuashonrú acu agus táscairí chun measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanacht, nuashonruithe rialta tráthúla, comhlachtaí comhairleacha a bheith ann agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta. Is gné eile den dea-rialachas í rannpháirtíocht thráthúil éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta a fhágann go mbíonn próiseas cinnteoireachta eolach cuimsitheach ann, agus pá íosta reachtúil á shocrú agus á nuashonrú agus nuair a bhíonn foirmlí innéacsúcháin uathoibríocha á mbunú nó á modhnú, i gcás inarb ann dóibh. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar do na chomhpháirtithe sóisialta maidir le socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil. Trí dheis a thabhairt do na chomhpháirtithe sóisialta tuairimí a chur ar fáil, agus freagairt réasúnaithe a fháil ar thuairimí arna gcur in iúl roimh thíolacadh tograí, maidir le socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil agus sula ndéanfar aon chinntí, d’fhéadfaí rannchuidiú le rannpháirtíocht chuí na gcomhpháirtithe sóisialta sa phróiseas sin.

(27)

Maidir le Ballstáit a úsáideann sásra innéacsaithe uathoibríoch, lena n-áirítear sásraí leath-uathoibríocha ina ráthaítear ar a laghad méadú éigeantach fíorbheag ar phá íosta reachtúil, ba cheart dóibh na nósanna imeachta a dhéanamh chun an pá íosta reachtúil a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ar a laghad. Ba cheart meastóireacht ar an bpá íosta a bheith i gceist leis na nuashonruithe rialta sin, agus na treoirchritéir á gcur san áireamh, agus an méid a mhodhnú ina dhiaidh sin, más gá. D’fhéadfadh sé go mbeadh difear idir minicíocht choigeartuithe an innéacsaithe uathoibríoch, ar thaobh amháin, agus na nuashonruithe ar an bpá íosta reachtúil ar an taobh eile. I gcás nach ann do shásraí innéacsaithe uathoibríocha nó leath-uathoibríocha, ba cheart do na Ballstáit sin a bpá íosta reachtúil a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad.

(28)

Meastar gur leordhóthanach é an pá íosta más rud é go bhfuil sé cóir i ndáil le dáileadh pá sa Bhallstát ábhartha agus má sholáthraíonn sé caighdeán cuibhiúil maireachtála d’oibrithe bunaithe ar chaidreamh fostaíochta lánaimseartha. Déanann gach Ballstát leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a chinneadh agus a mheasúnú i bhfianaise a dhálaí socheacnamaíocha náisiúnta, lena n-áirítear fás fostaíochta, iomaíochas agus forbairtí réigiúnacha agus earnála. Chun críoch an chinnidh sin, ba cheart do na Ballstáit an chumhacht cheannaigh agus na leibhéil agus forbairtí fadtéarmacha táirgiúlachta náisiúnta a chur san áireamh, mar aon le leibhéil an phá, dáileadh pá agus fás pá.

I measc ionstraimí eile, d’fhéadfadh bascaed earraí agus seirbhísí ar fhíorphraghsanna arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta a bheith lárnach chun an costas maireachtála a chinneadh, agus é mar aidhm leis caighdeán cuibhiúil maireachtála a bhaint amach. Chomh maith le riachtanais ábhartha amhail bia, éadaí agus tithíocht, d’fhéadfaí an gá atá le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúrtha, oideachais agus sóisialta a chur san áireamh freisin. Is iomchuí breithniú ar leithligh a dhéanamh ar shocrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil ó shásraí tacaíochta ioncaim. Ba cheart do na Ballstáit táscairí agus luachanna tagartha gaolmhara a úsáid chun a measúnú ar leordhóthanacht pá íosta reachtúil a threorú. D’fhéadfadh na Ballstáit rogha a dhéanamh as measc táscairí a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta agus/nó táscairí a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh an measúnú a bheith bunaithe ar luachanna tagartha a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail an cóimheas idir an t-ollphá íosta agus 60 % den ollphá airmheánach agus an cóimheas idir an t-ollphá íosta agus 50 % den mheán-ollphá, ar luachanna iad sin nach bhfuil á gcomhlíonadh ag na Ballstáit uile faoi láthair, nó an cóimheas idir an glanphá íosta agus 50 % nó 60 % den mheán-ghlanphá íosta. D’fhéadfadh an measúnú a bheith bunaithe freisin ar luachanna tagartha a bhaineann le táscairí a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta, amhail comparáid idir an glanphá íosta agus tairseach na bochtaineachta agus cumhacht cheannaigh an phá íosta.

(29)

Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát an pá íosta reachtúil a shocrú agus athruithe agus asbhaintí a chur san áireamh, tá sé tábhachtach úsáid fhorleathan éagsúlachtaí agus asbhaintí a sheachaint, toisc go bhfuil an baol ann go mbeadh tionchar diúltach acu ar leordhóthanacht an phá íosta. Ba cheart a áirithiú, le hathruithe agus asbhaintí, go n-urramaítear prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. Dá bhrí sin, ba cheart aidhm dhlisteanach a shaothrú le hathruithe agus asbhaintí. Samplaí d’asbhaintí dá leithéid a d’fhéadfaí a lua is ea í méideanna iomarcacha arna n-íoc nó asbhaintí arna n-ordú ag údarás breithiúnach nó riaracháin a aisghabháil. Bíonn ardriosca ann gur díréireach a bheidh asbhaintí eile, amhail na hasbhaintí sin a bhaineann leis an trealamh is gá chun post a dhéanamh nó asbhaintí as liúntais chomhchineáil, amhail lóistín. Thairis sin, níor cheart aon ní sa Treoir seo a fhorléiriú mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit aon athruithe ar phá íosta nó asbhaintí uaidh a thabhairt isteach.

(30)

Is gá córas forfheidhmithe éifeachtach a bheith ann, lena n-áirítear faireachán iontaofa, rialuithe agus cigireachtaí allamuigh, chun feidhmiú creataí náisiúnta pá íosta reachtúil agus a gcomhlíonadh a áirithiú. Chun éifeachtúlacht údarás forfheidhmithe a neartú, is gá dlúthchomhar a bheith ann leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ríthábhachtacha amhail iad sin a bhaineann le fochonraitheoireacht mhí-úsáideach, féinfhostaíocht bhréagachnó, ragobair gan taifead nó rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le méadú ar dhéine oibre. Ba cheart cumas údarás forfheidhmithe a fhorbairt freisin, go háirithe trí oiliúint agus treoir. Modhanna tábhachtacha lena n-áitítear ar fhostóirí gan sáruithe a fheidhmiú atá i ngnáthchuairteanna agus cuairteanna gan réamhfhógra, imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin agus pionóis i gcás sáruithe.

(31)

Tá cur chun feidhme éifeachtach chosaint an phá íosta a leagtar amach le forálacha dlíthiúla nó dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna riachtanach agus soláthar poiblí agus conarthaí lamháltais á mbronnadh agus á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh neamh-urramú na gcomhaontuithe comhchoiteanna ina ndéantar foráil maidir le cosaint pá íosta tarlú agus na conarthaí sin á gcur i gcrích nó sa slabhra fochonraitheoireachta ina dhiaidh sin, rud a d’fhágfadh go n-íocfaí níos lú ná an leibhéal pá a aontaítear sna comhaontuithe comhchoiteanna earnála le hoibrithe. Chun cásanna den sórt sin a chosc, i gcomhréir le hAirteagail 30(3) agus 42(1) de Threoir 2014/23/AE (8), Airteagail 18(2) agus 71(1) de Threoir 2014/24/AE (9) agus le hAirteagail 36(2) agus 88(1) de Threoir 2014/25/AE (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha an tsoláthair phoiblí le bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an fhéidearthacht coinníollacha feidhmíochta conartha a thabhairt isteach, agus a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha an pá dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna don earnáil agus limistéar geografach ábhartha i bhfeidhm maidir lena n-oibrithe agus go n-urramóidh siad cearta oibrithe agus ceardchumann a eascraíonn as Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiún Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949), dá dtagraítear sna Treoracha sin, chun cloí leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimse dhlí an tsaothair. Mar sin féin, ní chruthaítear aon oibleagáid bhreise leis an Treoir seo i ndáil leis na Treoracha sin.

(32)

I gcás iarratasóirí ar thacaíocht airgeadais ó chistí agus cláir de chuid an Aontais, faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na coinníollacha cumasúcháin atá ann, ba cheart na rialacha maidir le soláthar poiblí agus lamháltais a chur i bhfeidhm go leordhóthanach, lena n-áirítear maidir le forálacha comhaontuithe comhchoiteanna a chomhlíonadh.

(33)

Tá faireachán iontaofa agus bailiú sonraí riachtanach le haghaidh cosaint pá íosta éifeachtach. Chun críoch bailithe sonraí, féadfaidh na Ballstáit brath ar shuirbhéanna samplacha atá ionadaíoch go leor, ar bhunachair sonraí náisiúnta, ar shonraí comhchuibhithe ó Eurostat agus ar fhoinsí eile atá inrochtana go poiblí amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. I gcásanna eisceachtúla nach bhfuil sonraí cruinne ar fáil, d’fhéadfadh na Ballstáit meastacháin a úsáid. Níor cheart ualach riaracháin neamhriachtanach a bheith ar fhostóirí, go háirithe micrifhiontair agus FBManna eile, maidir le cur chun feidhme ceanglas maidir le bailiú sonraí. Ba cheart don Choimisiún a anailís ar leibhéil agus forbairtí leordhóthanacht agus chumhdach an phá íosta reachtúil chomh maith leis an gcumhdach cómhargála, ar bhonn sonraí agus faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain.

Chomh maith leis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn phróiseas comhordaithe an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta ar leibhéal an Aontais. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún a iarraidh ar an gCoiste Fostaíochta agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagail 150 agus 160 CFAE faoi seach, scrúdú a dhéanamh, ina réimse inniúlachta faoi seach, ar fhorbairt an chumhdaigh cómhargála agus ar leordhóthanacht an phá íosta reachtúil sna Ballstáit ar bhonn na tuarascála a chuireann an Coimisiún ar fáil agus ar bhonn uirlisí faireachais iltaobhaigh eile amhail tagarmharcáil. Le linn scrúdaithe den sórt sin, tá na Coistí le rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta trasearnálacha, i gcomhréir le hAirteagail 150 agus 160 CFAE faoi seach.

(34)

Ba cheart rochtain éasca a bheith ag oibrithe ar fhaisnéis chuimsitheach maidir le pá íosta reachtúil agus ar chosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú maidir lena ndálaí oibre, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(35)

Ba cheart oibrithe agus ionadaithe oibrithe, lena n-áirítear iad siúd ar comhaltaí nó ionadaithe ceardchumainn iad, a bheith in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú i gcás ina bhforáiltear dá gcearta a bhaineann le cosaint pá íosta sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus ina ndearnadh iad a shárú. Chun nach mbainfear a gcearta, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, d’oibrithe, agus gan dochar do mhodhanna sásaimh agus réitithe díospóidí dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna, lena n-áirítear córais um réiteach comhchoiteann díospóidí, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar réiteach díospóidí éifeachtach, tráthúil agus neamhchlaonta agus ar cheart chun sásaimh, agus ar chosaint éifeachtach bhreithiúnach agus/nó riaracháin ar dhochar ar bith, má chinneann siad a gceart chun cosanta a fheidhmiú. Is féidir le rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta i bhforbairt bhreise sásraí neamhchlaonta um réiteach díospóidí sna Ballstáit a bheith tairbhiúil. Ba cheart oibrithe a chur ar an eolas maidir leis na sásraí sásaimh chun críche a gceart chun sásaimh a fheidhmiú.

(36)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh chun bonn a chur ar fáil d’athbhreithniú ar chur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo. Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe sin.

(37)

Cé gur céimeanna sa treo ceart iad na leasuithe agus na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun cosaint pá íosta leordhóthanaigh d’oibrithe a chur chun cinn, ní leasuithe ná bearta cuimsitheacha córasacha i gcónaí iad. Thairis sin, le gníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar leordhóthanacht agus cumhdach pá íosta, is féidir rannchuidiú le dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú tuilleadh agus le cúiseanna imní a mhaolú maidir le héifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhearta aonaracha Ballstát. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(38)

Leis an Treoir seo, leagtar síos oibleagáidí nós imeachta mar cheanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil náisiúnta atá ann cheana, mura rud é go dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun na cearta atá ann d’oibrithe san Aontas cheana a laghdú ná ní féidir é a bheith ina fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sna réimsí a chumhdaítear sa Treoir seo a laghdú, lena n-áirítear, go háirithe, i ndáil le pá íosta a ísliú nó a dhíothú.

(39)

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla neamhriachtanacha a fhorchur, go háirithe má chuirtear bac leo ar bhunú agus ar fhorbairt FBManna. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta trasuite ar FBManna chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú. Má fhaigheann na Ballstáit amach go ndéantar difear díréireach do FBManna leis na bearta trasuite, ba cheart dóibh féachaint le bearta a dhéanamh chun tacú le FBManna a struchtúir luacha saothair a choigeartú do na ceanglais nua.

(40)

Tá Rialacháin (AE) 2021/240 (13) agus (AE) 2021/1057 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar fáil do na Ballstáit chun gnéithe teicniúla na gcreataí pá íosta a fhorbairt nó a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht, faireachán agus bailiú sonraí, rochtain a leathnú, agus le forfheidhmiú agus fothú acmhainneachta ginearálta a bhaineann le cur chun feidhme na gcreataí sin. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1057, tá na Ballstáit le méid iomchuí a leithdháileadh ar fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   D’fhonn dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú, go háirithe leordhóthanacht an phá íosta d’oibrithe chun rannchuidiú le cóineasú sóisialta aníos agus chun comhionannas pá a laghdú, bunaítear creat leis an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

leordhóthanacht an phá íosta reachtúil agus é mar aidhm dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre a bhaint amach;

(b)

cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn;

(c)

feabhas a chur ar rochtain éifeachtach d’oibrithe ar chearta maidir le cosaint pá íosta i gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta agus/nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

2.   Beidh an Treoir gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán, agus dá gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích chomh maith.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 153(5) CFAE, beidh an Treoir seo gan dochar d’inniúlacht na mBallstát leibhéal an phá íosta a shocrú, agus chomh maith leis sin do rogha na mBallstát pá íosta reachtúil a shocrú, rochtain ar chosaint pá iosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, nó an dá rud a dhéanamh.

4.   Beidh cur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhréir iomlán leis an gceart chun cómhargála. Ní fhorléireofar aon ní sa Treoir seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ar aon Bhallstát:

(a)

ina n-áirithítear foirmiú pá go heisiach trí chomhaontuithe comhchoiteanna, chun pá íosta reachtúil a thabhairt isteach; nó

(b)

comhaontú comhchoiteann a dhearbhú infheidhme go huilíoch.

5.   Na gníomhartha lena ndéanann Ballstát na bearta a bhaineann le pá íosta maraithe, arna leagan síos go tréimhsiúil ag an gCoimisiún Comhpháirteach Muirí nó ag comhlacht eile arna údarú ag Comhlacht Rialaithe na hOifige Idirnáisiúnta Saothair, a chur chun feidhme, ní bheidh siad faoi réir Chaibidil II den Treoir seo. Beidh na gníomhartha sin gan dochar don cheart chun cómhargála agus don fhéidearthacht leibhéil pá íosta níos airde a ghlacadh.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hoibrithe san Aontas a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainítear de réir dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus aird á tabhairt ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “pá íosta” an luach saothair íosta arna shocrú leis an dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil sé de cheangal ar fhostóir, lena n-áirítear san earnáil phoiblí, é a íoc le hoibrithe don obair arna déanamh le linn tréimhse ar leith;

(2)

ciallaíonn “pá íosta reachtúil” pá íosta arna shocrú de réir an dlí, nó forálacha dlíthiúla ceangailteacha eile, cé is moite de phá íosta arna shocrú i gcomhaontuithe comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch gan aon lánrogha a bheith ag an údarás dearbhaithe maidir le hinneachar na bhforálacha is infheidhme;

(3)

ciallaíonn “cómhargáil” an chaibidlíocht uile a tharlaíonn de réir an dlí agus an chleachtais náisiúnta i ngach Ballstát idir fostóir, grúpa fostóirí nó eagraíocht fostóirí amháin nó níos mó, ar thaobh amháin, agus ceardchumann amháin nó níos mó, ar an taobh eile, chun dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta a chinneadh;

(4)

ciallaíonn “comhaontú comhchoiteann” comhaontú i scríbhinn maidir le forálacha ar dhálaí oibre agus téarmaí fostaíochta arna thabhairt i gcrích ag na comhpháirtithe sóisialta a bhfuil sé d’acmhainneacht acu margáil a dhéanamh thar ceann oibrithe agus fostóirí faoi seach de réir an dlí agus an cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch;

(5)

ciallaíonn “cumhdach cómhargála” an sciar oibrithe ar an leibhéal náisiúnta a bhfuil feidhm ag comhaontú comhchoiteann ina leith, arna ríomh mar chóimheas den líon oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe comhchoiteanna leis an líon oibrithe a bhféadfar a ndálaí oibre a rialú le comhaontuithe comhchoiteanna i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 4

Cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn

1.   Agus é d’aidhm acu an cumhdach cómhargála a mhéadú, agus chun feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá a éascú, déanfaidh na Ballstáit, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta, an méid seo a leanas:

(a)

forbairt agus neartú inniúlacht na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun cómhargála maidir le socrú pá, go háirithe ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal trastionscail, a chur chun cinn;

(b)

caibidlíocht chuiditheach, fhiúntach agus fheasach maidir le pá a spreagadh idir na comhpháirtithe sóisialta, ar bhonn cothrom, i gcás ina mbeidh rochtain ag an dá pháirtí ar fhaisnéis iomchuí d’fhonn a bhfeidhmeanna a chur i gcrích i ndáil le cómhargáil maidir le socrú pá;

(c)

bearta a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá a chosaint agus chun oibrithe agus ionadaithe ceardchumann a chosaint ar ghníomhartha lena ndéantar idirdhealú ina n-aghaidh maidir lena bhfostaíocht ar an bhforas go bhfuil siad rannpháirteach, nó gur mian leo a bheith rannpháirteach, i gcómhargáil maidir le socrú pá;

(d)

chun críche cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn, bearta a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí atá rannpháirteach nó ar mian leo a bheith rannpháirteach sa chómhargáil a chosaint ar aon ghníomhartha cur isteach ag a chéile nó ag gníomhairí nó comhaltaí a chéile ina mbunú, ina bhfeidhmiú nó ina riar.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh gach Ballstát inar lú an ráta cumhdaigh cómhargála ná tairseach 80 % foráil maidir le creat coinníollacha cumasúcháin maidir leis an gcómhargáil, le dlí – tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta – é sin nó le comhaontú leo. Bunóidh Ballstát den sórt sin plean gníomhaíochta freisin chun an chómhargáil a chur chun cinn. Bunóidh an Ballstát plean gníomhaíochta den sórt sin tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, nó, tar éis iarraidh chomhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta, mar a chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta. Leagfar amach sa phlean gníomhaíochta amlíne shoiléir agus bearta nithiúla chun ráta an chumhdaigh cómhargála a mhéadú de réir a chéile, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú go hiomlán. Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar a phlean gníomhaíochta go rialta, agus tabharfaidh sé é cothrom le dáta más gá. I gcás ina dtugann Ballstát a phlean gníomhaíochta cothrom le dáta, déanfaidh sé amhlaidh tar éis dó dul i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, nó, tar éis iarraidh chomhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta, mar a chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta. Ar aon chuma, déanfar athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta den sórt sin gach 5 bliana ar a laghad. Cuirfear an plean gníomhaíochta agus aon nuashonrú air ar fáil go poiblí agus tabharfar fógra don Choimisiún Eorpach ina leith.

CAIBIDIL II

AN PÁ ÍOSTA REACHTÚIL

Airteagal 5

Nós imeachta maidir le pá íosta reachtúil leordhóthanach a shocrú

1.   Na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu, déanfaidh siad na nósanna imeachta is gá a bhunú chun an pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú. Beidh socrú agus nuashonrú den sórt sin faoi threoir critéir arna leagan síos chun rannchuidiú lena leordhóthanacht, d’fhonn caighdeán cuibhiúil maireachtála a bhaint amach, bochtaineacht lucht oibre a laghdú, chomh maith le comhtháthú sóisialta agus cóineasú sóisialta aníos a chur chun cinn, agus an bhearna phá idir na hinscní a laghdú. Saineoidh na Ballstáit na critéir sin i gcomhréir lena gcleachtais náisiúnta sa dlí náisiúnta ábhartha, i gcinntí óna gcomhlachtaí inniúla nó i gcomhaontuithe tríthaobhacha. Déanfar na critéir a shainmhíniú ar bhealach soiléir. Féadfaidh na Ballstáit ualú coibhneasta na gcritéar sin a chinneadh, lena n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2, agus a ndálaí socheacnamaíocha náisiúnta á gcur san áireamh.

2.   Áireofar sna critéir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

cumhacht cheannaigh an phá íosta reachtúil, agus an costas maireachtála á chur san áireamh;

(b)

an leibhéal ginearálta pá agus an chaoi a ndáiltear é;

(c)

ráta fáis an phá;

(d)

leibhéil agus forbairtí fadtéarmacha táirgiúlachta náisiúnta.

3.   Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ina theannta sin, sásra uathoibríoch a úsáid chun coigeartuithe ar phá íosta reachtúil a innéacsú, bunaithe ar aon chritéir iomchuí agus i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, ar choinníoll nach n-eascróidh laghdú ar an bpá íosta reachtúil as cur i bhfeidhm an tsásra sin.

4.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as luachanna tagartha táscacha chun a measúnú ar leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a threorú. Chuige sin, féadfaidh siad úsáid a bhaint as luachanna tagartha táscacha a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail 60 % den ollphá airmheánach agus 50 % den mheán-ollphá, agus/nó luachanna tagartha táscacha a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonruithe rialta agus tráthúla ar phá íosta reachtúil gach 2 bhliain ar a laghad nó, i gcás na mBallstát sin a úsáideann sásra innéacsaithe uathoibríoch dá dtagraítear i mír 3, gach 4 bliana ar a laghad.

6.   Ainmneoidh nó bunóidh gach Ballstát comhlacht comhairleach amháin nó níos mó chun comhairle a chur ar na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bpá íosta reachtúil, agus cumasóidh sé feidhmiú oibríochtúil na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 6

Éagsúlachtaí agus asbhaintí

1.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rátaí éagsúla pá íosta reachtúil i gcás grúpaí sonracha oibrithe nó d’asbhaintí lena laghdaítear an luach saothair a íoctar le hoibrithe go dtí leibhéal níos ísle ná an pá íosta reachtúil ábhartha, áiritheoidh siad go n-urramóidh na héagsúlachtaí agus na hasbhaintí sin prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear aidhm dhlisteanach a shaothrú.

2.   Ní fhorléireofar aon ní sa Treoir seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit athruithe ar phá íosta reachtúil nó asbhaintí uaidh a thabhairt isteach.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ndáil le socrú agus nuashonrú an phá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i socrú agus nuashonrú an phá íosta reachtúil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach lena ndéantar foráil maidir lena rannpháirtíocht dheonach sna pléití i gcaitheamh an phróisis cinnteoireachta, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht sna comhlachtaí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

roghnú agus cur i bhfeidhm critéar chun leibhéal an phá íosta reachtúil a chinneadh, agus chun foirmle innéacsaithe uathoibríoch a bhunú agus chun í a mhodhnú i gcás inarb ann d’fhoirmle den sórt sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), (2) agus (3);

(b)

roghnú agus cur i bhfeidhm luachanna tagartha táscacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4) chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht pá íosta reachtúil;

(c)

na nuashonruithe ar an bpá íosta reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 5(5);

(d)

éagsúlachtaí agus asbhaintí maidir le pá íosta reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 6 a bhunú;

(e)

na cinntí maidir le sonraí a bhailiú agus staidéir agus anailís a dhéanamh araon chun faisnéis a chur ar fáil d’údaráis agus do pháirtithe ábhartha eile atá rannpháirteach i socrú pá íosta reachtúil.

Airteagal 8

Rochtain éifeachtach oibrithe ar phá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, na bearta seo a leanas chun rochtain éifeachtach oibrithe ar chosaint pá íosta reachtúil a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, forfheidhmiú na cosanta sin a neartú:

(a)

foráil a dhéanamh maidir le rialuithe agus cigireachtaí allamuigh éifeachtacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a dhéanfaidh na cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as pá íosta reachtúil a fhorfheidhmiú;

(b)

cumas údarás forfheidhmithe a fhorbairt, go háirithe trí oiliúint agus treoir, chun go ndíreofar go réamhghníomhach ar fhostóirí neamhchomhlíontacha agus go rachfar sa tóir orthu.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 9

Soláthar poiblí

I gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíochta agus a bhfochonraitheoirí na hoibleagáidí is infheidhme maidir le pá, an ceart eagrúcháin, agus cómhargáil maidir le socrú pá, i réimse dhlí an tsaothair arna bhunú le dlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó forálacha dlí idirnáisiúnta sóisialta agus saothair, lena n-áirítear Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiúin Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949), agus an soláthar poiblí nó conarthaí lamháltais á mbronnadh agus á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 10

Faireachán agus bailiú sonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh uirlisí éifeachtacha bailithe sonraí i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chosaint pá íosta.

2.   Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún gach dara bliain, roimh an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tuairiscithe:

(a)

ráta agus forbairt cumhdaigh cómhargála;

(b)

maidir leis an bpá iosta reachtúil:

(i)

an leibhéal pá íosta reachtúil agus an sciar oibrithe a chumhdaítear leis;

(ii)

tuairisc ar na hathruithe agus na hasbhaintí atá ann cheana agus na cúiseanna lena dtabhairt isteach agus ar an sciar d’oibrithe a chumhdaítear le hathruithe, a mhéid atá sonraí ar fáil;

(c)

maidir leis an gcosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna amháin:

(i)

na rátaí pá is ísle dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna lena gcumhdaítear saothraithe pá ísil nó meastachán orthu, mura bhfuil sonraí cruinne ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá freagrach, agus sciar na n-oibrithe a chumhdaítear leo nó meastachán orthu, mura bhfuil sonraí cruinne ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá freagrach;

(ii)

leibhéal an phá a íoctar le hoibrithe nach gcumhdaítear faoi chomhaontuithe comhchoiteanna agus an gaol atá aige le leibhéal an phá a íoctar le hoibrithe a chumhdaítear faoi chomhaontuithe comhchoiteanna.

Ceanglófar ar na Ballstáit atá faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) de a thuirisciú, ar a laghad, maidir le comhaontuithe comhchoiteanna earnálacha agus geografacha agus comhaontuithe comhchoiteanna ilfhostóirí eile, lena n-áirítear na comhaontuithe comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch.

Cuirfidh na Ballstáit na staitisticí agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil, agus iad imdhealaithe de réir inscne, aoise, míchumais, mhéid na cuideachta agus earnála, a mhéid is féidir.

Leis an gcéad tuarascáil cumhdófar 2021, 2022 agus 2023 agus déanfar í a sheachadadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2025. Féadfaidh na Ballstáit staitisticí agus faisnéis nach raibh ar fáil roimh an 15 Samhain 2024 a fhágáil ar lár.

3.   Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis arna dtarchur ag na Ballstáit sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus sna pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Tuairisceoidh sé ina leith sin gach dara bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus foilseoidh sé na sonraí agus an fhaisnéis arna dtarchur ag na Ballstáit ag an am céanna.

Airteagal 11

Faisnéis maidir le cosaint pá íosta

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis maidir le pá íosta reachtúil chomh maith le cosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch, lena n-áirítear faisnéis maidir le sásraí sásaimh, ar fáil go poiblí, i gcás inar gá sa teanga is ábhartha, arna cinneadh ag an mBallstát, ar bhealach cuimsitheach atá inrochtana go héasca, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 12

An ceart chun sásaimh agus cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do mhodhanna áirithe sásaimh agus do réiteach díospóidí dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna, go mbeidh rochtain ag oibrithe, lena n-áirítear na hoibrithe sin a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochta, ar réiteach díospóidí éifeachtach, tráthúil agus neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh, i gcás sáruithe ar chearta a bhaineann le pá íosta reachtúil nó a bhaineann le cosaint pá íosta, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cearta sin sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun oibrithe agus ionadaithe oibrithe, lena n-áirítear iad siúd ar ionadaithe nó comhaltaí de cheardchumainn iad, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanfaidh fostóir nó iarmhairtí díobhálacha a thiocfaidh as gearán a chuirfear faoi bhráid an fhostóra nó as aon imeachtaí a thionscnófar chun na cearta sin a fhorfheidhmiú i gcás sáruithe ar chearta a bhaineann le cosaint pá íosta, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cearta sin sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

Airteagal 13

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar chearta agus oibleagáidí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí sin sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna. Sna Ballstáit sin nach bhfuil pá íosta reachtúil acu, féadfaidh go mbeidh tagairt le fáil sna rialacha sin do chúiteamh agus/nó pionóis chonarthacha dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, i rialacha maidir le forfheidhmiú comhaontuithe comhchoiteanna. nó go mbeadh na rialacha teoranta do thagairt den chineál sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Faisnéis a scaipeadh

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis an ábhar mar a leagtar amach in Airteagal 1, a thabhairt ar aird d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena n-áirítear FBManna.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoin 15 Samhain 2029, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, meastóireacht ar an Treoir seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dhiaidh sin ina ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé leasuithe reachtacha.

Airteagal 16

Neamh-chúlchéimniú agus forálacha níos fabhraí

1.   Ní bheidh an Treoir seo ina foras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a sholáthraítear cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú, go háirithe maidir le pá íosta a ísliú nó a dhíothú.

2.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm. Ní fhorléireofar í mar ní lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit an pá íosta reachtúil a mhéadú.

3.   Tá an Treoir seo gan dochar d’aon chearta a thugtar d’oibrithe trí ghníomhartha eile dlí an Aontais.

Airteagal 17

Trasuí agus cur chun feidhme

1.   Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh faoin 15 Samhain 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí agus cleachtas náisiúnta, bearta leordhóthanacha chun rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú d’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme. Chuige sin, féadfaidh siad an cur chun feidhme sin a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear maidir le plean gníomhaíochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4(2), i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh. Agus é sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh i gcónaí.

4.   Áireofar sa teachtaireacht dá dtagraítear i mír 2 tuairisc ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme na Treorach seo.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Tuairim an 25 Márta 2021 (IO C 220, 9.6.2021, lch. 106).

(2)  Tuairim an 19 Márta 2021 (IO C 175, 7.5.2021, lch. 89).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)   IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(5)  Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lch. 22).

(6)  Cinneadh 2007/431/CE ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 lena n-údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 2006, a dhaingniú chun leas an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 161, 22.6.2007, lch. 63).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(8)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(10)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(12)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).


Top